Bord Bainistíochta / Board of Management

A Thuismitheoir dhíl,

Tá Bord Bainistíochta nua le tofa don tréimhse 2024-2029. Bíonn ionadaithe ó Phobal na dTuistí ar an mBord (fear amháin agus bean amháin)agus is cuireadh é seo do thuismitheoirí le spéis, ainmniúcháin a lorg don Bhord. Bíonn thart ar cúig chruinniú in aghaidh na scoilbliana. Tá sé riachtanach go mbeadh leibhéal láidir Gaeilge ag an ionadaí seo toisc go mbíonn gnó an Bhoird déanta trí mheán na Gaeilge. Tá an fhoirm ainmniúcháin faoin sliocht seo agus feicfidh tú go bhfuil spás le haghaidh ainmnitheoir agus moltar chun cuir leis an ainmniúcháin. Is é an spriocdháta don fhoirm seo ná Aoine an 30ú lá Lúnasa ag a 15.00. Fág an fhoirm líonta amach ina iomlán isteach go dtí oifig na scoile roimh an am sin le bhúr dtoil nó seol i ríomhphost é go dtí tonyomurchu@kwetb.ie . Má tharlaíonn sé go bhfuil níos mó ná bean amháin nó fear amháin ainmnithe, beidh toghchán againn go luath sa bhliain.

The school are electing a new Board of Management for the period 2024-2029. The Board will be seeking representatives from the Parent body(one male and one female) and this letter is an invitation for any parent who is interested and suitably qualified to seek nomination. There are generally five Board meetings spread across the schoolyear. It is a mandatory requirement that interested candidates have a strong level of Irish as all Board business is conducted through Irish. Below this information is the link to the nomination form, you will see that there is a space for a proposer and a seconder for anyone who is going to be put forward. Fully completed forms must be returned to the school office before Friday August the 30th at 15.00 or alternatively they can be emailed to tonyomurchu@kwetb.ie . If it transpires that more than one male and one female candidate are named, we will hold an election early in the school year.

Páipéar ainmniúcháin BB-tuistí 24-29

Tony Ó Murchú

Príomhoide&Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta.

Tá sainchúram soiléir ar bhord bainistíochta i scoil BOO (Bord Oideachais agus Oiliúna) an scoil sin a bhainistiú thar ceann an BOO de réir na reachtaíochta; ciorclán, treoirlínte agus nósanna imeachta ón Roinn Oideachais agus Scoileanna (an Roinn); agus aon bheartas nó straitéisí a d’fhéadfadh an BOO a leagan síos maidir le feidhmiú na scoileanna atá faoina chúram.Ról rialachais is ea an príomhról atá ag bord bainistíochta. Is éard atá i gceist leis an rialachas ná treoir agus maoirseacht a sholáthar do scoil agus a chinntiú, ag an am céanna, go dtacaítear le cearta gach aon duine i bpobal na scoile agus go bhfuil an scoil freagrach as a cuid oibre. Is féidir feidhmeanna boird a aicmiú faoi thrí cheannteideal éagsúla go príomha:

  • Ceapadh beartas agus pleanáil straitéiseach
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beartas, straitéisí agus pleananna
  • Tacú leis an bpríomhoide agus le foireann na scoile

Imeachtaí is déanaí
24-D.Fómh-2024 08:50
24/10/2024 15:45:00
Oíche Oscailte 2024
Oíche Oscailte 2024

28-D.Fómh-2024 08:50
01/11/2024 15:45:00
Sos lár téarma
Sos lár téarma

14-Samh-2024 08:50
14/11/2024 15:45:00
Lá SSN(JCT day-students not in school)
Lá SSN(JCT day-students not in school)

Nuacht is Déanaí
17-Meith-2024
Eolas anseo faoi dheireadh na bliana seo agus tús na bliana seo chugainn. Information here relating to the end of this year and the start of next year.
04-Meith-2024
Sonraí faoin mbus le haghaidh na scrúduithe stát.
31-Bealt-2024
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
29-Bealt-2024
'The Field' by John B. Keane
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Gaelcholáiste na Mara