Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Turas go dtí Kolkata san India

Beidh grúpa ó Ghaelcholáiste na Mara ag taisteal go dtí Kolkata san India leis an Hope Foundation ag deireadh na míosa seo.
01-Deireadh Fómhair-18
Turas go dtí Kolkata san India

Le bliain anuas tá grúpa daltaí ag bailiú airgid ar son catharach Éireannach dár ainm an Hope Foundation. Is catharnach í seo a oibríonn le páistí gan dídean ar sráideanna Kolkata san India. Soláthraíonn an Hope Foundation dídean, bia, oideachas, leigheas, agus scileanna do ná mílte páistí gach bliain.

Bhailigh daltaí GCM os cionn €19,000 thar 12 mhí trí bhailiúcháin agus ócáidí éagsúla a eagrú. Bhailigh said airgead lasmuigh de Pettitts agus sa Bridgewater, dhíol siad na mílte barraí seacláide, líon siad málaí in ollmhargadh Dunnes. D’eagraigh siad maidin caifé agusLá Hó-Hó-Hope sa scoil. D’eagraigh siad agus ghlac siad páirt i léimt bhuinsí agus d’eagraigh siad ollchranchur sa scoil.

Beidh seisiúr daltaí ó bhliain a cúig in éineacht le hOide Aaron agus Fiona ag taisteal go dtí Kolkata san India ar an 26ú Deireadh Fómhair ar feadh ocht lá chun a bheidh páirteach sa dea-obair atá ar siúl ag an Hope Foundaion ann.

Tá muid fíor-bhuíoch as pobal na scoile agus as pobal an Inbhir Mhóir don tacaíocht ar fad a thug siad dúinn le bliain anuas.

Breis eolais faoin Hope Foundation ag www.hopefoundation.ie

Imeachtaí is déanaí
07-Noll-2023 15:45
07/12/2023 15:45:00
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 6
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 6

12-Noll-2023 08:50
12/12/2023 15:45:00
Lá SSN(JCT day-students not in school)
Lá SSN(JCT day-students not in school)

25-Noll-2023 08:50
05/01/2024 15:45:00
Saoire na Nollag
Saoire na Nollag

Nuacht is Déanaí
29-Samh-2023
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
21-Samh-2023
Eolas anseo faoi scrúduithe na Nollag Bliain 1/2&5.
27-D.Fómh-2023
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
26-D.Fómh-2023
Eolas anseo faoin bpróiséas Iontrála don scoilbhliain 24/25- Information here regarding our Admissions process for the school year 24/25.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2023 Gaelcholáiste na Mara