Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Meán Fómhair 2022 - Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, ócáidí, ginearálta agus spórt.
28-Meán Fómhair-22
Nuachtlitir Mhíosúil - Meán Fómhair 2022 - Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara - Meán Fómhair 2022

‘Tús maith leath na hoibre!’

Ginearálta:

Fáilte ar ais gach duine. Táimid go léir ar ais i ranganna agus ag obair go dian tar éis an tSamhraidh.

Turas Ealaíne:Bhí lá iontach cultúrtha ag na ranganna ealaíne i mBliain 5 agus 6. D’fhreastal an grúpa agus Oide Roisín ar amharclann, gailearaí, stiúideo ealaíne agus rinne siad siúlóid timpeall na múrphictiúirí i bPort Láirge.

Lucht na Chéad Bhliana: Chuireamar fáilte roimh bhliain a haon. Tá trí rang nua againn, Arcáin, Tóraí agus Tuscaire. Guímid gach rath orthu agus tá súil againn go mbainfidh siad sult as saol i nGaelcholáiste na Mara.

An Ardteistiméireacht 2022:Fuair na daltaí a rinne an Ardteistiméireacht (Rang Tóraí) i mbliana a dtorthaí. Bhí siad an-sásta agus táimid ar fad an-bhródúil astu. Comhgháirdeachas go spéisialta le ceathrar, Annika Seadaic, Adam Mac Gabhann, Connor Mac Carthaigh agus Sabha van der Heide, a bhfuair níos mó ná 600 pointe. Ghnóthaigh níos mó ná leath na bliana thar 500 pointe. Guímid gach rath orthu leis an gcéad chéim eile. Maith sibh a dhaltaí.

Turas go dtí an Iodáíl: Chuaigh siad chun na hIodáile le hOidí Aaron, Aoife agus Helen. Turas an-sultmhar a bhí ann agus bhain siad go léir taitneamh as. Is é an chéad turas thar sáile ó 2019, agus bhí na daltaí an-bhuíoch don turas..

Coiste Glas: Bhuail an Coiste Glas le chéile arís i mbliana. Beidh Oide Aaron ag obair lenar ndaltaí ar son na timpeallachta, tá siad chun plean a chur i bhfeidhm chun ár dtimpeallacht scoile a fheabhsú.

Comhairle na nDaltaí:Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís. Tá ionadaí ó bheagnach gach rang agus beidh siad ag obair go dian ar son na scoláirí le hOide Laura. Caithfidh siad an cathaoirleach, an leaschathaoirleach agus an rúnaí a thoghadh. Beidh an cathaoirleach ag éascú na gcruinnithe, seasfaidh an leaschathaoireach isteach mura bhfuil an cathaoirleach ar fáil agus coimeádfaidh an rúnaí na miontuairiscí. Beidh béim curtha ar na spriocanna ata againn i mbliana.

An Idirbhliain:

Thosaigh an Idirbhliain ar an gCéadaoin seo caite. Bhí lá gnóthach acu mar bhí Oide Aaron ag roinnt eolais leo maidir le ranganna. Chaith siad leath an ama taobh amuigh le ’Go Beyond Adventure’ ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí éagsúla. Bhí béim curtha ar obair ghrúpa agus comhoibriú. Bhí an-spraoi acu agus thaitin sé go mór leo.

Turas: Chuaigh na daltaí chuig Bealach Chonglais agus bhí an-chraic acu! Ghlac siad páirt i dtreodóireacht, boghdóireacht, ailleadóireacht, gníomhaíochtaí foirne agus rudaí eile freisin.

Aoichainteoir: Tháinig aoichainteoir ó ‘Wicklow Volunteer Centre’ isteach agus labhair sí leis an idirbhliain maidir leis an obair dheonach.

Aoichainteoir: Bhí ionadaí ón gClár Fiontraíochta isteach an tseachtain seo caite chun dhá cheardlann a reachtáil don idirbhliain. Tá na daltaí ag fiosrú smaointí dá mionchomhlachtaí feinig faoi láthair agus beidh an t-ionadaí ag cuidiú leo ina leith. Ceardlann dírithe ar 'Ghiniúint Smaointe' a bhí ann - agus táimid ag súil go mór leis na torthaí.

Aoichainteoir ó ‘Aware’: Tháinig aoicainteoir ó ‘Aware’ isteach agus thosaigh na daltaí ceardlanna. Léanfaidh siad ar aghaidh le haghaidh tréimhse agus beidh béim curtha ar scileanna saol, conas déileáil leis na rudaí deacra a tharlaíonn sa saol. Leanfaidh an ceardlann ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain.

Gaisce: Bhí siad ag obair go dian chun na hiarratais a chur isteach don Ghaisce, ba é De hAoine seo caite an spriocdháta. Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil siad ag iarraidh a bheith páirteach i go leor réimsí éagsúla ionas gur féidir leo scileanna nua a fhorbairt.

Díolachán Cístí: D’eagraigh grúpa amháin díolachán cístí ar son ‘Talk to Tom. Bhailigh siad thar €200. Maith sibh!

Rothaíocht go dtí an trá:Rinne siad babhta deas rothaíochta go dtí an trá agus bhailigh siad an bruscar a bhí ansin. Bhí sé iontach go raibh ár ndaltaí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar son na timpeallachta.

Turas Tireolaíochta: D’eagraigh Oide Aaron turas do rang Cléire an tseachtain seo, bhí cúpla tasc le déanamh acu a bhí ceangailte leis an rang tireolaíochta. Bhain siad sult as.

An Spórt:

Peil: Thosaigh lucht na chéad bhliana ag traenáil (CLG) leis an GDO áitiúil. siad go léir go baint sult as.

Cluiche Peile - Comórtas Laighean Shinsear V Creagh: Níor éirigh leo, ach tá cumas iontach acu mar pheileadóirí & beidh lá eile acu. Beidh na cailíní agus Oide Laura gnóthach le haghaidh cúpla seachtain le cluichí éagsúla.

Bliots Peile - Cailíní Bl.2: Ghlac na cailíní páirt i mbliots peile an tseachtain seo. Bhí béim curtha ar pheil a imirt. Bhí an-spraoi acu agus bhí Oide Avril an-sásta leo ar fad.

Traenáil Peile - Cailíní faoi 19: Thosaigh na cailíní ag traenáil le hOide Aoife an tseachtain seo, beidh a gcomórtas sacair ag tosú go luath.

Iománaíocht - Sóisear: Lean na buachaillí ar aghaidh ag traenáil le Príomhoide Tony, beidh a gcluichí ag tosú i gceann cúpla seachtain.

Bliots Rugbaí: Bhí bliots rugbaí ag cailíní (Bl.1) - rugbaí tadhaill a bhí ann. Bhí lá iontach acu agus bhí Oide Dearan an-sásta leo.

Rugbaí: Lean na buachaillí (Bl.2 agus Bl.3) ag traenáil le Barney an tseachtain seo.

Na Meáin Shóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram (Gaelcholáiste na Mara)chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
29-Samh-2022 08:40
02/12/2022 15:00:00
Measúnaithe na Nollag -Bliain 1/2/5
Measúnaithe na Nollag -Bliain 1/2/5

05-Noll-2022 08:40
05/12/2022 15:45:00
Lá saoire
Lá saoire

06-Noll-2022 18:00
06/12/2022 20:00:00
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 6-Ar líne
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 6-Ar líne

Nuacht is Déanaí
28-Samh-2022
Beidh Margadh na Nollag ar siúl sa scoil ar an Déardaoin an 8/12. A Christmas Market will take place in the school on December 8th from 16.00-18.00.
28-Samh-2022
Eolas anseo faoin bplean le haghaidh na cruinnithe i mbliana. Information here regarding the plan for PT meetings this year.
22-Samh-2022
Eolas anseo faoi na measúnaithe atá ar siúl le haghaidh Bliain 1/2/5 an tseachtain seo chugainn. Information here regarding the upcoming Christmas assessments for Bliain 1/2/5.
27-D.Fómh-2022
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, ócáidí, ginearálta agus spórt.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2022 Gaelcholáiste na Mara