Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Samhain 2022
‘Aithnítear cara i gcruatán.’
Seachtain Feasachta na Tacaíochta - LADT+
D’eagraigh Oide Rebekah ‘Seachtain Feasachta na Tacaíochta LADT+’ an tseachtain seo caite sa scoil. Bhí seachtain ghnóthach againn le gníomhaíochtaí éagsúla mar shampla: Bórd fógraí, ribín bróid ag gach dalta (don Aoine), ceol - ar siúl ar an Aoine le playlist déanta ag Bl. 6, muinteoirí ag caitheamh dathanna an bhogha báistí, comórtas bratach bród agus colláis sa halla - sínithe ag gach dálta ag rá go bhfuil siad i gcoinne bulaíocht an phobail LADT+.
Ginearálta:
Scrúduithe na Nollag:Rinne daltaí ón Bl.1, Bl.2 & Bl.5 scrúduithe na Nollag an tseachtain seo caite.. D’oibrigh siad go léir go maith. Maith sibh!
An tSraith Shóisearach: Comhghairdeas lenár ndaltaí a bhfuair a gcuid torthaí an tseachtain seo caite. Táimid an-bhródúil astu go léir, go háirithe tar éis dhá bhliain dheacair.
Scléip:Bhí 14 dalta ó Ghaelcholáiste na Mara, ón gcéad bhliain suas go dtí an séú bhliain, ag cleachtadh go dian ag ullmhú le hOide Helen don chomórtas Scléip a bhí ag tarlúint in Amharclann Clasach, i gCluain Tarbh, ar an gCéadaoin seo caite an 30ú Samhain. Is eard atá i Scléip ná comórtas tallaine spreagúil agus spraoíúil atá oscailte do na hiar-bhunscoileann lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha. Tugtar deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, agus rince a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Ba é seo an chéad bhliain a bhí Scléip ag tarlúint arís tar éis COVID agus táimid an-bhródúil as na daltaí a ghlac páirt. Ba é an réamhbhabhta Laighin a tharla an tseachtain seo caite, agus bhí na daltaí ag glacadh páirte i gcúig rannóg difriúla ann.
Díospóireacht: Tá an fhoireann sinsir agus an fhoireann sóisir ag obair go crua ar a gcuid ábhar don tríú babhta. Tá Oide Eibhlín agus Oide Tiarnán ag obair leis an ndá fhoireann agus buaileann siad le chéile gach lá. Beidh an díospóireacht acu i gceann cúpla lá agus guímid gach rath orthu.
An Coiste Gaelach: Tá Oide Aoife ag obair leis an gCoiste Gaelach. Tugadh cuireadh do na scoláirí go léir páirt a ghlacadh. Beidh ról lárnach ag na daltaí i spreagadh na Gaeilge mórthimpeall na scoile chomh maith le roinnt imeachtaí Gaeilge eile a éagrú. Bhí spéis ag go leor daltaí agus chuir siad a n-ainmneacha chun cinn. Guímid gach rath ar an gcoiste lena gcuid pleananna!
Seiminéar Ealaíne: D’fhreastail daltaí ón Bl.5, Bl.6 agus Oide Roisín ar seimineár ealaíne ar líne Dé Máirt seo caite, bhí sé faoi dheiseanna gairme sna healaíona, curtha ar fáil ag an Gailearaí Náisiúnta. Bhí maidin an-fhiúntach acu go léir agus bhain siad sult as.
Comhairle na nDaltaí: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís chun na pleananna deiridh a chur le chéile sula n-osclaíonn siad an siopa. Tar éis an chruinniú bhí siad réidh agus d’oscail ‘Siopa ‘Tuc’ na Mara' an Luan ina dhiaidh sin.
Comórtas Oilimpiad Mata na hÉireann:Ghlac daltaí GCM páirt i gComórtas Oilimpiad Mata na hÉireann, comórtas fiúntach a bhí ann mar bhí béim curtha ar scileanna mata.
An Idirbhliain:
Taithí Oibre: Chaith siad seachtain amach ar thaithí oibre. Is iontach an rud é go bhfaigheann ár gcuid daltaí blaiseadh don saol tar éis na scoile. Tugann sé deis dóibh tosú ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar na bealaí gairme a d'fhéadfadh a bheith ann.
Aoichainteoir: Tháinig aoichainteoir isteach chun labhairt leis an ngrúpa faoina mionchomhlachtaí.
Ceardlann – School of Improv: Bhí ceardlann den chéad scoth ag na daltaí an tseachtain seo caite. Chuir an t-éascaitheoir béim ar mhuinín, coiméide agus féinléiriú. Bhí an-spraoi acu!
Ceardlann – Redesign Ireland: Tá an lá oiliúna seo dírithe ar dhaltaí na hIdirbhliana chun iad a chur i ngleic leis na saincheisteanna comhshaoil atá os comhair ár ndomhan inniu. Phléigh siad conas déileáil leis an ngéarchéim aeráide reatha, fadhbanna truaillithe domhanda ar an talamh agus san aigéan. Fuair ár gcuid mac léinn tuiscint ar thábhacht na bithéagsúlachta agus d'fhoghlaim siad í a chosaint agus í a athchóiriú
Cúrsa Cumarsáide le Gael Linn: D’fhreastail roinnt daltaí ar chúrsa eagraithe ag Gael Linn. Bhí sé i mBaile Átha Cliath. Cúrsa den scoth a bhí ann agus bhain siad sult as gan amhras.
Ceardlann Seó Bóthair: Bhí ceardlann ag daltaí na hidirbhliana an tseachtain seo caite le Seó Bóthair. Is ceardlann idirghníomhach í an Seó Bóthair a spreagann scoláirí chun smaointeoireacht chriticiúil a úsáid lena gcuid tuairimí faoin nGaeilge. Thaithin an cheardlann leo.
Turas Eolaíochta:Chuaigh daltaí ón rang Acla ar thuras eolaíochta le hOide Martin le déanaí. Chuaigh siad chuig feirm áitiúla a dhéanann cáis. Bhí lá maith acu.
An Spórt:
Traenáil: Lean na fóirne spóirt ar aghaidh ag traenáil, tá siad go léir ag baint sult as.
Lúthchleasaíocht Tras Tíre: Bhí lá den scoth ag lúthchleasaithe GCM an tseachtain seo caite. D’éirigh go han-mhaith leo go léir.
Bliots Peile (CLG): Bhí bliots peile ag na cailiní sóisearacha an tseachtain seo caite. Bhí na cluichí i gcoinne Carn na Bua agus Dominican College. Bhí lá iontach acu agus ach faraor níor éirigh leo. Bhí Oide Emma an-sásta leis an iarracht agus an obair foirne.
Peil - Bl.1 agus Bl.2: Bhí cluiche iontach acu an tseachtain seo caite i gcoinne Choláiste Phobail Inis Córthaidh, cluiche an-chóngarach a bhí ann agus d’éirigh go maith leo agus bhí an bua acu, le scór 8-7 go 8-6. Bhaineadar go léir an-taitneamh as an gcluiche agus léiríodh ard-scilleanna agus an-chumas lena linn. Bhí Oide Martin an-sásta leo.
Sacar: Bhí dhá chluiche ag na buachaillí faoi 19 le gairid, ceann amháin i gcoinne Ghaelcholáiste Reachrann. Cluiche congárach a bhí ann. Bhí sé 1-1 ag deireach ach tar éis ciceanna pionóis bhuaigh ár mbuachaillí. Maith sibh go léir! Bhí an dara cluiche i gcoinne Creagh agus bhuaigh siad, le scór 2-1. Bhí Oide Gearóid an-sásta lena dtaispeántas.
Freisin, bhí dhá chluiche ag na buachaillí Bl.1 le déanaí, ceann amháin i gcoinne na Clocha Liath. Cluiche cothrom a bhí ann agus 3-3 a bhí ann ag deireadh an chluiche. Bhí an dara cluiche i gcoinne Baile an tSaoir agus bhuaigh siad go rathúil, le scór 5-0. Bhí Oide Dónal an-sásta leo ar fad.
Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 15 chomh maith le sin, bhí sé i gcoinne Choláiste Abbain. Bhuaigh siad gan stró, le scór 4-1. Bhí Oide Martin an-sásta leo ar fad.
Galf: Ghlac daltaí GCM páirt i gcomórtas gailf an tseachtain seo caite, comórtas áitiúla a bhí ann agus bhain siad go léir taitneamh as.
Na Meáin Shóisialta:
Lean muid ar:
Twitter (@nuachtGCM)
Facebook (Gaelcholáiste na Mara)
Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.