Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí na Nollag 2023 - Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
18-Nollaig-23
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí na Nollag 2023 - Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí na Nollag 2023

‘Téann an saol thart mar a bheadh eiteoga air,

agus cuireann gach aon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.’

Ginearálta

Ceolchoirm: Beimid ag críochnú an chéad téarma le Ceolchoirm na Nollag in óstán áitiúil. Cuirfear grianghraif agus físeáin ar leathanaigh meán sóisialta na scoile.

Tráth na gCeist na Nollag: Bhí críoch spraoíúil agus féilte againn ar scoil. Ghlac an scoil ar fad páirt i dtráth na gceist na Nollag. Chruthaigh sé atmaisféar álainn chun an bhliain a chríochnú. Bealach iontach a bhí ann chun an téarma a chríochnú le beagán iomaíochta cairdiúil.

Lá Traenála: Bhí lá traenála ag na múinteoirí le hOIDE, bhí béim curtha ar an tSraith Shóisearach. Bhí lá an-thairbheach acu.

Eolaí Óg: Tá grúpaón Idirbhliain an-ghnóthach le déanaí mar tá siad ag bailiú fianaise dá dtionscadal. Beidh siad san iomaíocht tar éis na Nollag.

Cóisir Pizza: D'fheabhsaigh go leor grúpaí ranga a dtinreamh le mí anuas, mar gheall air seo tugadh cóisir píotsa dóibh.

Lá na dTeangacha: Bhí lá den scoth againn, rinneamar ceiliúradh ar éagsúlacht teangacha agus cultúir ar an lá. D’eagraigh Oidí Aaron agus Camille gach rud agus bhí lucht na hIdirbhliana i gceannas.

Turais na Nollaig:Bhí cúpla lá iontach ag ár ndaltaí chun deireadh a chur leis an téarma scoile. D’eagraigh roinnt múinteoirí turais ar son ár ndaltaí. Chuaigh na daltaí Bl.1 go dtí an phictiúrlann. Bhain siad taitneamh as agus as an sos ón obair scoile. Chuaigh lucht na dara bliana go Dún Droma, chuaigh siad ag scátáil oighir agus bhí an-spraoi acu. Chuaigh mic léinn na tríú bliana go ‘GO Quest’. Is eachtra dhúshlánach taobh istigh é do dhaltaí. Bhí an-spraoi acu.

Díospóireacht: Comhghairdeas leis an bhfoireann díospóireachta sinsearach (Rónán Bl.5, Alex Bl.5 agus Cillian IB) a bhuaigh a ndíospóireacht. Bhí sé soiléir gur chuir siad go leor oibre agus iarrachtaí isteach ag ullmhú le hOide Eibhlín agus na muinteoirí eile a thacaigh leo. Bhí bua iontacha acu. Bhí iomaíocht ghéar ann, maith sibh! Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann anois ar an gCéadaoin 24ú Eanair i dTulach Mhór. Is é an comórtas seo a bhuaigh siad anuraidh. Sár-obair do chách a bhí páirteach agus ádh mór oraibh. Bhí an fhoireann sóisearach san íomaíocht fresisin ach níor éirigh leo an uair seo ach éacht a bhí ann ar aon nós. Mí ádh Éala, Freya agus Riley – Beidh lá eile agaibh!

Comhairle na nDaltaí: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís chun machnaimh a dhéanamh ar a gcuid oibre go dtí seo le tacaíocht ó Oidí Rebekah agus Emma.

Cruinniú Tuistí/ Scoláirí/ Múinteoirí (Bl.6: Bó Finne agus Tiarachta): D’fhreastail scoláirí na séú bliana agus a dtuismitheoirí /caomhnóirí ar chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí an tseachtain seo caite. Tráthnóna tairbheach a bhí ann agus chuidigh sé le dul chun cinn ár ndaltaí.

Scrúduithe na Nollag: Rinne daltaí ón Bl.1, Bl.2 & Bl.5 scrúduithe na Nollag an tseachtain seo caite.. D’oibrigh siad go léir go maith. Maith sibh!

An Idirbhliain:

Margadh Nollag: Bhí Margadh na Nollag againn le déanaí.Bhí na táirgí go léir cruthaithe ag daltaí na scoile. Rinne na daltaí ón IB an-obair le cabhair ó Oide Ciara. Bhí tráthnóna álainn ag gach duine.

Turas Nollag: Chuaigh ár ndaltaí ar thuras Nollag le déanaí, chuaigh siad ag scátáil oighir i nDún Laoighaire.

Ceardlann Nollag: Bhí ceardlanna nollag ag an Idirbhliain. D’eagraigh Oide Emma an lá agus bhain siad go léir sult as.

Taithí Oibre: Chaith siad seachtain amach ar thaithí oibre. Is iontach an rud é go bhfaigheann ár gcuid daltaí blaiseadh don saol tar éis na scoile. Tugann sé deis dóibh tosú ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar na bealaí gairme a d'fhéadfadh a bheith ann.

Obair Dheonach: Chríochnaigh rang Iomaí obair dheonach. Bhain siad sult as agus bhí sé deas chun cabhrú le daoine eile.

An Spórt:

Sacar

Faoi 19 Buachaillí: Bhí na buachaillí san iomaíocht le déanaí, bhí cluiche an-deacair acu ach d’éirigh leo an bua a fháil. Ba é 3-1 an scór deiridh. Caithfimid aitheantas a thabhairt do Sam, Liam agus Jack a bhfuair na scóir ar an lá.

Faoi 19 Cailíní: Bhí cluiche ag na cailíní faoi 19 i gcoinne scoil as Ros Mhic Thriúin - cluiche leathcheannais a bhí ann. Ar an drochuair níor éirigh leo an bua a fháil. Mí-ádh, a chailíní.

Faoi 15 Cailíní: Bhí cluiche ag na cailíní faoi 15. Bhí cluiche iontach acu agus d’éirigh leo an bua a fháil!! Cluiche den scoth a bhí ann agus léirigh siad go leor cumais. Ba é 3-1 an scor deiridh. Caithfimid aitheantas a thabhairt do Saoirse, Katie agus Rose a bhí ar fheabhas ar an lá.

Faoi 15 Buachaillí: Bhí bua cuimsitheach ag an bhfoireann sacair. Taispeántas slachtmhar a bhí ann ó thus deireadh. Caithfimid aitheantas a thabhairt do Daire de Hora a bhí ar fheabhas. Scóráil sé trí chúl!

Bucahaillí Bl.1: Bhí cluiche sacair ag na buachaillí (Bl.1). Bhí cluiche iontach acu agus d’éirigh leo an bua a fháil!! Cluiche den scoth a bhí ann agus léirigh siad go leor cumais. Ba é 4-1 an scor deiridh. Caithfimid aitheantas a thabhairt do Fionnán, Milo, Cian agus Rayco a bhí ar fheabhas ar an lá. Bhí cluiche eile acu i mBaile Átha Cliath, cluiche an-deacair a bhí ann agus bhí orthu am breise a h-imirt. Ar an dea uair d’éirigh leo an bua a fháil le chúl ó Fionnán agus Cian-Treise libh a bhuachailli!

CLG

Buachaillí - Bl.2/Bl.1: Bhí cluiche peile ag na buachaillí. Cluiche an-deacair a bhí ann agus bhí an fhoireann eile róláidir dúinn. Níor éirigh leo na bua a fháil ach beidh lá eile acu cinnte!

Cluiche Sóisear - Buachaillí: Bhí cluiche peile ag na buachaillí (sóisear)i gcoinne St. Davids. Bhí cluiche iontach acu agus d’éirigh leo an bua a fháil! Cluiche den scoth a bhí ann agus léirigh siad go leor cumas. Maith sibh!!

Cluiche Sinsear - Buachaillí: Cluiche ceathrú ceannais: Bhí cluiche peile ag na buachaillí (sínsear) i gcoinne Ramsgrange Community School. Chuir siad an-troid suas sa chéad leath agus bhí siad chun tosaigh. Ach ar an drochuair tháinig an fhoireann eile ar ais sa dara leath agus bhuaigh siad. Mí-ádh, beidh lá eile agaibh.

Dátaí Tábhachtach:

22ú Nollaig Aoine- 8ú hEanáir Dé Luain- Saoire na Nollag

Dé Luain 8ú hEanáir – Scoil oscailte arís.

Focal scoir:

Ba mhaith linn Nollaig shona sláintiúil a ghuí ar gach éinne. Bíodh Nollaig suaimneach agaibh go léir agus guímid gach rath agus séan oraibh san athbhliain ó fhoireann GCM!! 🎄🎅

Na Meáin Shóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
24-D.Fómh-2024 08:50
24/10/2024 15:45:00
Oíche Oscailte 2024
Oíche Oscailte 2024

28-D.Fómh-2024 08:50
01/11/2024 15:45:00
Sos lár téarma
Sos lár téarma

14-Samh-2024 08:50
14/11/2024 15:45:00
Lá SSN(JCT day-students not in school)
Lá SSN(JCT day-students not in school)

Nuacht is Déanaí
17-Meith-2024
Eolas anseo faoi dheireadh na bliana seo agus tús na bliana seo chugainn. Information here relating to the end of this year and the start of next year.
04-Meith-2024
Sonraí faoin mbus le haghaidh na scrúduithe stát.
31-Bealt-2024
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
29-Bealt-2024
'The Field' by John B. Keane
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Gaelcholáiste na Mara