Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Eanáir 2023 - Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
31-Eanáir-23
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Eanáir 2023 - Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Eanáir 2023

‘Ní fhaghann cos’ na comhnaidh aon nídh’

Fáilte ar ais, tá súil againn go raibh saoire deas agaibh go léir!

Craobh na hÉireann - Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

An tseachtain seo caite thaistil ár bhfoirne díospóireachta go dtí an Iarmhí ar bhus le lucht tacaíochta, idir dhaltaí agus mhúinteoirí, chun páirt a ghlacadh i gCraobh na hÉireann - Comórtas Diospóireachta Uí Chadhain. Ar an gcead dul síos bhí an comórtas sóisear ar siúl. Bhí Donncha O Raghallaigh, Cian Chatterjee agus Cillian Ó Suilleabháin ar an bhfoireann. Bhí an triúr dochreidte, labhair siad go láidir ar son an rúin “Is í an eisimirce an rogha is fearr d’aos óg na tíre seo faoí láthair” . Faraor, ní raibh an bua acu ach táimid an-bhródúil astu leis an taispeántas láidir tugtha acu - beidh lá eile ag an bPaorach!

Sa chomórtas sinsearach bhí Andrea Ní Fhearaíl, Alex Muntean agus Rónan Ó hÍcí ar an bhfoireann. Bhí iomaíocht dhian idir na foirne agus labhair siad go láidir i gcoinne an rúin spéisiúil seo “Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ag cosaint an daonlathais” D’éirigh leo Craobh na hÉireann a bhaint amach agus an éacht seo tuillte go maith acu. Bhí siad iontach ar fad! Ní fhéadfaimis a bheith níos bródúla astu. Tar éis an-chuid ama , go leor uaireanta agus tacaíocht ó Oidí Eibhlín agus Tiarnán bhuaigh siad Craobh na hÉireann - Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain. Comhghairdeas libh!

An Spórt:

Leathchraobh na hÉireann

Tá deis ag foireann GCM stair a bhaint amach tar éis cluiche ceannais na hÉireann a shroichint sa sacar don triú huair.Bhuaigh siad an cluiche leath-ceannais i gcoinne foireann ó Coláiste Largy ,ó Co.Muineacháin. Is i gCill Dhéagláin, i gCo. na Mí a imríodh an cluiche.Bhí an dá fhoireann neirbhíseach ag tús an chluiche seo ach tháinig an chéad deis sa chluiche go GCM, i ndiaidh ocht nóiméad déag. Bhí seans maith ag Oscar Mac Maolcholium, i ndiaidh obair iontach tacaíochta ó Cian Ó Nualáin. Faraor, ní éirigh leis. Bhí an chéad deich nóiméad eile sa chéad leath gan mórán deiseanna ag ceachtar den dá fhoireann. Tháinig seans eile maith go GCM - Oscar arís- ó iarracht fhada ag tús an deireadh an chéad leath. Ghearr Oscar isteach on gcliathán .I ndiaidh é sin tháinig feabhas ar Largy. Ach níor éirigh leo an liathróid a chur sa chúl. Bhí sé 0-0 ag an mbriseadh.Bhí tús an dara leath an-chosúil leis an gcéad leath, go dtí gur bhuail na himreoirí ó Muineacháin iarracht mhaith, le fearg, ach chuaigh sé díreach isteach i lámha Adam Ó Laoire i gcúl GCM. Tháinig an chéad seans eile sa chluiche do Largy arís ach níor éirigh leo. Fiche nóiméad roimh dheireadh an cluiche, thosaigh na foirne ag úsáid a mbinse. D’athraigh sé seo an cluiche. Bhí cic cúinne ann, a chuir Dylan Ó Leannán isteach sa bhosca agus chuir an t-ionadaí Liam De Búrca an liathróid isteach san eangach , chun a fhoireann a chur chun tosaigh. Cúl den den scoth a bhí ann! D’fhan GCM ag ionsaí go dtí deireadh an cluiche chun an bua a ghnóthú. Bhí dhá iarracht ag deireadh an chluiche ag Louis Mac Maolcholium agus Cian Ó Nualain arís, ach ní bhfuair siad an dara cúl. Chuir siad bac ar Largy aon seans ceart a fháil ar an gcúl. Cosaint iontach a bhí ann.

Foireann GNM-Adam Ó Laoire; Chris Ó Brian, Patrick Leccardi, Fenn Ó hUalachán, Louis Mac Maolcholium; Oscar Mac Maolcholium, Brian Mac Cathmhaoil, Dylan Ó Lennán, Tadhg Ó Sheá; Brian Ó hUrthuile, Cian Ó Nualain.

Ionadaithe: Sam Mac Criostaí do Bhrian Ó hUrthuile, (64) Liam De Burca d' Oscar Mac Maolcholium (73)

Beidh Craobh na hÉireann an tseachtain seo chugainn i gcoinne Foxford ó Co. Maigh Eo. Guímid gach rath orthu agus Oide Gearóid.

Craobh Laighin - Sacar

Dé Máirt seo a d’imigh tharainn bhí craobh Laighin ag ár mbuachaillí faoi 19 i Mullach na Pise. Bhí an cluiche i gcoinne Choláiste Ghlór na Mara. Bhuel, bhí cluiche iontach acu agus cinnte go raibh dianchomórtas rompu. Fuair Coláiste Glór na Mara an chéad chúl, bhí na buachaillí faoi brú ach fuair Louis Mac Maolcholuim cúl ar ais. Arís, fuair Glór na Mara cúl eile ach ag an nóiméad deiridh thángamar ar ais le cúl ó Fenn Ó hUallacháin. Chríochnaigh an cluiche ar comhscór, fós bhí deis acu le ciceanna pionóis - ní dhearna sé ach cur leis an teannas! Fuaireamar ceithre chúl agus ba leo é sin chun an cluiche a bhuachan! Ba iad Cian Ó Nualáin, Louis Mac Maolcholuim, Sam Mac Críostaí agus Liam de Búrca a scóráil. Tá ard-mholadh tuillte do Adam ó Laoire a dhearna sár obair mar chúl baire. Bhí Oide Gearóid agus an scoil go léir an-bhródúil as an bhfhoireann agus anois beidh leathchraobh na hÉireann Dé Luain seo chugainn. Guímid gach rath orthu!

Leathchraobh Laighin – Peil Ghaelach

Dé Luain seo caite bhí leathchraobh Laighin ag na buachaillí sinsearacha i gcoinne Bhaile Choimín. Bhí iomaíocht ghéar idir na foirne agus d’éirigh go maith leo chun an bua a fháil. Bhaineadar go léir an-taitneamh as an gcluiche agus léiríodh ard-scil agus an-chumas lena linn. 3-5 / 0-12 an scór a bhí ann ag an bhfeadóg dheiridh. Cluiche iontach a bhí ann agus léirigh siad go léir díograis le linn an chluiche. Bhí cluiche den chéad scoth ag Brian Ó hUrthuile, Chris Ó Briain , Fenn Ó hUallacháin agus Tomás O Raghallaigh gan ach cúpla duine a lua. Bogfaidh na buachaillí ar aghaidh go dtí an croabh Laighin Theas anois, beidh sé ar siúl tar éis sos lár téarma.

Leathchraobh – Faoi 15

Bhí leathchraobh ag na buachaillí faoi 15 i gcoinne Phobalscoil Clocha Liath Dé Máirt seo caite. Cluiche bríomhar spleodrach a bhí ann agus tháinig ár mbuachaillí amach le bua. 4-2 a scór a bhí ann nuair a chríochanigh an cluiche. Sheas Jonathan Nuzum amach le linn an chluiche mar fuair sé tréchleas - is eacht é! Fuair Oisín Ó Duigeannáin an cúl eile, cúl den scoth a bhí ann. Bhí Oide Martin an-bhródúil as an bhfhoireann agus anois tá siad sa chraobh.

Lúthcheasaíocht: Ghlac scoláirí GCM páirt sa chomórtas lúthchleasaíochta Oirthear Laighin ar an gCéadaoin i bPáirc an Fhionnuisce. Moladh mór do na scoláirí ar fad a ghlac páirt! Comhghairdeas le hAoife Ní Shúilleabháin (Bl.1), Alaoise Nic Oireachtaigh (Bl.2) agus Matthew O’Maonaigh (Bl.2) a bhain cáilíocht amach don Chraobh Laighin i gceann coicíse.

Cluiche buachaillí faoi 15: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 15 an tseachtain seo caite i gcoinne Choláiste Ráithín, d’éirigh leo. Maith sibh, a bhuachaillí. D’oibrigh siad go dícheallach agus scóráil siad cúig chúl. Scóráil Oisín Ó Duigeannáin (Bl.3) agus Jonathan Nuzam (Bl.1) cúl amháin agus fuair Scott Ó hOldain (Bl.2) tréchleas. Dochreidte! Bhí Oide Martin an-tógtha lena n-iarrachtaí.

Cluiche faoi 19: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 19 i gcoinne Choláiste Ghrennan ó Chill Chainnigh agus d’éirigh leo. Maith sibh, a bhuachaillí. Cluiche gar a bhí ann agus chuaigh sé chuig ciceanna pionóis agus bhuaigh siad sa deireadh.

Cluiche faoi 19 agus faoi 15: Bhí cluiche ag na cailiní faoi 19 i gcoinne Choláiste Naomh Mhuire agus d’éirigh leo. Maith sibh, a chailliní. 1-0 an scór a bhí ann nuair a chríochnaigh an cluiche. Bhí cluiche eile ag na cailíní faoi 19 i gcoinne Templecarrig, ar an drochuair níor éirigh leo. Mí-ádh, a chailíní! Bhí an chéad leath dúshlánach acu, ach tháinig feabhas mór orthu sa dara leath. Bhí Oide Aoife an-bhródúil astu mar níor stop siad ag imirt. Freisin, bhí cluiche ag na cailíní faoi 15 an tseachtain seo caite i gcoinne Naomh Mhuire, áfach níor éirigh leo. Mí-ádh, a chailíní! Ba é an chéad chluiche a bhí acu agus léirigh siad go leor cumas agus scil. Bhí Maria an-sásta leo agus a n-iarrachtaí ar an lá.

Cluiche - Cailíní Bl.1: Bhí cluiche sacair ag cailíní na chéad bhliana i gcoinne Pobal scoil na Clocha Liath. Ar an drochuair chaillleadar ach léirigh siad go leor cumais agus tá siad ag breathnú ar a gcéad chluiche eile.

Cluiche - Idirbhliain: Bhí cluiche sacair ag buachaillí na hidirbhliana i gcoinne Charn an Bhua. Níor bhuaigh siad an cluiche, ach is foireann fíor-láidir an fhoireann seo agus beidh rath orthu amach anseo. Is féidir le hOide Gearóid nios mó oibre a dhéanamh leo anois.

Traenaíl Peile: Lean na foirne ar aghaidh ag traenáil leis an GDO, tá siad go léir ag baint sult as.

Cluiche Rugbaí:Bhí cluiche rugbaí ag na buachaillí sóisearach an tseachtain seo caite, cluiche maith a bhí ann agus d’éirigh leo an bua a fháil. 10-5 an scór a bhí ann nuair a chríochnaigh an cluiche. Bhí Oide Dearan an-sásta leo agus an fhorbairt déanta acu.

Ginearálta:

Comhairle na nDaltaí: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid oibre go dtí seo le tacaíocht ó Oide Laura. Phléigh siad folláine agus cád atá ar siúl sa scoil faoi láthair agus cad gur féidir leo a dhéanamh. Bhí díospoireacht bhríomhar agus fiúntach ann. Tá siad ag obair ar phlean agus tá súil acu go gcuideoidh siad le cúrsaí folláine sa scoil le tacaíocht ó Óidí Laura agus Rebekah.

Coiste Glas: Bhuail an Coiste Glas le chéile arís le hOide Aaron. Phléigh siad an cheist maidir le hathchúrsáil ar scoil agus tá súil acu go n-úsáidfidh na daltaí go léir na boscaí bruscair athchúrsála i gceart.

Seachtain WEEE - Bailiúchán Cadhnraí/Coiste Glas: Bhí an coiste glas ag bailiú cadhnraí an tseachtain seo caite.

Cruinniú Tuistí - Bl.5: D’fhreastail scoláirí na cúigiú bliana agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí ar chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí an tseachtain seo caite. Bhí na cruinnithe ar líne. Tráthnóna tairbheach a bhí ann agus chuidigh sé le dul chun cinn ár ndaltaí.

An Idirbhliain:

Obair Dheonach: Thosaigh an grúpa YSI lena n-obair dheonach an tseachtain seo caite. Chuaigh grúpa amháin go dtí teach altranais agus grúpa eile go dtí an gaelscoil, leanfaidh siad ar aghaidh leis seo ar feadh cúpla seachtain.

LIFT: Thosaigh an idirbhliain ceardlann a dhíríonn ar cheannaireacht dhearfach. Leanfaidh siad ag freastal ar na ceardlanna seo ar feadh cúpla seachtain.

Ceardlann Drummaí:Rinne na daltaí go léir ceardlann drumadóireachta le 'Rhythm and Shakes’ an tseacthain seo caite. Lá iontach don cheol is don chruthaitheacht a bhí ann.

UCD – Geo eolaíocht: Thug mic léinn taighde ó UCD cuairt ar lucht na hidirbhliana agus phléigh siad an gheo-eolaíocht. Chuir siad tionscadal i láthair a mbeidh na scoláirí ag obair air le tacaíocht óna múinteoirí eolaíochta agus tíreolaíochta - Oidí Aaron, Rebecca, Aoife agus Martin.

Ceardlann Aware: Thosaigh Rang Cléire a gceardlann le Aware. Bhí béim curtha ar scileanna saol, conas déileáil leis na rudaí deacra a tharlaíonn sa saol. Leanfaidh an cheardlann ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain.

Dream Space: D’fhreastal daltaí na hidirbhliana ar cheardlann (an dara ceann) le ‘Dream Space Microsoft’ i mBaile Átha Cliath le déanaí. Dhírigh sé ar scileanna sóisialta-mhothúchánacha a chruthú mar scileanna sóisialta-mhothúchánach amhail comhbhá, cruthaitheacht, cinnteoireacht eiticiúil agus comhoibriú. Bhí lá iontach acu agus is cinnte gur fhoghlaim siad go leor.

Na Meáin Shóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
03-Aib-2023 08:40
14/04/2023 15:45:00
Saoire na Cásca
Saoire na Cásca

01-Bealt-2023 08:40
01/05/2023 15:45:00
Lá saoire bainc
Lá saoire bainc

02-Bealt-2023 08:40
02/05/2023 15:45:00
Lá saoire
Lá saoire

Nuacht is Déanaí
25-Feabh-2023
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
31-Ean-2023
Amchlár/Rialacha ar fáil anseo-Timetables/Rules available here.
31-Ean-2023
A chara, Eolas anseo faoin bplean atá againn le haghaidh Craobh na hÉireann sa sacar faoi 19 atá ar siúl Aoine an 10ú Feabhra.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2023 Gaelcholáiste na Mara