Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí na Nollag 2021
‘Téann an saol thart mar a bheadh eiteoga air,
agus cuireann gach aon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.’
Ginearálta:
Bailiúchán Bia: Bhí Comhairle na nDaltaí ag spreagadh an scoil ar fad chun bia thógáil isteach ar son ‘Friends of the Community’. Chríochnaigh an bailiúchán ar an Aoine. Tá an Comhairle an-sásta leis an tacaíocht go léir a bhfuair siad. Go raibh míle maith agaibh!
Gaeilge 24 na Nollag: Bhí lá den scoth againn ar an Aoine. Is feachtas é atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a spreagadh timpeall na tíre. Bhí gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl. Ba é an sprioc a bhí ann ná scoláirí a spreagadh chun Gaeilge a labhairt ar feadh 24 uair le tuismitheoirí, seanthuismitheoirí, cairde, daoine sa siopa, an tiománaí bus, agus duine ar bith eile! Bhí cluichí agus gníomhaíochtaí spraoíúla ar siúl le linn an lae ar fad. Bhí sé deas go raibh nasc le ‘Gaeilge 24’ agus an Nollaig. Ba mhór an spórt é!
Scrúduithe na Nollag: Rinne daltaí ó Bl.1, Bl.2 & Bl.5 scrúduithe sa chéad seachtain de mhí na Nollag. D’oibrigh siad go léir go maith. Maith sibh!
Coiste Glas: Tháinig an Coiste Glas le chéile arís le hOide Aaron. Tá siad ag cur plean i bhfeidhm chun ár dtimpeallacht scoile a fheabhsú.
Ceardlann CAO: Bhí ceardlann CAO ag an séú bliain, tá siad go léir ag smaoineamh faoin todhchaí agus ag pleanáil mar is ceart.
Cainteoir: Tháinig cainteoir isteach ó DCU chun cúrsaí coláiste a phlé leis an séú bliain, tá siad go léir ag smaoineamh faoin todhchaí agus is maith an rud é go bhfaigheann siad an deis chun buaileadh le hionadaithe ó na coláistí éagsúla.
An Spórt
Craobh Peile: Bhí craobh ag na cailíní sinsearacha ar an Máirt, bhí an cluiche i gcoinne Coláiste Ráithín. Bhí bua den scoth ag na cailíní sinsearacha ina gcluiche ceannais. Bhí an toradh idir dhá cheann na meá go dtí na soicindí deireanacha, ach a bhuíochas le ceannaireacht, díograis, fuinneamh agus spioraid thar na bearta, d'éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar deireadh. Léiríodh mórán scil, cumais agus paisin le linn an chluiche ar fad – le caighdeán ard imeartha ón dá fhoireann a bhí páirteach. Is seaimpíní an Chontae iad anois! Comhghairdeas ó chroí leis na cailíní go léir ar an bpainéal, mar aon lena mbainisteoir - Oide Laura.
Peil: Tá na daltaí ag leanúint ar aghaidh ag traenáil (CLG) leis an GDO áitiúil. Bíonn an-spraoi acu! Tá na buachaillí agus cailíní ag traenáil peile le hOide Risteard faoi láthair. Téann grúpaí éagsúla amach leis gach seachtain. Tá na cailíní sinsearacha ag traenáil peile le hOide Laura.
Camógaíocht: Lean na cailíní ar aghaidh ag traenáil le hOidí Doireann agus Avril.
Sacar: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 19 i gcoinne St. Killian’s sa tsraith. Bhí cluiche den scoth acu agus d’éirigh leo le scór 6-4. Maith sibh go léir! Bhí cluiche eile acu i gcoinne Grennan College ó Chill Chainnigh. Bhí bua den scoth acu. Bhuaigh siad tar éis cic pionóis a thógáil. Is léir go bhfuil siad ag obair go dian le hOide Risteard. Comhghairdeas libh go léir. Bhí cluiche eile acu i gcoinne St. David’s, bhuaigh siad agus le scór 5-3. Bhí seachtain an-rathúil ag na buachaillí agus Oide Risteard.
Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 15 i gcoinne St. Killian’s, Bré. Bhí cluiche den scoth acu agus d’éirigh leo le scór 6-2. Maith sibh go léir! Bhí cluiche sacair eile ag na buachaillí faoi 15 i gcoinne Creagh. Ar an drochuair níor éirigh leo, ach bhí Oide Martin an-sásta leis an taispeántas. Cinnte go mbeidh lá eile acu mar tá siad ag traenáil go dian le hOide Martin.
Bhí cluiche sacair den scoth ag na buachaillí faoi 17 i gcoinne Bré agus d’éirigh leo le scór 6-2. Maith sibh go léir! Bhí Oide Gearoid an-sásta leis an taispeántas.
Cispheil: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 19 i gcoinne Pobalscoil Ghuaire. Bhí cluiche eile acu i gcoinne Creagh. Níor éirigh leo ach beidh lá eile acu. Ba léir go bhfuil an fhoireann ag teacht le chéile.
Haca: Bhí cluiche haca ag na cailíní i gcoinne Dominican College. Áfach, níor éirigh leo ach bhí Oide Rebecca an-sásta leis an taispeántas. Beidh todhchaí an-gheal acu!
An Idirbhliain:
Damhsa ar an Sean-nós: Bhí an-spraoi ag na daltaí le hOide Helen ag damhsa ar an Sean-nós.
Ceardlann Drummaí:Bhí ceardlann drummaí acu. Bhí an-spraoi acu agus bhí iarnóin callánacha againn sa scoil!
Ceardlanna Nollag: Bhí lá mór cuideachta ag an ngrúpa le hOidí Róisín, Rebecca agus Emma. Chuir na múinteoirí ceardlann éagsúla ar fáil dóibh. Bhí an-chraic acu, lá iontach a bhí ann!
Plandáil Lus an Chromchinn: Chuaigh siad chuig Ballyraine agus rinne siad a lán oibre ag plandáil lus na cromchinn.
Cainteoir: Tháinig cainteoir ó Sunbeam House isteach chun labhairt leis an IB maidir leis an obair go léir a dhéanann siad. Beidh tionscnamh le déanamh i ndiaidh na Nollag.
Margadh na Nollag: Bhí Margadh na Nollag againn taobh amuigh. Bhí na táirgí go léir cruthaithe ag daltaí na scoile. Rinne na daltaí ón IB an-obair le cabhair ó Oide Tiarnán. Bhí tráthnóna álainn ag gach duine.
Cúrsa Cóitseála: Chuir na daltaí críoch don chúrsa cóitseála. Bhí orthu scrúdú a dhéanamh chun na teastais a fháil.
Tionscnamh Eorpach: Chuir siad go léir chríoch don tionsceamh Eorpach ar an Luan deireanach le ceiliúradh.
Taithí Oibre: Chaith siad seachtain amach ar thaithí oibre. Is iontach an rud é go bhfaigheann ár gcuid daltaí blaiseadh don saol tar éis na scoile toisc go dtugann sé deis dóibh tosú ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar na bealaí gairme a d'fhéadfadh a bheith ann.
Dátaí Tábhachtach:
Dé Céadaoin 23ú Nollaig Dé Déardaoin - 6ú hEanáir Dé Céadaoin - Saoire na Nollag
Dé Déardaoin 6ú hEanáir – Scoil oscailte arís.
Focal scoir:
Ba mhaith linn Nollaig shona sláintiúil a ghuí ar gach éinne. Bíodh Nollaig suaimneach agaibh go léir agus guímid gach rath agus séan oraibh san athbhliain ó fhoireann GCM!! 🎄🎅
Na Meáin Sóisialta:
Lean muid ar:
- Twitter (@nuachtGCM)
- Facebook (Gaelcholáiste na Mara)
- Instagram (Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.