Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Mhéan Fómhair 2024- Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
01-Deireadh Fómhair-24
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Mhéan Fómhair 2024- Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara - Meán Fómhair

2024

‘Tús maith leath na hoibre!’

Fáilte ar ais gach duine. Táimid go léir ar ais i ranganna agus ag obair go dian tar éis an tSamhraidh. Táímid ag tnúth go mór leis an mbliain atá le teacht.

Ginearálta:

Lucht na Céad Bliana: Chuireamar fáilte roimh bhliain a haon. Tá dhá rang nua againn, Reachrann agus Toirc. Beidh Oide Rebekah (Ceann Bliana) ag obair leo i mbliana. Guímid gach rath orthu agus tá súil againn go mbainfidh siad sult as saol i nGaelcholáiste na Mara.

Príomhcheannairí na scoile: Comhghairdeas le Dara Ó Blioscáin agus Rónán Ó hIcí. Is iad na Príomhcheannairí na Scoile 2024/2025. Guímid gach rath orthu!

Higher Options: D’fhreastail scoláirí na séú bliana ar an gceardlann ‘Higher Options’ san RDS. Bhí lá thar a bheith tairbheach acu agus bhuail siad le hambasadóirí ó choláistí éagsúla. Anois, is féidir leo tosú ag smaoineamh ar a gcuid roghanna don choláiste agus féidearthachtaí gairme.

Comhairle na nDaltaí 2024/2025: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís. Tá ionadaí ó bheagnach gach rang agus beidh siad ag obair go dian ar son na scoláirí le hOide Emma. Caithfidh siad an cathaoirleach, an leaschathaoirleach agus an rúnaí a thoghadh. Beidh an cathaoirleach ag éascú na gcruinnithe, seasfaidh an leaschathaoireach isteach mura bhfuil an cathaoirleach ar fáil agus coimeádfaidh an rúnaí na miontuairiscí. Beidh béim curtha ar na spriocanna atá againn i mbliana.

An Ardteistiméireacht 2024: Fuair na daltaí a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana a dtorthaí. Bhí siad an-sásta agus táimid ar fad an-bhródúil astu. Comhgháirdeachas go spéisialta le Sophia Ní Mháirtín, a bhfuair 625 pointe. Guímid gach rath orthu leis an gcéad chéim eile. Maith sibh a dhaltaí agus buailfimid le chéile arís ar ball beag.

Oícheanta Eolais: Bhí oícheanta eolais ar líne ag tuismitheoirí/caomhnóirí na chéad bhliana agus na hIdirbhliana le déanaí. Bhí sé thar a bheith tairbheach bualadh le tuismitheoirí/caomhnóirí toisc go raibh deis acu ceisteanna a chur agus saol laethúil i nGaelcholáiste na Mara a thuiscint.

Club amhránaíochta: Thosaigh Club Amhránaíochta le cúpla seachtain anuas. Chuir Oide Helen fáilte roimh daltaí na scoile go léir freastal air. Baineann na daltaí an-sult as agus bíonn siad ag tnúth le gach Aoine.

Lá Spóirt idir Gaelcholáistí: D’fhreastail scoláirí na hIdirbhliana agus roinnt scoláirí na séú bliana ar lá spóirt i gCeatharlach. Bhí sé in aghaidh Gaelcholáistí eile. Bhí lá iontach acu agus bhain siad taitneamh as.

An Idirbhliain:

Thosaigh na grúpaí nua san Idirbhliain – Rang Árann agus Oírr. Bhí lá gnóthach acu ar an gcéad lá mar bhí Oide Aaron ag roinnt eolais leo maidir le ranganna. Chaith siad leath an ama taobh amuigh le ’Go Beyond Adventure’ ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí éagsúla. Bhí béim curtha ar obair ghrúpa agus comhoibriú. Bhí an-spraoi acu agus thaitin sé go mór leo. Cinnte bhain siad sult as. Tá na griangraif go léir ar an Instagram scoile.

Turas: Chuaigh na daltaí chuig Bealach Chonglais agus bhí an-chraic acu! Ghlac siad páirt i dtreodóireacht, boghdóireacht, ailleadóireacht, gníomhaíochtaí foirne agus rudaí eile freisin. Chuaigh cúpla múinteoir leo - Oidí Aaron agus Doireann ar an gcéad lá agus Oidí Aoife agus Cathal ar an dara lá. Bhí siad go léir spíonta tar éis na gníomhaíochtaí go léir ach tá siad réidh arís le haghaidh níos mó eachtraíochta.

Aoicainteoir: Tháinig aoicainteoir ó ‘Wicklow Volunteer Centre’ isteach agus labhair sí leis an idirbhliain maidir leis an obair dheonach. Bhí an chaint seo an-tábhachtach mar thug sé ionduchtú don ghrúpa d'obair dheonach. Tá tús curtha acu anois lena gclár deonach le hOide Laura agus tá siad ag tabhairt cuairte ar áiteanna éagsúla san Inbhear Mór chun taithí éagsúla a fháil.

Aoicainteoir: Tháinig aoicainteoir ó Ghaisce isteach agus labhair sí leis an idirbhliain maidir le Gaisce agus na freagrachtaí a bhaineann leis.

Turas Tíreolaíochta: Chuaigh rang Dairnis agus Iomaí ar thuras tíreolaíochta go dtí an trá le Oide Aaron. Bhí siad ag fiosrú na próisis creimeadh, iompar agus sil-leagan a bhí ag dul i bhfeidhm ar an dTrá Theas san Inbhear Mór.

Cruchán: Bhí maidin an-thairbheach ag lucht na hidirbhliana agus Oidí Aaron, Eibhlín agus Helen. Dhreap siad Cruchán i nGuaire. Bhí maidin álainn acu amuigh faoin tuath.

‘Work in Wind Education Fair’: Bhí iarnóin spéisiúil ag lucht na hIdirbhliana i nGuaire mar d’fhreastail siad ar am ‘ Work in Wind Education fair. Ghlac siad páirt i roinnt gniomh agus bhain siad sult as.

Gaisce: Bhí an Idirbhliain ag obair go dian chun na hiarratais a chur isteach don Ghaisce le déanaí. Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil siad ag iarraidh a bheith páirteach i go leor réimsí éagsúla ionas gur féidir leo scileanna nua a fhorbairt. Tháinig aoicáinteoir isteach chun labhairt leo maidir le Gaisce.

Aoicainteoir: Bhí ionadaí ón gClár Fiontraíochta isteach an tseachtain seo caite chun dhá cheardlann a reachtáil don idirbhliain. Tá na daltaí ag fiosrú smaointí dá mionchomhlachtaí feinig faoi láthair agus beidh an t-ionadaí ag cuidiú leo ina leith. Ceardlann dírithe ar 'Ghiniúint Smaointe' a bhí ann - agus táimid ag súil go mór leis na torthaí.

Codladh Lasmuigh: Beidh an Idirbhliain agus muinteoirí GCM ag codladh lasmuigh chun airgid a bhailiú do dhaoine gan dídean. Tháinig Grace ó ‘Focus Ireland’ isteach chun gach rud a phlé leis an ngrúpa.

Ceardlann Fichille: D’fhreastáil na daltaí go léir ar gceardlann fichille. Bhain siad sult as.

Spórt

Rugbaí: Bhí bliots ag lucht na chéad bhliana le déanaí. Bhí lá iontach acu agus rinne siad an-iarracht. Bhuaigh siad 3 chluiche.

Cluiche Iomanaíochta: - Bhí cluiche iomanaíochta ag na buachaillí faoi 16 i gcoinne an CBS. Bhí sé an deacair orthu an cluiche a himirt mar bhí sé ag cur báistí go trom. Ach, d’oibrigh na buachaillí go maith mar fhoireann agus léirigh siad go leor cumais. Níor tháinig siad amach leis an mbua ach tógfaidh siad ar an bhfeidhmíocht seo agus oibreoidh siad i dtreo a gcluichí eile. Bhí Príomhoide Tony sásta leo agus tá sé réidh iad a hullmhú dá gcéad chluiche eile.

Imeachtaí is déanaí
14-Samh-2024 08:50
14/11/2024 15:45:00
Lá SSN(JCT day-students not in school)
Lá SSN(JCT day-students not in school)

25-Samh-2024 08:40
29/11/2024 15:35:00
Scrúduithe an Gheimhridh-Bliain 1/2/5
Scrúduithe an Gheimhridh-Bliain 1/2/5

02-Noll-2024 08:50
02/12/2024 15:45:00
Lá Saoire
Lá Saoire

Nuacht is Déanaí
04-Samh-2024
Seachtain Staidéir 2024
04-Samh-2024
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
24-D.Fómh-2024
Eolas anseo mar gheall ar an bpróiseas iontrála-Information here regarding our admissions process.
17-Meith-2024
Eolas anseo faoi dheireadh na bliana seo agus tús na bliana seo chugainn. Information here relating to the end of this year and the start of next year.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Gaelcholáiste na Mara