Gaelcholáiste na Mara

Pádraig Ó Meachair ar shlí na fírinne

Tá iarmhúinteoir GCM Pádraig Ó Meachair ar shlí na fírinne.
14-Meitheamh-21
Pádraig Ó Meachair ar shlí na fírinne

Cuireadh iarmhúinteoir GCM Pádraig Ó Meachair i mBaile Chill Mhantáin inniu.

D’oibrigh Pádraig sa scoil ón oscailt i 2007 mar mhúinteoir Eolaíochta. Bhí paisean ag Pádraig don oideachas agus don Ghaeilge. Bhí an paisean seo lárnach i ngach rud a rinne Pádraig sa scoil agus bhí a ionchur riachtanach i bhforbairt na scoile ón tús. Bhí spéis ar leith ag Pádraig i ndaoine agus bhí am agus suim aige a bheith ag caint agus ag éisteacht leis na scoláirí agus na múinteoirí eile a bhí ag obair in éineacht leis.

Anuas ar na rudaí luaite cheana féin ba dhuine ceolmhar agus spórtúil a bhí ann chomh maith. Bhí na gnéithe difriúla seo mar chuid don phearsantacht iomláin a bhí aige agus chuir sé go mór le haon ghrúpa nó comhluadar dá bharr. Thar aon rud eile bhí meas ag gach éinne ar Phádraig. Fear an-dearfach a d’aimsigh maitheas i ngach duine agus i ngach rud.

Bíonn sé ráite go minic ach níl aon amhras faoi sa chás seo – 'Ní bheidh a leithead ann arís'.

Suaimhneas síoraí dá anam gaelach, uasal.

Tony Ó Murchú- Príomhoide

Imeachtaí is déanaí
28-Bealt-2021 12:00
26/08/2021 16:00:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

27-Lún-2021 08:50
27/08/2021 15:45:00
Athoscailt na scoile
Athoscailt na scoile

27-Lún-2021 09:30
27/08/2021 11:30:00
Ionduchtú Bliain 1
Ionduchtú Bliain 1

Nuacht is Déanaí
21-Meith-2021
Eolas anseo - Information regarding reports for Bliain 1/2/IB/5 and also our calendar for 2122.
23-Bealt-2021
‘An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú.’ An nuacht is deanaí ó GCM
20-Bealt-2021
Gradaim Bliain 6 - 26ú Bealtaine 2021
20-Bealt-2021
Bronnadh IB 26úBealtaine 2021
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2021 Gaelcholáiste na Mara