Nuachtlitir Míosúil: Feabhra 2021- Gaelcholáiste na Mara
‘Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas!’
Ginearálta:
Leanamar ar aghaidh leis an gcianfhoghlaim tríd mí Feabhra. D’fhreastail daltaí ar ranganna beo agus rinne siad ranganna taifeadta. Bhí an sos lar téarma againn i lar an treimhse agus cinnte bhí sé ag teastáil go géar!
Rinne Bl. 3 ceardlann le ‘Ordnance Survey Ireland’ i rang tireolaíochta. D’eagraigh Oide Aaron agus bain cách taitneamh as!
I rith an tréimhse rinne an fhoireann scoile iarracht atmaisféar deas a chruthú lena ndaltaí agus nasc a chruthú leo. Chun é a dhéanamh, d’eagraigh Oide Rebekah an dúshlán 100km leis an bhfoireann scoile agus lena daltaí. Bhí orainn rith nó siúl 100km i do bhealach féin i mí Feabhra! Sheol na daltaí grianghraif chuig Oide Laura agus d’fhoilsigh sí gach rud ar an Insta scoile. Chruthaigh sé nasc iontach le hachan a bhí páirteach.
Thug Oide Laura dúshlán nua do na daltaí le linn na míosa freisin. Bhí béim curtha ar aer úr agus bhí ‘cad a tá i do 5km?’ an t-ainm a tá air. Bhí orthu grianghraf a ghlacadh do rud éigin a sheas amach nuair a bhí siad amach ar siúloid. Sheol siad na grianghraif chuici agus d’fhoilisigh sí gach rud ar an gcuntas Instagram.
Bhí seans ag na daltaí an ‘Dúshlán 2021’ a dhéanamh le CNAG. Spreag Oide Risteard iad go léir mar chuir an dúshlán seo na daltaí ag labhairt is ag plé cúrsaí trí Ghaeilge le chéile. Arís, chruthaigh sé nasc deas lena daltaí agus an pobal scoile.
An Idirbhliain:
Rinne an idirbhliain measúnú #2 roimh an sos lár téarma agus chuir siad críoch do roinnt modúil. D’athraigh an idirbhliain modúil i nGaeilge, Béarla, tireolaíocht, stair, ceol, gairmeoireacht, polaitíocht agus folláine díreach i ndiadh an sos lár téarma.
Freisin, fuair siad blas do na hábhair rogha ardteiste sa seachtain deireanach. Chuir Oide Aaron amchlár nua le chéile chun é sin a dhéanamh. Tá siúl agam go mbeidh níos éasca acu nuair a chaithfidh siad abhair a roghnú.
Chuir na múinteoirí léiriú le chéile chun níos mo eolais a roinnt leo.
Na Meáin Shóisialta:
Lean muid ar Twitter (@nuachtGCM) agus ar Instagram (Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is deanaí a fháil.