Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Míosúil - Nollag 2020 - Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, ócáidí, ginearálta agus cúpla dáta tábhachtach.
14-Nollaig-20
Nuachtlitir Míosúil - Nollag 2020 - Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Míosúil - Nollag 2020 - Gaelcholáiste na Mara

Téann an saolthart mar a bheadheiteoga air,
agus cuireann gachaon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.’

An Idirbhliain:

Bhí tús éagsúla ag an Idirbhliain mar chaith siad seachtain amach ag táithí oibre. Is cinnte gur thaitin sé leo. Sin na rudaí a bhí ar siúl acu:

  1. ithí Oibre: Chuaigh roinnt daltaí amach ar thaithí oibre sa chéad seachtain i mí na Nollag. Nil aon amhras gur thaitin sé leo agus tá siad ag tnúth leis an tseachtain eile níos deanaí sa scoilbhliain.
  2. Chríochnaigh an grúpa ón rang YSI agus Oide Laura an bailiúcháin bia ar son ‘Meals on Wheels’. Rinne siad an-obair agus thug siad 55 pacáistí do dhaoine sa phobal atá ar lagchuidiú.
  3. Sheol na daltaí litreacha chuig ár gcairde i ‘Asgard Lodge Nursing Home’ an mhí seo caite agus fuair siad teachtaireacht galánta astu. Níl aon strainséirí sa saol, ach cairde nár bhuailmuid le go fóill!’
  4. Thosaigh an club iriseoireachta agus beidh daltaí ón Idirbhilian ag scríobh airteagail agus ag glacadh griangraif i gcomhair an suiomh scoile. Beidh siad ag bualadh le hOide Laura uair amháin in aghaidh na míosa chun gach rud a phlé.
  5. Tá siad ag déanamh cóitséal CLG le hOide Risteard. Is rud leanúnach é mar tá sé ceangailte leis an gcúrsa ceannairí don todhchaí. Tháinig iar-scoiláirí, Pádraig Ó Cathain agus Andy Ó Meacair, isteach chun bualadh leo thar an treimhse freisin. Labhair siad faoi a saol scoile agus CLG ina saoil féin. Bhí sé iontach go raibh siad in ann bualadh linn agus taispéaineann sé seo go bhfuil nasc againn lenár n-iar-dhaltaí.
  6. Rinne siad fleasc Nollag roimh an mbriseadh le hOide Emma. Bhí siad an-deas agus cruthaitheach.
  7. Bhí turas iontach acu ar an Déardaoin deireanach. Chuaigh siad ag sciáil le hOide Aaron. An- craic a bhí ann!!
  8. Chuaigh siad chuig an npictiúrlann leis an gcuigiú bliain ar an Luan deireanach. D’eagraigh Oidí Aaron agus Rebekah an turas. Bhain siad go léir taitneamh as.
  9. Bhailigh grúpa €105 ar son ‘Loaves and Fishes – Bringing Christmas 2020 Home’.
  10. Rinne grúpa ón IB maisiúcháin Nollag. D’eagraigh siad lá don scoil chun cuimhniú a dhéanamh ar dhaoine speisialta nó daoine a chailleamar. Thug siad bauble beag do gach duine sa scoil agus scríobh gach duine ainm duine speisialta ar an mbauble. Chroc gach duine a cheann suas ar an gcrann.

Ócáidí:

  1. D’eagraigh Oide Rebekah ‘Féilire Adbhinte do na múinteoirí agus do na scoláirí. An-spraoi a bhí ann agus mhúscail sé spiorad na Nollag ionann uilig!
  2. An Margadh Nollag – ar an Deardaoin deireanach bhí Margadh Nollag againn taobh amuigh. Bhí na táirgí go léir cruthaithe ag daltaí na scoile. Rinne na daltaí ón IB an-obair le cabhair ó Oide Tiarnán.

Ginearálta:

Le linn mí na Nollag roinnt rudaí eile ar súil. Sin na rudaí a bhí ar súil againn:

  1. Rinne daltaí ón gcéad bhliain, an dara bhliain agus an cúigiú bliain scrúduithe na Nollag thar an céad seachtain. Rinne siad an- obair thar an seachtain agus beidh an sos tuilte acu ag am Nollag.
  2. Bhí triailscrúdu Ealáine ag blain a sé le linn na míosa. Bhí sé iontach go bhfuair siad an-seans chun an scrúdu a chleachtadh.
  3. Peil Ghaelach - Bhí grupaí difriúla ag traenáil na seachtainí deireanacha agus tá siúl againn go mbeidh siad in ann leanúint tríd an ngeimhreadh. Rinne na meantóirí spoirt agus Oide Risteard an-obair leo. Go laethúil, cloisimid go bhfuil siad go léir ag baint sult as!
  4. Scríobh ár ndaltaí cártaí Nollag agus sheol siad iad go dtí na tithe altranais áitiúla. Spreag Oide Rebekah na daltaí go léir chun cárta a scríobh agus é a sholadh.

Na Meáin Shóisialta:

  • Lean muidne ar Twitter (@nuachtGCM) agus ar Instagram (Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is deanaí a fháil.

Rialacha Covid:

freagracht pearsanta ag cách chun na rialacha Covid a leanúint. Déan cinnte go bhfuil tú ag leanúint na treoracha. Seo iad:

  1. An chóras aontreo á leanúint mar is ghnáth
  2. Masc á caitheamh i gceart
  3. Scaradh soisialta
  4. Do lamh a nígh

DátaíT ábhachtach:

  • Dé Céadaoin 23ú Nollaig - Dé Céadaoin 6ú Eanáir - Saoire na Nollag
  • Dé Céadaoin 6ú Eanáir – Scoil oscailte arís.

Smaointe Deireanach:

Bíodh Nollaig shuaimneach agaibh go léir agus guímid gach rath agus séan oraibh san athbhliain ó fhoireann GCM!!

Imeachtaí is déanaí
20-Bealt-2021 08:50
26/05/2021 14:00:00
Measúnuithe an tSamhraidh Bliain 3
Measúnuithe an tSamhraidh Bliain 3

24-Bealt-2021 13:45
28/05/2021 12:00:00
Measúnuithe an tSamhraidh Bliain 5
Measúnuithe an tSamhraidh Bliain 5

28-Bealt-2021 12:00
27/08/2021 08:50:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

Nuacht is Déanaí
17-Bealt-2021
Eolas anseo faoin tréimhse deireanach scoile le haghaidh Bliain 6 2021. Information here regarding the last few weeks of school for Bliain 6 2021.
10-Bealt-2021
Sonraí anseo faoin bplean don tréimhse deireanach don scoilbhliain seo. Details here regarding the plans for the end of the year.
28-Aib-2021
An nuacht is deanaí ó Gaelcholáiste na Mara
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2021 Gaelcholáiste na Mara