Nuachtlitir Míosúil: Eanair 2021- Gaelcholáiste na Mara
‘Is fada an bóthar nach bhfuil aon chasadh ann!’
Ginearálta:
Le linn mí Eanáir bhí tréimhse difriúil againn le daltaí agus na muinteoirí ag obair ón mbaile. D’fhreastail daltaí ar ranganna beo ar líne agus rinne siad ranganna taifeadta.
Thosaigh daltaí IB an ‘dúshlán dianghlasála’ chun nasc a chruthú leis an phobal scoile.
D’eagraigh Oide Dearan comórtas idirbliana as corp oideachas agus is gníomh leanúnach é. Tá orthú 30 nóiméad de rud éigin fisiceach a dhéanamh gach lá agus fianaise a thabhairt do Oide Dearan ag deireadh na seachtaine. Is féidir leo aon rud gur mian leo a dhéanamh- siúlóid, rith, ióga, lean Joe Wicks, ach tá sé suas dóibh a bheith freagrach as a gníomhaíochtaí féin agus rud a taitníonn leo a dhéanamh. Gach lá a dhéanann siad rud éigin faigheann siad pointe. Ag deireadh na seachtaine cuireann an mhúinteoir na pointí ar fad le chéile agus an grúpa leis an meán scór is airde tá an bua acu an tseachtain sin. Bhí an bua ag bliain 5 an céad seachtain!
Ghlac Luke Ó Scanláin páírt i ndúshlán an-mhór thar Nollag. Rith sé 100km i 7 lá. Cinnte, ba mhór an t-éacht é gan aon amhras! I rith an tréimhse bhailigh sé €4028 ar son ‘Cystic Fibrosis Ireland’.
Na Méain Shóisialta:
Lean muidne ar Twitter (@nuachtGCM) agus ar Instagram (Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is deanaí a fháil.