Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Feabhra 2023 - Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
25-Feabhra-23
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Feabhra 2023 - Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Feabhra 2023

‘Go n-éirí an bóthar leat is do chosán cóngair.’

Ginearálta:

Bréagscrúduithe: Thosaigh an séú bliain agus an tríú bliain ar na bréagscrúduithe an tseachtain seo caite. Is dea-chleachtas é dá scrúduithe stáit i mí an Mheithimh.

Measúnachtaí Iontrála Bliain 2023/2024: Rinne daltaí (Bl.1 2023/24) a scrúduithe iontrála De Sathairn seo caite. Bhí maidin an-fiúntach acu.

Cruinniú Tuistí - Bl.2: D’fhreastail scoláirí agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí ar chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí an tseachtain seo caite. Bhí na cruinnithe ar líne. Tráthnóna tairbheach a bhí ann agus chuidigh sé le dul chun cinn ár ndaltaí.

Comhairle na nDaltaí: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís chun an bhratach ómra a phlé.

Ceardlann ‘Fighing Words’: D’fhreastail scoláirí na chéad bhliana ar cheardlann tairbheach le déanaí. Dhírigh an cheardlann ar scileanna scríbhneoireachta agus cruthaitheacht. D’éagraigh Oide Emma é agus bhí sí thar a bheith sásta le rannpháirtíocht na mac léinn.

An Idirbhliain:

Taithí Oibre: Bhí daltaí na hIdirbhliana ar a dtaithí oibre roimh an sos lár téarma. Ba dheis iontach é seo dóibh toisc go bhfuair siad an deis taithí a fháil ar an saol oibre agus bhí siad in ann smaoineamh faoina gairmeacha beatha amach anseo.

Turas Bhéal Feirste: Bhí turas iontach ag daltaí na hidirbhliana go Béal Feirste le déanaí. Chaith siad dhá lá ag tabhairt cuairte ar shuíomhanna stairiúla le h Oidí Aoife, Dónal, Doireann agus Erin leo. Bhí am iontach ag gach duine, agus bhí siad go léir traochta ina dhiaidh sin.

Obair Dheonach: Lean na grúpaí YSI ar aghaidh lena n-obair dheonach an tseachtain seo caite. Chuaigh grúpa amháin go dtí teach altranais agus grúpa eile go dtí an gaelscoil, leanfaidh siad ar aghaidh leis ar feadh cúpla seachtain. Cinnte go bhfuil siad ag baint sult as agus is maith an rud é go bhfuil rud éigin tairbheach á dhéanamh acu dá bpobal áitiúil.

Ceardlann Aware: Lean Rang Cléire ar aghaidh lena gceardlann Aware. Bíonn béim curtha ar scileanna saol, conas déileáil leis na rudaí deacra a tharlaíonn. Leanfaidh an ceardlann ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain.

Oíche na nGairmeacha: An Déardaoin seo caite bhí Oíche na nGairmeacha ar siúl sa scoil. Bhí deis ag ár ndaltaí labhairt le daoine atá ag obair i go leor gairmeacha éagsúla agus ceisteanna a chur orthu faoi na deiseanna gairme, na bealaí difriúla atá le tógail, srl. Eispéireas luachmhar a bhí ann dár mic léinn mar beidh siad ag roghnú a n-ábhar don bhliain seo chugainn go gairid.

Microsoft Dreamspace: Bhí ceardlann deiridh Microsoft Dreamspace ar siúl an tseachtain seo caite. Bhí am iontach ag na daltaí agus bhain siad taitneamh as gach ceardlann.

Aoi-chainteoir: Thug príomhchainteoir ó NPWS cuairt ar dhaltaí na hidirbhliana chun labhairt faoin tseirbhís a chuireann siad ar fáil do pháirceanna náisiúnta agus don fhiadhúlra.

UCD – Geo eolaíocht: Lean na daltaí ar aghaidh leis an dtionscadal seo an tseachtain seo le tacaíocht óna múinteoirí eolaíochta agus tíreolaíochta - Oidí Aaron, Rebecca, Aoife agus Martin.

Turas AWWTP: Ar an Máirt seo caite thug roinnt daltaí ón Idirbhliain turas timpeall láithreán tógála ionad cóireála fuíolluisce an Inbhir Mhóir. D'fhoghlaim siad faoi na deiseanna gairme éagsúla atá ar fáil san innealtóireacht agus san fhoirgníocht.

An Spórt:

SACAR: Buachaillí faoi 19

Croabh na hÉireann: Roimh an mbriseadh lár téarma d'imir ár mbuachaillí faoi 19 sa Chraobh na hÉireann i gcoinne Bhéal Easa ó Mhaigh Eo.Thaistil an scoil ar fad go Baile Átha Luain chun tacú leo. Bhí an dá fhoireann neirbhíseach ag tús an chluiche seo ach tháinig an chéad deis sa chluiche go Béal Easa roimh leath ama. Bhíomar síos scór ag dtí an 88 nóiméad, léirigh Patrick Leccardi ceannaireacht agus scóráil sé an cúl cinniúnach. Bhí an scór deiridh 1-1 agus chuaigh sé go dtí am breise. Lean ár mbuachaillí ar aghaigh ach arís fuair Béal Easa cúl díreach roimh an tsosa, bhíomar sios scór arís. Áfach, níor stop ár leaids ag imirt, lean siad ar aghaidh leis an mbrú agus sa nóiméad deireanach fuair Louis Mac Maolcholium cúl ar ais. Comhscór a bhí ann nuair a chríochnaigh an chluiche. Chuaigh sé ar aghaidh go ciceanna éirice. Bhí tathaí ag na buachaillí agus bhí Adam Ó Laoire ar gcúl baire réidh. Shábháil sé an chéad cheann agus an tríú ceann. Scóráil GCM gach cic agus bhuaigh na leaids. Bhí lá den scoth againn. Ní fhéadfaimis a bheith níos bródúla as an ngrúpa leaids seo. D’oibrigh siad go crua agus léirigh siad spiorad na scoile ar a dturas go dtí Craobh na hÉireann! Comhghairdeas leo agus le hOide Gearóid.

Leathchraobh na hÉireann: Tá deis ag foireann GCM stair a bhaint amach tar éis cluiche ceannais na hÉireann a shroichint sa sacar don triú huair. Bhuaigh siad an cluiche leath-cheannais i gcoinne foireann ó Coláiste Largy ,ó Co.Mhuineacháin. Is i gCill Dhéagláin, i gCo. na Mí a imríodh an cluiche. Bhí an dá fhoireann neirbhíseach ag tús an chluiche seo ach tháinig an chéad deis sa chluiche go GCM, i ndiaidh ocht nóiméad déag. Bhí seans maith ag Oscar Mac Maolcholium, i ndiaidh obair iontach tacaíochta ó Cian Ó Nualáin. Faraor, ní éirigh leis. Bhí an chéad deich nóiméad eile sa chéad leath gan mórán deiseanna ag ceachtar den dá fhoireann. Tháinig seans eile maith go GCM - Oscar arís- ó iarracht fhada ag tús an deireadh an chéad leath. Ghearr Oscar isteach on gcliathán .I ndiaidh é sin tháinig feabhas ar Largy. Ach níor éirigh leo an liathróid a chur sa chúl. Bhí sé 0-0 ag an mbriseadh.Bhí tús an dara leath an-chosúil leis an gcéad leath, go dtí gur bhuail na himreoirí ó Mhuineacháin iarracht mhaith, le fearg, ach chuaigh sé díreach isteach i lámha Adam Ó Laoire i gcúl GCM. Tháinig an chéad seans eile sa chluiche do Largy arís ach níor éirigh leo. Fiche nóiméad roimh dheireadh an chluiche, thosaigh na foirne ag úsáid a mbinse. D’athraigh sé seo an cluiche. Bhí cic cúinne ann, a chuir Dylan Ó Leannán isteach sa bhosca agus chuir an t-ionadaí Liam De Búrca an liathróid isteach san eangach , chun a fhoireann a chur chun tosaigh. Cúl den den scoth a bhí ann! D’fhan GCM ag ionsaí go dtí deireadh an chluiche chun an bua a ghnóthú. Bhí dhá iarracht ag deireadh an chluiche ag Louis Mac Maolcholium agus Cian Ó Nualain arís, ach ní bhfuair siad an dara cúl. Chuir siad bac ar Largy aon seans ceart a fháil ar an gcúl. Cosaint iontach a bhí ann.

Foireann GCM:Adam Ó Laoire, Chris Ó Brian, Patrick Leccardi, Fenn Ó hUalachán, Louis Mac Maolcholium; Oscar Mac Maolcholium, Brian Mac Cathmhaoil, Dylan Ó Lennán, Tadhg Ó Sheá; Brian Ó hUrthuile, Cian Ó Nualain.

Ionadaithe: Sam Mac Criostaí do Bhrian Ó hUrthuile, (64) Liam De Burca d' Oscar Mac Maolcholium (73)

SACAR: Buachaillí faoi 17

Cluiche Sacair: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 17 le déanaí i gcoinne St. Killians ó Bhré. Cluiche den scoth a bhí ann agus bhuaigh na buachaillí, ba é 4-2 an scór deiridh. Scóráil Liam de Búrca dhá chúl, fuair Brian Mac Cathmhaoil agus Cian Ó Nualáin na cinn eile. Bogfaidh siad ar aghaidh go dti an chéad bhabhta eile. Bhí Oide Gearóid an-bhródúil astu ar fad.

SACAR: Buachaillí faoi 15

Cluiche Ceannais: Bhí cluiche ceannais ag na buchaillí faoi 15 i gcoinne EGS. Ar an drochuair níor éirigh leo. D’imir siad go léir go maith go háirithe Finn Ó Laoire, Jonathan Nuzum, Pádraig Mac Suibhne agus scóráíl Colclough O Brion an cúl. Mí-ádh, a bhuachaillí. Cinnte go mbeidh lá eile agaibh!

Bhí cluiche eile acu i gcoinne Choláiste Abbáin ó Loch Garman. Cluiche an-chóngarach a bhí ann. D’imir na leaids go maith le linn an chluiche agus chuir siad an-bhrú orthu. Fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic agus chríochnaigh an cluiche le scór 1-0 dúinn. Chuir Aaron Ó Loinisigh an liathróid isteach san eangach, chun a fhoireann a chur chun tosaigh.

SACAR NA MBAN

Cailíní faoi 19: Bhí cluiche áitiúil ag na cailíní faoi 19 le déanaí i gcoinne Choláiste Naomh Mhuire agus d’érigh leo. Ba é an scór deiridh ná 1-0 le cúl ó Molly Nic Giolla Rabhaigh. Maith sibh, a chailíní. Bhí Oide Aoife an-tógtha lena n-iarrachtaí.

Cailíní Bl.1: Bhí cluiche ag lucht na céadbhliana le gairid i gcoinne na Clocha Liath. Ar an drochuair níor érigh leo. Mí-ádh, a chailíní! Cinnte go mbeidh lá eile acu.

SACAR: Buachaillí Bl.1

D’imir lucht na céadbhliana sa cheathrú chraobh Laighin an Mháirt seo caite i gcoinne Choláiste Marian ó Bhaile Átha Cliath. Bhí ár mbuachaillí chun tosaigh sa chluiche ach fuair Coláiste Marian cúl luath tar éis nóiméad amháin. Lean na leaids ar aghaidh agus fuair siad dhá chúl ar ais- ceann amháin ó James Ó Caoimh agus ceann eile ó Ciarán Mac Cathmhaoil. Bhí siad go léir iontach agus léirigh siad go léir ceannaireacht ach go háirithe Jonathan Nuzum. Bogfaidh siad ar aghaidh go dtí an leathchraobh Laighin i gceann cúpla seachtain agus guímid gach rath orthu!

CLG

Bliots: Ghlac cáilíní ón gcéad bhliain páirt i mbliots le déanaí. Bhí lá den scoth acu agus bhuaigh siad dhá chluiche as trí. Bhí Oide Avril an-tógtha lena n-iarrachtaí.

Cluiche Sóisear - Cáilíní: Bhí cluiche ag na cáilíní sóisearacha i gcoinne DCW an tseachtain seo caite. Bhí iomaíocht ghéar idir na foirne ach níor éirigh leo. Chaill siad le dhá phointe. Bhaineadar go léir an-taitneamh as an gcluiche agus léiríodh ard-scil agus an-chumas lena linn. Cluiche iontach a bhí ann agus léirigh siad go léir díograis le linn an chluiche. Bhí cluiche den chéad scoth ag Rose Ní Dhonnchadh (Bl.1), Ruby Ní Éilí, Millie Ní Thréanlámhach, Izzie Nic Giolla Chatáin (Bl.3) agus Meg Ní Chiardha (Bl.2) gan ach cúpla duine a lua.

Bliots Peile: Bhí an-spraoi ag na cailíní Bl.2 inniu i gCill Chomhghaill. Bhuaigh siad cluiche amháin, chaill siad cluiche amháin agus bhí comhscór sa chluiche deireanach.

Cluiche Sóisear - Buachaillí: Bhí cluiche ag na buachaillí sóisearacha i gcoinne Duiske – Scoil ó Chill Chainnigh an tseachtain seo caite. Bhí cluiche iontach acu agus bhuaigh siad le scór 8-17 go 0-2. Bhí Oide Tiarnán an-bhródúil astu ar fad.

CLG - Buachaillí Bl. 2: D’imir lucht na dara bhliana sa chraobh Laighin an Mháirt seo caite i gcoinne Phobalscoil Chaisleán an Chomair ó Chill Chainnigh i mBaile Coimín. Bhí ár mbuachaillí go maith sa chéad leath ach bhí críoch níos fearr ag an fhoireann eile agus bhuaigh siad. Bhí an scór deiridh ná 6-11 go 5-7. Tá ár mbauchaillí críochnaithe anois áfach bhí séasúr den scoth acu agus léirigh siad go léir ceannaireacht ach go háirithe Josh de Búrca, Colclough O Broin, Rónán Ó Sé , Finn Ó Laoire agus Jonathan Nuzum.

Traenáil Camógaíochta: Lean na cailíní ar agahidh af traenáil le hOide Doireann an tseachtain caite, bhí seisiún den scoth acu. Is léir go bhfuil siad ag teacht le chéile mar fhoireann.

Lúthchleasaíocht

Bhí lá iontach ag na lúthchleasaithe cúpla seachtain ó shin a bhí san iomanaíocht sa chraobh tras tíre Laigheann. Táimid an-bhródúil astu – Aoife Ní Shúilleabháin, Alaoise Nic Oireachtaigh sgus Matthew Ó Maonaigh, faraor níor éirigh leo. Beidh lá eile acu!

Rugbaí

Bhí bliots rugbaí ag cailíní na céadbhliana an seachtain seo caite. Cinnte go raibh lá iontach acu. Bhí siad go léir iontach agus léirigh siad go léir ceannaireacht. Bhí Oide Dearan an-bhródúil astu ar fad.

Na Meáin Shóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
02-Meith-2023 12:00
28/08/2023 08:40:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

07-Meith-2023 08:50
27/06/2023 15:45:00
Scrúduithe Stáit
Scrúduithe Stáit

Nuacht is Déanaí
31-Bealt-2023
Scrúduithe an tSamhraidh 2023- Amchlár anseo le haghaidh scrúduithe Bliain 1/2&5 an tseachtain seo.
29-Bealt-2023
Busanna - Ardteist agus Teastas Sóisearach 2023- Wicklow bus timetable for State examinations 2023.
26-Bealt-2023
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
26-Bealt-2023
Bl.6 agus an Idirbhliain
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2023 Gaelcholáiste na Mara