Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Feabhra 2022

16-Feabhra-22
Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Feabhra 2022

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Feabhra 2022

‘Is ait an mac an saol.’

Ginearálta:

Bréagscrúduithe: Rinne an séú bliain agus an tríú bliain na bréagscrúdaithe an mhí seo. Rinne siad iarracht mhór chun an tseachtain a úsáid chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna scrúdaithe. Cinnte go raibh a mbriseadh tuillte acu.

Turas go Strasbourg: Chuaigh roinnt ón séú bhliain go Strasbourg le hOidí Tiarnán agus Eibhlín. Chríochnaigh siad na bréagscrúduithe ar an Mháirt agus d’imigh siad go luath ar an gCéadaoin. Chaith siad trí oíche ansin agus cinnte go raibh an-spraoi acu. Táimid ag tnúth le scéalta a chloisteáil tar éis an tsosa!

Bl.5 ‘Swiss Roll Off’: Bhí craic sa seomra Eacnamaíocht Bhaile le déanaí. Ghlac na daltaí páirt sa chomórtas an ‘Swiss Roll Off’. Bhí dúshlán ag Oide Doireann chun an buaiteoir a phiocadh. Rinne gach duine sár-iarracht agus bhí an-spórt acu. Comhghairdeas le Cian, Ella agus Gráinne.

Coiste Glas: Tháinig an Coiste Glas le chéile arís le hOide Aaron.

An Spórt:

Peil: Bhí bua iontach ag na cailíní soisearacha i gcoinne Loreto Bray. Tháinig an fhoireann le chéile ag an deireadh. Ba í Sadhbh Ní A (Bl.1) imreoir an chluiche. Bhí an scór deiridh 4-08 go 3-10. Bhí siad ar fad ar fheabhas agus léirigh sibh croí agus diongbháilteacht. Bhí Oide Laura bródúil astu ar fad.

Lean na foirne go léir ar aghaidh ag traenáil. Bíonn an-spraoi acu agus is léir go bhfuil na foirne ag teacht le chéile.

Sacar:

Buachaillí faoi 17: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 17 in aghaidh Creagh. Faraor, níor éirigh leo. Mí-ádh buachaillí. D’oibrigh na buachaillí go dian agus léirigh siad go leor poitéinseal. Leanfaidh siad leis an traenáil le tacaíocht ó Oide Gearóid.

Buachaillí faoi 17: Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 17 i gcoinne Maigh Arnaí. Ar an drochuair, níor éirigh leo. Mí-ádh buachaillí. D’oibrigh na buachaillí go dian. Beidh lá eile agaibh.

Cailíní faoi 15: Bhí cluiche ag na cailíní faoi 15 in aghaidh Choláiste Chraobh Abhann. Faraor, níor éirigh leo. Mí-ádh cailíní. D’oibrigh na cailíní go dian agus léirigh siad go leor poitéinseal. Leanfaidh siad leis an traenáil le tacaíocht ó Oide Rebecca.

Traenáil Iománaíochta: Lean na daltaí ar aghaidh ag traenáil an tseachtain seo le Príomhoide Tony.

Camógaíocht: Lean na cailíní ar aghaidh ag traenáil le hOidí Doireann agus Avril.

Cluiche Cispheile - Buachaillí Bl.2: Bhí cluiche ag na buachaillí (Bl.2) i gcoinne an CBS.

Rugbaí: Bhí bliots rugbaí ag na buachaillí sóisearacha -Bl.2. Bhí lá maith acu agus is léir go bhfuil siad ag obair go dian. Bhí Oide Dearan an-sásta le forbairt na foirne.

An Idirbhliain:

Taithí Oibre: Bhí daltaí na hIdirbhliana ar a dtaithí oibre roimh an sos lár téarma. Ba dheis iontach é seo dóibh toisc go bhfuair siad an deis taithí a fháil ar an saol oibre agus bhí siad in ann smaoineamh faoina gairmeacha beatha amach anseo.

Cúrsa Cumarsáide Ghael Linn: Chaith roinnt daltaí an tseachtain ag déanamh cúrsa cumarsáide le Gael Linn. Is cúrsa é seo chun deis a thabhairt do dhaltaí na hIdirbhliana bunscileanna sna meáin chumarsáide a fhorbairt. Rinne siad a lán oibre agus bhain siad go léir sult as. Cinnte go féidir leo na scileanna a úsáid sa todhchaí.

Béal Feirste: Chuaigh daltaí na hidirbhliana go Béal Feirste ar feadh dhá oíche le hOidí Aaron, Aoife agus Dónal. Bhí an-spraoi acu. Tá sé iontach go bhfuair siad an deis taiteal arís tar éis dhá bhliain chrua.

Comórtas Físeáin: Ghlac daltaí na hidirbhliana páirt i gcomórtas físeáin, in éineacht le hOide Tiarnán. Bhí orthu físeán a chruthú bunaithe ar an téarma seo: Ná scrios ár dtodhchaí - an idirghaol idir ár dtimpeallacht, ár sochaí agus ár ngeilleagar. Tá samplaí ar na meáin shóisialta.

Comórtas FIFA: D’eagraigh grúpa beag comórtas FIFA chun airgid a bhailiú ar son daoine gan dídean. Bhailigh an IB €330 ar son daoine gan dídean. Maith sibh!

Ceardlann BOI: Bhí ceardlann ag an Idirbhliain le duine ó Bhanc na hÉireann mar chuid den rang gnó bunaithe ar thuiscint airgeadais. Beidh an cheardlann sin ag leanúint ar aghaidh gach seachtain ar feadh sé seachtaine.

Gym: Lean na daltaí ar aghaidh ag traenáil san ionad aclaíochta Stephen Hurley. Beidh siad ag freastail ar an ionad aclaíochta gach seachtain sa rang corpoideachas ar feadh sé seachtaine.

Déantús Bodhráin: Bhí ceardlann bodhrán ag na daltaí go léir le hOidí Roisín agus Gearóid. Léirigh na daltaí go raibh siad an- chuthaitheach. Ba mhór an spórt é!

Na Meáin Sóisialta:

Lean muid ar:

  • Twitter (@nuachtGCM)
  • Facebook (Gaelcholáiste na Mara)
  • Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Dátaí Tábhachtach:

  • An 10 Márta - Lá SSN: Scoil dúnta
  • An 17 Márta & an 18 Márta - Scoil dúnta

Imeachtaí is déanaí
30-Bealt-2022 08:40
03/06/2022 15:45:00
Measúnaithe an tSamhraidh Bliain 1/2/5
Measúnaithe an tSamhraidh Bliain 1/2/5

03-Meith-2022 12:00
26/08/2022 15:45:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

08-Meith-2022 08:50
22/06/2022 15:45:00
Ardteist/Teastas Sóisearach
Ardteist/Teastas Sóisearach

Nuacht is Déanaí
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2022 Gaelcholáiste na Mara