Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Dheireadh Fómhair 2024- Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
04-Samhain-24
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Dheireadh Fómhair 2024- Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara 

Deireadh Fómhair

2024

'Aithnítear cara i gcruatan.'

Ginearálta:

Oíche Oscailte: Bhí an oíche oscailte againn sa scoil roimh an sos lár téarmach. Measadh gur éirigh thar cionn leis an oíche. Bhí an scoil an-ghnóthach agus bhain gach éinne sult as agus feicfimid na daltaí nua i 2025.

Scoláireacht: Bronnadh Scoláireacht “Foras Naughton” ar Sophia ní Mháirtín ar an Satharn i gColáiste na Tríonóide . Guímid gach rath ar Sophia lena staidéar ar an Innealtóireacht in Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Maith thú Sophia.

Club Amhránaíochta: Lean Club Amhránaíochta ar aghaidh le hOidí Helen agus Bernie. Tá na daltaí ag baint sult as. Bíonn siad ag tnúth le gach Aoine.

Cruinniú Tuistí - Bl.3: D’fhreastail scoláirí na triú bliana agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí ar chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí an tseachtain seo caite. Tráthnóna tairbheach a bhí ann agus chuidigh sé le dul chun cinn ár ndaltaí.

Coiste Glas: Bhuail an Coiste Glas le chéile arís i mbliana. Beidh Oide Aaron ag obair lenár ndaltaí ar son na timpeallachta, tá siad chun plean a chur i bhfeidhm chun ár dtimpeallacht scoile a fheabhsú. 

Torthaí na Sraithe Sóisearaigh 2024: Comhgháirdeas lenár ndaltaí a bhfuair a gcuid torthaí an tseachtain seo caite. Táimid an-bhródúil astu go léir. 

Díospóireachtaí Gaeilge: Thosaigh an club díospóireachta arís i mbliana. Bhí an chéad bhabtha ag na Sóisearaigh agus ag na Sinsearaigh i mbaile Átha Cliath. Bhuaigh an dhá ghrúpa agus ádh mór orthu don chéad bhabhta eile i mí na Samhna. Is iad Riley ó Muirí, Lola Ní Eachthigearna agus Freya Muntean atá ar an bhfoireann Shóisearach agus is iad Rónan ó hIcí, Liam Roibhéal, agus Cian Chatterjee atá ar an bhfoireann Shinsearach. D’oibrigh said go dian dicheallach in éineacht le hOide Eibhlín. 

Ranganna Ceoil: Lean na daltaí ar aghaidh le ranganna ceoil le hOisín. Tá siad go léir ag baint sult as agus ag tnúth le gach Aoine.

Oireachtas na Samhna 24 : Ghlac Rónán ó hIcí agus Alex Muntean páirt san Agallamh Beirte I gCill Áirne le linn an bhriseadh. Taithí iontach a bhí ann dóibh a bheith I measc na Gaeilgeoirí ar fad ó na Gaeltachtaí ar fúd na hÉireann . Bhí Oide Eibhlín in éineacht leo agus bhí sí thar a bheith bródúil astu. Maith sibh a bhuachaillí .

An Idirbhliain:

Codladh Lasmuigh: Bhí lucht na hIdirbliana agus Oidí Aaron, Emma, Aife, Lauren, Bernie agus Martin páirteach don imeacht carthanachta ar son Focus Ireland – carthanas do dhaoine gan dídean. Chodail siad go léir taobh amuigh. Tháinig ionadaí ó ‘Focus Ireland’ isteach chun an seic a bhailiú ón ngrúpa daltaí ón IB. Bhailigh siad €5321 ar son daoine gan dídean. Bhí na daltaí an-ghnóthach ag eagrú gníomhaíochtaí eagsúla chun airgid a bhailiú- bhí tráth na gceist ag lucht na chéad bhliana agus lucht na dara bhliana. -bhí díolachán cístí acu agus bhailigh siad a lán airgid as. Freisin, bhí crannchur eagraithe 

acu. Ba léir go raibh siad an-tiomanta don chúis. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a thug airgead dúinn. Go raibh míle maith agaibh go léir! 

Mná in Eitlíocht (Webinar): Bhí maidin spéisiúil ag na cailíní nuair a fhreastail siad ar cheardlann faoi ‘Mná in Eiltíocht’. Cinnte gur bhain siad sult as. 

Ceardlann – Redesign Ireland: Tá an lá oiliúna seo dírithe ar dhaltaí na hIdirbhliana chun iad a chur i ngleic leis na saincheisteanna comhshaoil atá os comhair ár ndomhan inniu. Phléigh siad conas déileáil leis an ngéarchéim aeráide reatha,  fadhbanna truaillithe domhanda ar an talamh agus san aigéan. Fuair ár gcuid mac léinn tuiscint ar thábhacht na bithéagsúlachta agus d'fhoghlaim siad faoí chonas í a chosaint agus a athchóiriú. 

Obair Dheonach: Lean rang Iomaí ar aghaidh le hObair Dheonach an tseachtain seo agus tugann sé an-sásamh dóibh.

Rothaíocht: Chuaigh na daltaí ag rothaíocht go dtí an trá agus cuireadh de chúram orthu an bruscar a bhailiú. Rinne siad jab iontach.

Turas NPWS go Gleann Dá Locha: Bhí Lá caomhnúcháin ar siúl acu san Ionad Oideachais sa Pháirc Náisiúnta i gCill Mhantáin. Ghlac siad pairt i nGníomhaíochtaí iontacha ann agus bhí lá den scoth acu.

Ceardlann Fichille: D’fhreastail na daltaí go léir ar cheardlann fichille. Bhain siad sult as.

Spórt:

Sacar

Bhí na buachaillí faoi 19 an-ghnóthach an Mhí seo. Bhí ceithre chluiche acu.  

Buachaillí faoi 19: Ghnóthaigh siad Bua 5-1 i gcoinne Killinarden CS sa chéad babhta Laighean. Tréchleas ó Cian ó Nualáin, cic saor ó Brian Mac Cathmhaoil agus cúl eile ó Jack Ó Diomsaigh. Maith sibh leaids!

Comórtas CM/LG: Bhí cluiche sacair ag na buachaillí i gcoinne Adamstown CC. Ba é 5-1 an scor deiridh – dha chúl ó Liam de Burca, cúl amháin ó Jack Ó Diomsaigh, cúl amháin ó Fenn Ó hUallacháin agus cúl eile ó Daire de hÓra. Caithfimid aitheantas a thabhairt do Thadhg Ó Broin a bhí an-laidir ar an lá.

Comórtas Laighean: Bhí cluiche eile acu agus d’éirigh leo an bua a fháil. Ba é 3-2 an scór deiridh - Tr️échleas ó Cian Ó Nualáin arís. Bhí cluiche den scoth ag Finn Ó Laoire sa chúl.

Comórtas CM/LG: Bhí cluiche acu i gcoinne East Glendalough. Ba é 3-1 an scór deiridh. Cúl ó Cian Ó Nualáin, cúl ó Luke ó Muirí agus cúl eile ó Brian Mac Cathmhaoil. Caithfimid aitheantas a thabhairt do Kyle mac an Mhuilinn agus Zach ó Tuathail a bhí an-laidir.

Buachailli faoi 17: Bhí cluiche sacair ag na buachaillí faoi 17. Ba é 3-0 an scór deiridh. Maith sibh.

Cailíní faoi 19: Bhí cluiche sacair ag na cailíní. Ba é 7-1 an scór deiridh. Ceithre chúl ó Saoirse Ní Bhriain, cúl ó Katie Nuzum agus cúl ó Lucy Ni Dhomsaigh. Maith sibh a chailíní.

Bhí cluiche iontach ag na buachaillí faoi 15 ar an Aoine, d’éirigh leo an bua a fháil. Maith sibh leaids

Cailíní faoi 15: Bhí cluiche sacair ag na cailíní faoi 15 i gcoinne Educate Together (Guaire). Bhí bua den scoth acu! Caithimid aitheantas ar leith a thabhairt do Katie Nuzum a fuair ️ceithre chúl, Saoirse Ní Bhrian a fuair cúl agus Kayla Foghlada Ní Bhroin a fuair cúl eile️. Maith sibh a chailíní! Ar aghaidh libh go dtí an chéad babhta eile!

Cailíní faoi 17: Bhí cluiche sacair ag na cailíní faoi 17 i gcoinne Educate Together (Guaire). D'éirigh leo an bua a fháil, ba é 3-0 an scór deiridh. Caithimid aitheantas a thabhairt do Saoirse Ní Bhrian a fuair dhá chúl agus Rose Ní Dhonnchadha a fuair cúl eile️. Maith sibh a chailíní!

CLG

Cailíní sinsearacha: Bhí bliots peile ag na cailíní sinsearacha. Bhí trí chluiche acu. Bhuaigh siad an chéad chluiche, bhí comhscór acu ansin faraor níor éirigh leo sa bhabhta deireanach. 

Bliots sinsearacha: Bhí cluiche peile ag na cailíní sinsearacha. Bhi sé i gcoinne DCW. Bhí siad thar a bheith iomaíoch faraor níor éirigh leo. Tá siad an-óg mar fhoireann ach fós lean siad ar aghaidh go dtí an fheadóg deiridh!

Cailíní sóisearacha: Bhí cluiche peile ag na cailíní . Bhi sé i gcoinne Creagh. Bhí siad thar a bheith iomaíoch agus  d’éirigh leo an bua a fháil le pointe amháin. Maith subh cailíní.

Buachaillí sinsearacha: Bhí cluiche peile ag na buachaillí sinsearacha. Bhi sé i gcoinne Scoil Chonglais. Bhí siad thar a bheith iomaíoch faraor níor éirigh leo. Mí ádh leaids . Cinnte go mbeidh lá eile acu.

Buachaillí sinsearacha: Bhí na buachaillí an-ghnóthach sa téarma agus chríochniagh siad ar an Déardaoin deireanach. Bhí cluiche acu i gcoinne Abhainn Dála, cluiche an-iomaíoch a bhí ann ach d’éirigh leo an bua a fháil sa deireadh.

Buachailí faoi 14: Bhí an fhoireann faoi 14 ag imirt peile le linn na seachtaine deiridh den téarma. Bhí sé i gcoinne Mheánscoil Garman. Bhí ár mbuachaillí an- laidir agus d’éirigh leo an bua a fháil. Tá siad ag ullmhú don chéad bhabhta eile i gcoinne Choláiste Craobh Abhann.

Iománaíocht: Go dtí seo i mbliana bhí dhá chluiche againn san iománaíocht faoi 16. D'éirigh linn a bheith an-iomaíoch i gcoinne CBS an Inbhir Mhóir agus Meánscoil Gharman Inis Córthaidh cé nach raibh bua againn go fóill. Tá an fhoireann seo óg le buachaillí ag teacht ó Bhliain 1/2/3 agus an Idirbhliain. Tá spiorad láidir iontu agus tá sé seo le sonrú ar an bpáirc imeartha. Faoi láthair tá siad ag ullmhú don chéad bhabhta eile i gcoinne Pobal Scoil Bun Clóidí.

Na Meáin Shóisialta:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
23-Noll-2024 08:50
03/01/2025 15:45:00
Saoire na Nollag
Saoire na Nollag

03-Feabh-2025 08:50
03/02/2025 15:45:00
Lá Saoire
Lá Saoire

17-Feabh-2025 08:50
21/02/2025 15:45:00
Sos lár téarma
Sos lár téarma

Nuacht is Déanaí
04-Noll-2024
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
19-Samh-2024
Sonraí anseo mar gheall ar scrúduithe an Gheimhridh le haghaidh Bliain 1/2/5. Information here regarding the upcoming assessments for Bliain 1/2/5.
04-Samh-2024
Seachtain Staidéir 2024
24-D.Fómh-2024
Eolas anseo mar gheall ar an bpróiseas iontrála-Information here regarding our admissions process.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Gaelcholáiste na Mara