Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Samhain 2024
‘Aithnítear cara i gcruatán.’
Ginearálta:
Scrúduithe an Gheimhridh: Rinne daltaí ó Bhliain 1, Bl.2 & Bl.5 scrúduithe an Gheimhridh an tseachtain seo caite.D’oibrigh siad go léir go maith. Maith sibh!
Díospóireacht Gaeilge: Bhí an dara babtha ag na Sóisearaigh agus ag na Sinsearaigh i mBaile Átha Cliath. Comhghairdeachas le hAoife Ní Shúilleabháin,Lola Ní Eachthighearna agus Freya Muntean a bhuaigh an bhabhta díospóireachta i gColáiste Eoin. Ar aghaidh leo anois go dtí an chraobh réigiúnach. Maith sibh a chailíní. An fhoireann sinsir: Níor éirigh le Liam Roibhéal , Donnacha ó Raghallaigh agus Cian Chattergee dul ar aghaidh, ach bhí siad ar fheabhas agus tá moladh mór tuillte dóibh. Rinne siad sár-iarracht. Mí-ádh a bhuachaillí, beidh lá eile ag an bPaorach.D’oibrigh siad go dian dicheallach in éineacht le hOide Eibhlín.
Comhairle na nDaltaí: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís chun na pleananna deiridh a chur le chéile.
Club Amhránaíochta: Lean Club Amhránaíochta ar aghaidh le hOide Helen agus tá na daltaí ag baint sult as. Bíonn siad ag tnúth leis gach Aoine.
Cruinniu Tuistí (Bl.2): D’fhreastail scoláirí na dara bliana agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí ar chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí le déanaí. Tráthnóna tairbheach a bhí ann agus chuidigh sé le dul chun cinn ár ndaltaí.
Snámh: Lean scoláirí na dara bliana ar aghaidh lena modh snámha sa Chorpoideachas.
Cuairt: Thug iardhalta Caoimhe Ní Mhaolaí cuairt orainn. Bhí sí ag caint le muintir na séú bliana. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta sa toghcháin seo.
Cruinniú lenár bpolaiteoirí áitiúla: Bhí cruinniú luachmhar ag daltaí na séú bliana lenár bpolaiteoirí áitiúla - le holltoghchán an mhí seo, tháinig téamaí ábharacha bainteach le haos óg na tíre chun cinn. Táimid an-bhuíoch @fionntan.osuilleabhain @bourkesylvester @cllrpatkennedy @annwalshgreen.2024 don chuairt.
Coiste Glas: Bhuail an Coiste Glas le chéile arís i mbliana. Beidh Oide Aaron ag obair lenar ndaltaí ar son na timpeallachta, tá siad chun plean a chur i bhfeidhm chun ár dtimpeallacht scoile a fheabhsú agus iarratas a chur isteach chun brat eile a ghnóthú..
Comórtas Scléip: Bhí 14 dalta ó Ghaelcholáiste na Mara, ón gcéad bhliain suas go dtí an séú bhliain, ag cleachtadh go dian ag ullmhú le hOidí Helen agus Bernie don chomórtas Scléip a bhí in Amharclann Clasach, i gCluain Tarbh. Is eard atá i Scléip ná comórtas tallaine spreagúil agus spraoíúil atá oscailte do na hiar-bhunscoileann lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha. Tugtar deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, agus rince a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Ba é an réamhbhabhta Laighin a tharla an tseachtain seo caite, agus bhí na daltaí ag glacadh páirte i gcúig rannóg difriúla ann. Comhgháirdeachas le Shanna-Rose Bl.6 a tháinig sa chéad áit in amhránaíocht aonair féin-thionlacan agus d’éirigh le banna ceoil ón 3ú bliain an chéad áit a bhaint amach chomh maith Maith sibh a Nessa, Sarah, Darragh agus Micheál. Guímíd gach rath orthu i gcraobh na hÉireann san athbhliain.
Seimineár Gréasáin: Ghlac scoláirí na séú bliana páirt i roinnt seimineár gréasáin chun cabhrú lena n-athbhreithniú sa rang Béarla. Díríodh ar a dtéacs aonair, ‘King Lear’.
Lá Traenála: Bhí lá saoire ag na daltaí mar d’fhreastail ár múinteoirí ar lá traenála le hOide. Bhí an lá tairbheach agus díríodh ar an tsraith shóisearach agus ar an ardteistiméireacht.
Seachtain Staidéir: D’oibríomar, mar scoil, ar scileanna staidéir le gach dalta. Bhí sé seo thar a bheith tairbheach agus thug sé roinnt bealaí staidéir do na scoláirí.
Agallaimh GCAT: Chuir mic léinn na séú bliana a gcuid agallaimh le haghaidh GCAT i gcrích. D’oibrigh siad go maith ag ullmhú dá n-agallamh le hOidí Aaron agus Ciara.
Turas Staire: Bhain bliain 3 sar taitneamh as a dturas go Reilig Glasnaíon. Chonaiceadar reilig na ndaoine mór le rá ó stair na hÉireann. Táimid an bhuíoch as Pat agus Gráinne a bhí ina dtreoraithe den scoth dúinn!
Ranganna ceoil: Lean ár ndaltaí ceoil lena gcuid oibre le hOisín. Tá banna ceoil na scoile ag obair go maith le chéile.
An Idirbhliain:
Obair Dheonach: Lean rang Iomaí ar aghaidh le hObair Dheonach an tseachtain seo agus tugann sé an-sásamh dóibh.
Garchabhair: Bhí lá thar a bheith tábhachtach ag rang Oírr ag foghlaim garchabhair le déanaí.
Pathways OE: D’fhreastail roinnt dár scoláirí Idirbhliana ar chúrsa oideachais - ‘Pathways OE’. Bhí am maith acu agus thóg siad go leor uaidh.
AvCon 2024: D’fhreastail daltaí na hIdirbhliana ar an gcomhdháil eitlíochta. Bhí am iontach acu.
Turas Tíreolaíochta: Chuaigh Rang Árann ar thuras tíreolaíochta. Is maith leo dul amach agus tionscadail a chríochnú lasmuigh den seomra ranga.
Aoichainteoir: Thug cainteoir cuairt ar an Idirbhliain an mhí seo le labhairt leo faoina mionchuideachtaí. D’fhoghlaim siad go leor a chabhraigh leo dul chun cinn a dhéanamh.
Ceardlann: D’éagraigh Oide Helen ceardlann damhsa agus ceoil do dhaltaí na hIdirbhliana. Cinnte bhí an-chraic acu.
Taithí Oibre: Chaith siad seachtain amach ar thaithí oibre. Is iontach an rud é go bhfaigheann ár gcuid daltaí blaiseadh don saol realaíoch. Tugann sé deis dóibh tosú ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar na bealaí gairme a d'fhéadfadh a bheith ann dóibh.
Spórt:
Sacar-Comórtas CM/LG: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 19 i gcoinne CBS (Ros Mhic Thriúin). Ba é 3-3 an scór deireanach - Cúl ó Liam de Búrca, ️cul ó Daire de hÓra agus cúl ó Sheosamh ó Ciondealbháin. Tá siad tríd go dtí an leath chraobh anois. Caithfimid aitheantas a thabhairt do Zach Ó Tuathail a bhí an-láidir.
Cailíní faoi 15: Bhí cluiche sacair ag na cailíní faoi 15. Bhí cluiche iontach acu agus d’éirigh leo an bua a fháil. Ba é 8-2 an scór deireanach. Maith sibh a chailíní .
Cailíní faoi 19: Bhí cluiche sacair ag na cailíní faoi 19. Bhí cluiche an-deacair acu agus níor éirigh leo an bua a fháil. Mí-ádh, a chailíní.
Buachaillí faoi 15: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 15, cluiche baile a bhí ann agus bhí sé i gcoinne Ramsgrange. Bhí sé an-iomaíoch ach bhuaigh ár mbuachaillí sa deireadh. Maith sibh a bhuachaillí! Bhí cluiche eile acu, an uair seo bhí sé i gcoinne Baile an Droichid. Bhí cluiche ionatch acu agus d’éirigh leo an bua a fháil le tréchleas ó Chian Ó Murchú.
Cailíní na chéad bhliana: Bhí cluiche ag na cailíní i gcoinne Gorey Educate Together. Cluiche iontach a bhí ann agus d’éirigh leo an bua a fháil. Ba é 4-0 an scór deiridh.
Buachaillí faoi 17: Bhí cluiche sacair ag na buachaillí faoi 17. Bhí cluiche iontach acu agus d’éirigh leo an bua a fháil cé go raibh an aimsir uafásach. Maith sibh leaids.
Bl. 1 - Buachaillí: Bhí cluiche ag lucht na chéad bhliana. Bhí cluiche an-mhaith acu ach níor éirigh leo an bua a fháil. Ba é 4-5 an scór deiridh. Mí ádh buachaillí.
CLG
Bl.1 - Buachaillí: Bhí lucht na chéad bhliana ag imirt peile. D’imir siad go maith ach níor éirigh leo sa deireadh. Mí-ádh.
Buachaillí Sóisearacha: Bhí cluiche peile ag na buachaillí sóisearacha, bhí sé i gcoinne EGS. Bhí cluiche iontach acu agus d’éirigh leo an bua a fháil. Comghairdeas leaids.
Iomanaíocht: Bhí cluiche an-iomaíoch ag na hiománaithe faoi 16 i gcoinne Bun Clóidí , go leor buachaillí óga sa ghrúpa seo agus forbairt seasta ag teacht orthu- treise libh!
Cluiche camógaíochta: Bhí cluiche ag na cailíní, cluiche áitiúil a bhí ann, bhí sé i gcoinne Naomh Muire. D’imir siad go maith ach ar an drochuair níor éirigh leo. ️
Rugbaí: Bhí bliots ag lucht na chéad bhliana. Bhí lá iontach acu agus rinne siad an-iarracht.
Na Meáin Shóisialta:
Lean muid ar:
Twitter (@nuachtGCM)
Facebook (Gaelcholáiste na Mara)
Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.