Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil: Aibreán 2021- Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholáiste na Mara
28-Aibreán-21
Nuachtlitir Mhíosúil: Aibreán 2021- Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil: Aibreán2021- Gaelcholáiste na Mara

‘Mair a chapaill is gheobhaidh tú féar!’

Ginearálta:

  • Bhíomar go léir ar ais sa scoil tar éis cúpla seachtain chianfhoghlama. Bhí gach aon duine sásta go raibh siad ar ais agus tá an-obair ar siúl ó shin.
  • Bhí tráth na gceist ghnó eagraithe le haghaidh roinnt daltaí san Idirbhliain agus roinnt ó Bl.5. Bhí siad ag déanamh ionadaíochta thar cheann na scoile i gcomórtas atá á reáchtáil ag Banc na hÉireann go luath – agus iad ag súil go mbeidh siad in ann duais €25,000 a bhuachan don scoil. D’eirigh le foireann amháin áit a ghnothú i gCroabh na hÉireann. D’eagraigh Oide Tiarnán é agus bhain siad taitneamh as!
  • Tháinig an grianghrafadóir áitiúil isteach agus ghlac sé grianghraif dé Bl.6. Tá sé dochreidte go bhfuil a gcuid ama i nGaelcholáiste na Mara beagnach thart!
  • Tá Bl. 3 gnóthach faoi láthair mar tá siad ag ullmhú don mheasúnú deiridh. Ádh mór oraibh leis an tréimhse dheireanach.

MRB:

Tá a lán daltaí i mbliain a dó ag ullmhú MRB(anna) i roinnt ábhair faoi láthair agus beidh siad críochnaithe i gceann cúpla seachtain. Tá an-obair ar siúl. Sin sampla ó gach rud atá ar siúl acu:

  • Rinne siad léiriú sa rang Béarla, dúirt na múinteoirí go ndearna siad go leor oibre agus chuir siad an-iarracht isteach.
  • I ngnó tá a gcéad MRB (Measúnú Rangbhunaithe) á dhéanamh ag an dara bliain faoi láthair. Is tuarascáil gnó atá á réiteach acu, atá bunaithe ar phróiseas taighde atá curtha i gcrích acu ón am gur tháinig siad ar ais ó bhriseadh na Cásca. Tá an próiseas seo nach mór críochnaithe anois agus táthar ag súil le torthaí le dealramh.
  • Chríochnaigh siad an MRB Eolaíocht, Stair agus Tíreolaíocht nuair a bhí siad sa bhaile agus chuir siad an-iarracht isteach.
  • Beidh siad go críochnú an MRB i Mata, Adhmadóireacht, Ceol, Ealaín agus Teicneolaíocht go luath.
  • Beidh orthu cúpla ceann a dhéanamh i mbliain a trí ach tá an-obair déanta acu i mbliana. Maith sibh!

An Idirbhliain:

  • Rinne ranganna Bó Finne agus Tiarachta ceardlann le Aware. Bhí béim curtha ar scileanna saol, conas déileáil leis na rudaí deacra a tharlaíonn sa saol.
  • Neartú Fóirne – Ghlac siad páirt i gceardlann - ‘Neartú Foirne’. Bain siad an-sult as agus is léir gur fhoghlaim siad a lán scileanna nua.
  • Lá Garraíodóireachta - D’eagraigh Oide Emma an lá agus rinne gach dalta píosa oibre amach sa ghairdín. Tá cuma níos fearr air anois agus tá a lán rudaí nua ag fás. Maith sibh!
  • Ceardlann Garchabhair – D'eagraigh Oide Aaron an cheardlann agus d’fhoghlaim siad a lán rud nua. Beidh na scileanna seo an-úsáideach sa todhchaí.
  • Ceardlann Drummaí - Ghlac rang Tiarachta agus Iomaí pháirt i gceardlann drummaí. D’eagraigh Oide Breandán é agus thaitin sé go mór leo.
  • Díolachán Cístí D’eagraigh grúpa ó rang YSI díolachán cístí agus lá gan éide scoile ar son daoine gan dídean.

Na Meáin Sóisialta:

Lean muid ar Twitter (@nuachtGCM) agus ar Instagram (Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Smaoineamh Deireanach:

Bíodh deireadh seachtaine fada deas agaibh!

Imeachtaí is déanaí
28-Bealt-2021 12:00
26/08/2021 16:00:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

27-Lún-2021 08:50
27/08/2021 15:45:00
Athoscailt na scoile
Athoscailt na scoile

27-Lún-2021 09:30
27/08/2021 11:30:00
Ionduchtú Bliain 1
Ionduchtú Bliain 1

Nuacht is Déanaí
21-Meith-2021
Eolas anseo - Information regarding reports for Bliain 1/2/IB/5 and also our calendar for 2122.
14-Meith-2021
Tá iarmhúinteoir GCM Pádraig Ó Meachair ar shlí na fírinne.
23-Bealt-2021
‘An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú.’ An nuacht is deanaí ó GCM
20-Bealt-2021
Gradaim Bliain 6 - 26ú Bealtaine 2021
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2021 Gaelcholáiste na Mara