Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Tuairiscí ó Iriseoirí Scoile - 17 Méan Fómhair

Alt 1: Na Rialacha Neamhscríofa don Chéad Bhliain Alt 2: Cad atá ag dul ar aghaidh san Idirbhliain faoi láthair ?
16-Meán Fómhair-21
Tuairiscí ó Iriseoirí Scoile - 17 Méan Fómhair

Na Rialacha Neamhscríofa don Chéad Bhliain

Iriseoir Scoile: Molly Nic Giolla Riabhaigh

Iriseoir Scoile: Eilís Ní Mhuirí

A chéad bhlianerz,

Fáilte! Tá súil againn go bhfuil sibh tar éis dul i dtaithí leis an scoil nua. Seo iad na treoirlínte chun an chéad bhliain is fearr a bhaint amach (bíodh muinín agaibh uainn, is saineolaithe muid ag an bpointe seo😏)

Céim 1: Ní gá do thaisceadán a iompar ar do dhroim
Bain úsáid as do thaisceadán!! Ní gá duit gach uile leabhar agus cóipleabhar a iompar timpeall an t-am ar fad. Ar maidin faigh na leabhar don chéad 3 rang, ansin ag am sosa faigh réidh leis na leabhair nach bhfuil uait le haghaidh obair bhaile. Déan an rud céanna ag am lóin agus ag deireadh an lae. Má dhéanann tú dearmad ar aon leabhar don rang, ná bí buartha, seans go mbeidh tú ag dul thar do thaisceadán idir ranganna agus is féidir é a fháil.

Céim 2: Seas suas, ná seas siar
Nuair atá sibh ag siúl sa phasáiste, ná lig do dhaoine níos sine tromaíocht a dhéanamh ort. Seas an fód! (ná cuir tús le troid i do chéad mhí ar scoil).

Céim 3: Tá OBs OK....
Ní bheidh tionchar ag pointí lúide ar do shaol (is cineál blackmail é an córas vsware inár dtuairim ar aon nós). I ndáiríre, má dhéanann tú d’obair bhaile agus má tá meas agat, bíonn saol scoile i bhfad níos deise agat (ach ná déan dearmad ar ár mana - ‘tá OBs ok’🙈).

Céim 4: Spóirt thar scoil!
Tá réimse leathan do rudaí seach-churaclaim le déanamh sa scoil, ón bhfoireann peil ghaelach go dtí an fhoireann díospóireachta. Is é an chéad bhliain an bhliain is fearr chun rudaí nua a thosú! Dean iarracht glacadh páirte (chun an méid is mó am a fháil as obair😉)

Tá réimse leathan do rudaí seach-churaclaim le déanamh sa scoil, ón bhfoireann peil ghaelach go dtí an fhoireann díospóireachta. Is í an chéad bhliain an bhliain is fearr chun rud éigin nua a thosú. Dean iarracht glacadh páirte (chun an méid is mó am a fháil as obair😉)

Tá súil againn go mbeidh chéad bhliain den scoth agaibh (beidh má leanann sibh na treoracha seo). Go raibh agaibh as an alt seo a léamh, agus tar ar ais níos déanaí i gcomhair níos mó treoir saol ó Molly agus Eilís!

*******************************************************************************************************************************************************

Cad atá ag dul ar aghaidh san Idirbhliain faoi láthair?

Iriseoir Scoile: Hannah de Siúnta

Iriseoir Scoile: Sarah Nic Giolla Phádraig

Ar an Déardaoin seo caite, chuaigh muid féin agus na scoláirí eile san idirbhliain go Bealach Chonglais don lá agus caithfidh muid a rá , bhí lá iontach againn go léir!!!

Bhí lá fada againn. D’fhágamar an scoil ar a leathuair tar éis a hocht sa mhaidin agus níor fhillimid abhaile go dtí thart ar leathuair tar éis a chúig. Mhothaigh an turas an fada agus casta ar an mbóthar faoin tuath.

Nuair a shroicheamar Bealach Chonglais bhí ár rang scoilte in dhá chuid. I rith an lae, ghlacamar páirt i roinnt gníomhaíochtaí – cadhaiceáil , boghdóireacht , ziplíne agus threodóireacht.
Inár dtuairim bhí an cadhaiceáil an gníomh is fearr. Shiúlamar cúig nóiméad go dtí na habhann – thíos an phríomhshráid inár gculaith uisce, clogaid agus na seaicéad tarrthála. D’fhéachamar cosúil leis an arm (‘minion’.) Nuair a shroicheamar abhainn d’imríodh go leor cluichí ar nós ‘tag’ agus ‘Simon Says’. Tar éis leathuair a chloig a chaitheamh san uisce fuair , bhí an-éad orainn ag féachaint ar Oide Aaron agus é te agus tirim ar bhruach na habhann!

Tar éis sin bhaineamar amach píosa boghdóireacht le teagascóir Anto. Bhí píosa craic againn leis sin, cinnte! B’fhéidir go bhfuilimid saghas claonta ach inar thuairim bhí ár bhfoireann na cinn is fearr.

Chuir muid chríoch leis an lá iontach ag déanamh píosa treodóireacht agus ziplíne. Tríd is tríd, bhí lá iontach againn agus bhí aimsir álainn againn chomh maith. Bhí teagascóirí thar barr ar fad againn agus táimid an-bhuíoch astu go léir.

Thar cheann an idirbhliain go léir, go raibh míle maith agat Oide Aaron agus Oide Avril as lá iontach a eagrú dúinn agus an pháirt a ghlac sibh sa ghníomh go léir. Slí iontach an scoil bhliain nua seo a thosú!

Imeachtaí is déanaí
25-D.Fómh-2021 08:50
29/10/2021 15:45:00
Sos lár téarma
Sos lár téarma

16-Samh-2021 16:15
16/11/2021 19:15:00
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 3
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 3

06-Noll-2021 08:50
06/12/2021 15:45:00
Lá saoire
Lá saoire

Nuacht is Déanaí
18-D.Fómh-2021
‘Is maith an scáthán súil charad.’
07-D.Fómh-2021
Alt 1: Siúlóid na hIdirbhliana
30-M.Fómh-2021
Próiseas Iontrála 22/23-Information here about our admissions process for the the school year 22/23.
25-M.Fómh-2021
‘Tús maith leath na hoibre!’ An nuacht is deanaí ó GCM
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2021 Gaelcholáiste na Mara