Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Márta 2023 - Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
31-Márta-23
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Márta 2023 - Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Márta 2023

'Ná mol agus na cáin tú féin!’

Bratach Ómra/ Lá Folláine:

Bhí lá den scoth againn sa scoil an tseachtain seo caite. Bhí Lá Folláine againn mar teastaíonn uainn an bratach ómra a fháil. D’eagraigh Comhairle na nDaltaí agus Oidí Laura agus Rebekah an imeacht. Bhí tóraíocht taisce le déanamh ag gach bliain. Bhí crannchur eagraithe ag an gComhairle freisin. Bhailigh muid €1160 ar son Pieta House. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gnólachtaí áitiúla as duaiseanna a bhronnadh – SuperValu, Dunnes, Coral Leisure Centre, Joanne’s Restaurant, Eddie Rockets, Unique Café & Patisserie, Coffee 4U agus Bialann Opera.

Seachtain na Gaeilge:

Thosaigh Seachtain na Gaeilge an tseachtain seo caite. D’eagraigh Oide Aoife a lán gníomhaíochtaí gaelacha le haghaidh na daltaí. Rinne siad:

  1. Comórtas Póstaeir
  2. Tóraíocht Taisce
  3. Céilíthe agus ceol
  4. Seanfhocal an lae
  5. Puc fada
  6. Comórtas an Dúshláin agus an Idirbhliain
  7. Scannán: An Cailín Ciúin - Bl.5
  8. Tráth na gCeist – Bl.1 agus Bl.2.

Chruthaigh an tseachtain seo atmaisféar deas sa scoil. Bhain na daltaí sár-taitneamh as.

Ginearálta:

Iar-scoláirí: Is mór an onóir a bhí ann sár-obair iar-scoláirí GCM a chéilúradh an tseachtain seo caite i UCD - d’éirigh le ceathrar scoláireachtaí iontrála a fháil. Comhghairdeas le Connor Mac Carthaigh, Adam Mac Gabhann, Annika Seadaic agus Amy Ní Bhroin.

Aoichainteoir: Bhí an t-ádh linn an tseachtain seo caite le Donncha Ó Murchú inár measc ag caint faoi chás na bPalaistíneach san Iosrael. Chuaigh an chaint i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hArdteiste agus más mian leo cuidiú, tá airgead á bhailiú aige chun scoil a thógáil dos na leanaí Palaistíneach.

Ceoldráma: D’fhreastail lucht na cheadbhliana agus Oidí Emma, Donál agus Rebekah ar cheoldráma i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Bhí lá den scoth acu.

Tithe na hOireachtais: Chuaigh roinnt daltaí ón idirbhliain, an cúigiú bliain agus an séú bliain go dtí an Dáil le hOide Eibhlín. Bhí ár scoil roghnaithe mar aon le 3 cinn eile sa tír. Labhair Rónán (IB), Alex (IB), Andrea (Bl.5) agus Síofradh (Bl.6) faoin ábhair éagsúla - ‘An Córas Sláinte, Neodracht na hÉireann agus Athrú Aeráide’. Bhí lá iontach acu.

Scrúdú Phraiticiúil: Bhí scoláirí na séú bhliana an-ghóthach an tseachtain seo caite mar bhí orthu an scrúdú phraiticiúil a dhéanamh i gCorpoideachas. D’oibraigh siad go dian agus chríochnaigh sé iad le treoir ón Oide Dearan.

Scrúdú Phraiticiúil:Bhí scoláirí na séú bhliana an-ghóthach le déanaí mar bhí orthu an scrúdú phraiticiúil a dhéanamh i gCorpoideachas. D’oibraigh siad go dian agus chríochnaigh sé iad le treoir ón Oide Dearan.

Scrúduithe Praiticiúla: Bhí na scrúduithe praiticiúla ag lucht na séú bhliana i gceol agus ag lucht na tríú bhliana i rang eacnamíocht bhaile. D’éirigh go maith leo.

Gradam Iontrála: D' fhreastal oide Eibhlín ar an mbronnadh Gradam Iontrála ar Mharia ní Dhúill i gColáiste na Tríonóide ar a torthaí ardteiste. Tá Maria ag déanamh staidéir ar an Síceolaíoch. Maith thú Maria.

Gradam Iontrála: D' fhreastal oide Eibhlín ar an mbronnadh Gradam Iontrála ar Mharia ní Dhúill i gColáiste na Tríonóide ar a torthaí ardteiste. Tá Maria ag déanamh staidéir ar an Síceolaíoch. Maith thú Maria.

Lá SSN: D’fhreastail na múinteoirí go léir ar lá traenála don sraith sóisearach.

Comhairle na nDaltaí: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís chun an bhratach ómra a phlé.

Códú Bl.1 agus Bl.2: D’fhreatail lucht na céad bhliana agus lucht na dara bliana ar cúrsa le Microsoft. D’fhoghlaim siad a lán rud faoin gcódú.

Snámh: Léan an chéad bhliain ar aghaidh leis an modúl snámha an tseachtain seo caite. Tá sé mar chuid de rang corpoideachais le hOide Dearan.

Coiste Glas: Thug Coiste Glas GCM agus Oide Aaron cuairt ar Seal Rescue Ireland i mBaile na Cúirte le déanaí. Bhí maidin thairbheach acu agus d’fhoghlaim siad go leor.

Lón:Chuaigh lucht na céadbhliana chuig McDonalds le hOide Rebekah an tseachtain seo caite. Bíonn an grúpa ag obair go dian i gcónaí agus cinnte go raibh sé tuillte acu.

Caith Amach É: Bhí ceardlann ag daltaí na séú bliana, ‘Caith Amach É’. Bhí maidin den scoth acu agus rinne siad an-chuid oibre i gcomhair an bhéaltriail. Cinnte go raibh maidin thairbheach acu.

Tráth na gCeist Airgeadais: Ghlac na daltaí sóisearacha ó na ranganna gnó páirt i gcomórtas airgeadais níos luaithe, ag dul in iomaíocht leis na mílte daltaí eile timpeall na tíre. D’éirigh thar barr leo agus bhain siad an-sult as.

Ceardlann ‘Fighing Words’: D’fhreastail scoláirí na chéad bhliana ar cheardlann tairbheach le déanaí. Dhírigh an cheardlann ar scileanna scríbhneoireachta agus cruthaitheacht. D’éagraigh Oide Emma é agus bhí sí thar a bheith sásta le rannpháirtíocht na mac léinn.

An Idirbhliain:

Cruinniú Rogha Ábhair: Bhí cruinniú rogha ábhair ag lucht na hIdirbhliana an tseachtain seo caite. Bhí deis acu smaoineamh faoin mbliain seo chugainn. Rinne na múinteoirí léiriú daoibh.

Cúrsa Réiteora: D’fhreastail lucht na hIdirbhliana ar chúrsa réitrora leis an FAI. Bhí lá tairbheach acu go léir agus d’fhoglaim siad go leor scilleanna.

Mind Med: D’fhreastail roinnt daltaí ón idirbhlian ar chúrsa leighis. Thug sé seo deis iontach dár mic léinn taithí a fháil ar conas mar a bhíonn oiliúint agus oibriú mar ghairmí cúram sláinte.

Obair Dheonach: Lean na grúpaí YSI ar aghaidh lena n-obair deonach an tseachtain seo caite. Chuaigh grúpa amháin go dtí teach altranais agus grúpa eile go dtí an gaelscoil, leanfaidh siad ar aghaidh leis ar feadh cúpla seachtain. Cinnte go bhfuil siad ag baint sult as agus is maith an rud é go bhfuil rud éigin tairbheach á dhéanamh acu dá bpobal áitiúil.

Iriseoirí an Lae Amárach: Bhí deis ag scoláirí idirbhliana tabhairt faoin modúl nua iriseoireachta ar líne, a bheidh á mhúineadh ag cuid de phlúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití. D’fhreatsail roinnt air agus bhain siad sult as.

UCD – Geo eolaíocht: Lean na daltaí ar aghaidh leis an dtionscadal seo an tseachtain seo le tacaíocht óna múinteoirí eolaíochta agus tíreolaíochta - Oidí Aaron, Rebecca, Aoife agus Martin.

Geo-eolaíocht: Rinne lucht na hIdirbhliana a léirithe an tseachtain seo caite mar chuid de rang eolaíochta. ‘Obair dhian - ach imíonn an tuirse agus fanann an tairbhe.’ Maith sibh!!

Gym: Léan lucht na hidirbhliana ar aghaidh leis an modúl sa gym an tseachtain seo caite. Tá sé mar chuid de rang corpoideachais le hOide Dearan.

Ócáid do Lá Idirnáisiúnta na mBan: Chuaigh seisiúr ón idirbhliain go dtí an ‘Arklow Bay’ chun Ócáid do Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh.

An Spórt:

Sacar:

Buachaillí faoi 17: Bhuaigh na buachaillí faoi 17 sa chluiche ceannais . Ba é 7-1 an scór deiridh! DOCHREIDTE! Bhí cluiche den scoth acu, tá siad le moladh go mór, ach go háirithe Brian Mac Cathmhaoil - laoch na himeartha.

Buachaillí faoi 17: Bhuaigh na buachaillí faoi 17 an cluiche ceannais . Ba é 7-1 an scór deiridh! DOCHREIDTE! Bhí cluiche den scoth acu, tá siad le moladh go mór, ach go háirithe Brian Mac Cathmhaoil - laoch na himeartha.

Cailíní Bl.1: Bhí cluiche sacair ag na cailíní i gcoinne Temple Carrig. Cluiche den scoth a bhí ann. Ba é 2-0 an scór deiridh!! Tá siad le moladh go mór, ach go háirithe Sarah Ní Chuillinn agus Saoirse Ní Bhriain. Maith sibh, a chailíní!!

Buachaillí Bl.1: Bhí cluiche sacair ag na buachaillí i gcoinne Belmayne ETSS. Cluiche iontach a bhí ann. Ba é 2-1 an scór deiridh!! Tá siad le moladh go mór, ach go háirithe James Ó Caoimh a scóráil an chéad chúl agus Aaron Ó Loinsigh a scóráil a dara cúl. Ba é an cic deireanach den chluiche. Maith sibh leaids!!

Buachaillí Bl. 1: Bhuaigh lucht na céadbhliana an cluiche ceannais an tseachtain seo caite. Ba é 1-0 an scór deiridh! Is iad na Seaimpíní Laighean anois agus bogfaidh siad ar aghaidh go dtí an Cluiche leathcheannais na hÉireann anois. DOCHREIDTE! Scóráil Aaron Ó Loinisigh an t-aon chúl sa chéad chúpla nóiméad. Cúl den scoth a bhí ann! D’fhan GCM ag ionsaí go dtí deireadh an chluiche chun an bua a ghnóthú. Bhí Oide Donál an-mhórálach astu ar fhad!

Cluiche – An Idirbhliain:Bhí cluiche ag lucht na hIdirbliana i gcoinne Choláiste Creagh. Cluiche cóngarach a bhí ann agus bhuaigh siad tar éis ciceanna pionóis.

CLG:

CLG - Buachaillí Sinsearacha: Bhí cluiche den scoth ag na peileadóirí inniu. Bhí an cluiche i gcoinne Templecarraig. Ba é 6-12 go 3-4 an scór deiridh!! Maith sibh, a bhuachaillí .

Buachaillí Sinsear: Bhí na buachaillí sinsear san iomaíoch sa Chraobh Laighin Theas an tseachtain seo caite i gcoinne Pres, Ceatharlach. Ar an drochuair níor éirigh leo an bua a fháil ach throid na buachaillí go cróga go deireadh na himeartha mar is gnáth- beidh lá eile ag an bPaorach!

Cluiche Sóisear: Bhí cluiche peile ag na buachaillí sóisir le déanaí i gcoinne Phort Laoise .Cluiche den scoth a bhí ann. Ba é 5-6 go dtí 1-5 an scór deiridh!! Tá siad le moladh go mór, ach go háirithe Charlie Meirtneach, Diarmuid Ó Raghallaigh agus Brian Mac Cathmhaoil (IB) Maith sibh leaids!!

Seachtain na Gaeilge agus bliots peile:Ghlac na cailíní sinsearacha pairt i gcomórtas peile i gCeatharlach an tseachtain seo caite. Bhí sé le haghaidh Seachtain na Gaeilge agus tháinig na Gaelcholáistí go léir le chéile. Bhí lá iontach acu cé go raibh sé fliuch agus fuar.

Camógaíocht: Bhí cluiche camógaíochta ag na cailíní sóisir i gcoinne St. Kevin’s CC. Ar an drochuair, níor éirigh leo an bua a bhaint amach. Cluiche den scoth a bhí ann. Tá siad le moladh go mór, ach go háirithe Alaoise (Bl.2), Leah (IB) agus Aoibheann (Bl.2). Maith sibh, a chailíní…beidh lá eile ag an bpaorach.

Rugbaí: Bhí cluiche rugbaí ag na buachaillí sinsearacha agus ag na buachaillí sóisearacha i bpáirc Chill Mhantáin. Áfach, níor éirigh leo an bua a fháil. Tá ard-mholadh tuillte do Luka Nagys, Luke de Siúnta (sóisear), Darragh Mac Cormaic agus Jack Ó Braoin (sinsear)a dhearna sár obair. Cluichí maith a bhí ann agus d’fhoghlaim siad a lán. Cinnte go mbeidh lá eile acu!

Cluiche Rugbaí: Bhí cuiche rugbaí ag na buachaillí sóisearacha le gairid. Cinnte bhí lá iontach acu. Bhí siad go léir iontach agus léirigh siad go léir ceannaireacht. Bhí Oide Dearan an-bhródúil astu ar fad.

Galf: Bhí roinnt daltaí páirteach i gcomórtas gailf le déanaí. Bhí lá mhaith acu agus ní féidir leo fanacht go dtí an chéad lá eile.

Na Meáin Shóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
07-Noll-2023 15:45
07/12/2023 15:45:00
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 6
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 6

12-Noll-2023 08:50
12/12/2023 15:45:00
Lá SSN(JCT day-students not in school)
Lá SSN(JCT day-students not in school)

25-Noll-2023 08:50
05/01/2024 15:45:00
Saoire na Nollag
Saoire na Nollag

Nuacht is Déanaí
29-Samh-2023
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
21-Samh-2023
Eolas anseo faoi scrúduithe na Nollag Bliain 1/2&5.
27-D.Fómh-2023
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
26-D.Fómh-2023
Eolas anseo faoin bpróiséas Iontrála don scoilbhliain 24/25- Information here regarding our Admissions process for the school year 24/25.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2023 Gaelcholáiste na Mara