Meitheal -Ceannairí Bliain 5/6

Meitheal -Ceannairí Bliain 5/6

A Chara,

Tá sé i gceist againn meitheal ceannairí a fhorbairt i measc na ndaltaí a bheidh sa 5/6ú bliain don scoilbhliain seo chugainn. Is éard a bheidh i gceist leis an meitheal seo ná grúpa daltaí sinsearacha a bheidh ar a gcumas acu tréithe ceannaireachta a léiriú ar bhonn leanúnach i dtimpeallacht na scoile - bíodh sin ag feidhmiú mar mheantóirí do na daltaí sa chéad bhliain, ag tacú le daltaí sóisearacha i gcoitinne, ag cuidiú le baill den fhoireann mhúinteoireachta, nó ag cabhrú ag ócáidí éagsúla ar nós an oíche oscailte, cruinnithe tuistí, oíche na mbronntaí, nó eile. Táimid ag súil go gcuirfeadh an ról seo le cumas ceannaireachta na ndaltaí sa scoil i gcoitinne, agus go dtreiseodh sé a dtréithe idirphearsanta, comhoibrithe agus cumarsáide.

Tá ríomhphost roinnte ag Oide Tiarnán le gach dalta sa 4/5ú bliain reatha ag lorg léirithe spéise uathu. Ar mhiste le dalta ar bith gur spéis leo a bheith páirteach sa mheitheal seo an ríomhphost a fhreagairt roimh Dé hAoine seo chugainn, 10ú Meitheamh.

Oide Tiarnán is recruiting for 'Ceannairí' a student leadership group from Bliain 5&6 next year. These students will work as mentors for our younger students, act as representatives or their own year groups and also help out at various school events. Being part of this group would be invaluable experience for any student and also they would be providing great support to the school. Oide Tiarnán has contacted each student who is going into 5th and 6th years next year already to explain this opportunity to them. They have until this Friday the 10th to express their interest in being a part of this leadership group.

Please discuss at home and encourage your son/daughter to get involved.

Go raibh maith agaibh.

Tony Ó Murchú

Príomhoide

Imeachtaí is déanaí
30-Bealt-2025 12:00
25/08/2025 15:45:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

26-Lún-2025 08:40
26/08/2025 12:55:00
Ionduchtú Bliain 1
Ionduchtú Bliain 1

26-Lún-2025 13:00
26/08/2025 14:30:00
Ionduchtú Bliain 6
Ionduchtú Bliain 6

Nuacht is Déanaí
10-Meith-2025
Eolas anseo mar gheall ar deireadh na bliana seo agus tús na bliana seo chugainn.
28-Bealt-2025
Sonraí anseo mar gheall ar sceideal na mbusanna le haghaidh na scrúduithe stáit.
23-Bealt-2025
Star Wars, Sing Street, Derry Girls
20-Bealt-2025
Eolas anseo faoi na scrúduithe atá ag teacht le haghaidh Bliain 1, Bliain 2 agus Bliain 5.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2025 Gaelcholáiste na Mara