Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Turas chuig Kolkata 2018

Thaisteal seisear daltaí in éineacht le hOide Aaron agus Fiona go dtí Calcúta i rith an briseadh meán téarma. Thar seacht lá i gCalcúta thugamar cuairt ar thograí atá á reáchtáil ag an Hope Foundation.
02-Nollaig-18
Turas chuig Kolkata 2018

I mí Meán Fómhair 2017 thug seisear dalta faoi dhúshlán ollmhór, chun suim mhór airgid a bhailiú do charthanas a chabhraíonn le páistí sráide i gCalcúta san India. Bhain siad amach an sprioc sin le €20,000 bailithe faoi mhí Deireadh Fómhair 2018 agus thaisteal siad go dtí Calcúta leis an Hope Foundation chun a bheith mar finné ar an deá-obair atá ar súil ag an carthanas sin.

Bhailigh daltaí GCM os cionn €20,000 thar 12 mhí trí bhailiúcháin agus ócáidí éagsúla a eagrú. Bhailigh siad airgead lasmuigh de Pettitts agus sa Bridgewater, dhíol siad na mílte barraí seacláide, líon siad málaí in ollmhargadh Dunnes. D’eagraigh siad maidin caifé agus Lá Hó-Hó-Hope sa scoil. D’eagraigh siad agus ghlac siad páirt i léimt bhuinsí agus d’eagraigh siad ollchranchur sa scoil.

“Bhí an deis chun dul go dtí Kolkata dochreidte. Is uafásach an bhochtaineacht agus an easpa riachtanais bhunúsacha atá le feiceáil ann. Ach, idir na tithe cosanta, an t-aonad géarchéime, an dumpa, agus na slumaí, bhí sonas soiléir i ngach uile leanbh. Tá sé deacair an tionchar a bhí ag an taithí seo orm a chur i bhfocail ach caitheann sé solas ar an difríocht a déanann gach Euro” - Emma Ní Chéirín

Thaisteal na daltaí in éineacht le hOide Aaron agus Fiona go dtí Calcúta i rith an briseadh meán téarma. Thar seacht lá i gCalcúta thugamar cuairt ar thograí atá á reáchtáil ag an Hope Foundation chomh maith le blaiseadh de ghníomhaíochtaí turasóireachta agus cultúrtha.

Ar ár chéad lá i gCalcúta thugamar cuairt ar theach tearmainn do chailíní. Is teach é seo ina bhfuil cailíní faoi 14 bliain d’aois a bhí teasairgthe ó sráideanna agus slumaí na cathrach. Tugtar aire mhaith do na cailíní ansin, ag cinntiú go bhfuil siad ag freastail ar scoil, ag fáil cothú maith, agus ag rannpháirteach i gníomhaíochtaí eile, ina measc spórt agus damhsa. Thug na cailíní taispeántas ar dhamhsa agus amhránaíocht Indiach dúinn agus rinne daltaí GCM damhsa Gaelach dóibh.

zaUDIu0MSR2MZM8k95ncXg.jpg

Thugamar cuairt ar naíolann agus scoil i laithreán líonta talún i Bhagar. Tá os cionn 80 páistí atá ina chónaí ar an laithreán líonta talún ag freastal ar naíolann Hope. Tá roinnt mhaith de na páistí seo an chéad duine sa teaghlach chun freastail ar oideachas foirmiúil. Gan an naíolann seo bheadh na páistí seo ag piocadh ceirte lena tuismitheoirí. Chaith daltaí GCM am leis na páistí ag canadh amhráin agus ag imirt cluichí i mBéarla leo.

Tacaíonn clár urraíochta atá ag an Hope Foundation le páistí atá ina chonaí timpeall an laithreán líonta talún chun dul ar scoil agus tugann oibrithe sóisialta tacaíocht do theaghlaigh chun tabhacht an oideachais a chur ina luí orthu.

Thugamar cuairt ar Ospidéal Hope agus thug daltaí GCM cuairt ar na hothar ar fad idir leanaí óga agus seandaoine. Cuireann an ospidéal seirbhisí sláinte ar fáil do dhaoine gan dídean nach bhfuil an chóras poiblí ar fáil dóibh. Tá dhá otharcharr acu chun freastail ar riachtanais daoine sa slumaí agus ar taobh an bhóthair.

Chaitheamar am i Lifeskills, ionad atá ag Hope chun scileanna gairmiúla a forbairt i ndaoine óga. Múintear scileanna ríomhaireachta, fualadh, agus cócaireacht chun daoine óga a ullmhú don áit oibre agus chun iad a dhéanamh féintuilleamaíoch.

“Chuamar chuig na tionscnamh difriúla a bhfuil déanta ag an Hope Foundation ar nós, an ospidéal, tithe tearmann, agus scileanna saol. Bhí na páistí go léir dochreidthe. Bhí siad comh sásta agus fuinniúil in ainneoin an saol deacair atá acu. Tá mé comh sásta go raibh an seans agam airgead a bhailiú don Hope Foundation” - Muireann Ní Chonchubhair

Bhí sé soiléir dúinn an difríocht ollmhór a dhéanann an carthanas seo i saol na daoine i gCalcúta agus bhí na páistí a bhuaileamar leo sásta agus gealgháireach.

De bharr an turas seo tá tuiscint níos leithne againn ar mana Ghaelcholáiste na Mara - “ar scáth a chéile a mhairimid”. Tá daoine ar fud an domhain idirspleách ar a chéile agus tá dualgas orainn ar fad aire agus tacaíocht a thabhairt dá chéile. Ba mhaith liom fíor-bhuíochas a ghabháil le gach duine a thacaí linn agus muid ag bailiú airgid le bliain anuas.

Breis eolais ar www.hopefoundation.ie

Imeachtaí is déanaí
13-Noll-2018 09:00
13/12/2018 15:00:00
Cluiche sacar faoi 17 - buachaillí
Cluiche sacar faoi 17 - buachaillí

14-Noll-2018 09:00
14/12/2018 15:00:00
Cluiche sacar buachaillí Bl1
Cluiche sacar buachaillí Bl1

19-Noll-2018 09:00
19/12/2018 15:00:00
Leiriú na Nollag IB
Leiriú na Nollag IB

Nuacht is Déanaí
30-Samh-2018
Bhí fóirne CLG an choláiste i mbun imeartha inné.
22-Samh-2018
Lá gnóthach don sport.
20-Samh-2018
Tá Ceolchoirm na Nollag eagraithe ag an scoil don Déardaoin 6/12 ag a 19.00 san Arklow Bay.
19-Samh-2018
Ardmholadh ag dul go cailíní na hIdirbliana a chabhraigh go deonach leis an gcoincheap seo.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2018 Gaelcholáiste na Mara