Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Eanáir 2022

An nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara Ginearálta An Spórt An Idirbhliain
25-Eanáir-22
Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Eanáir 2022

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Eanáir 2022

‘Tír gan teanga, tír gan anam.’

Ginearálta:

Cainteoir: Tháinig cainteoir isteach ó UCD chun cúrsaí coláiste a phlé leis an séú bliain, tá siad go léir ag smaoineamh faoin todhchaí agus is maith an rud é go bhfaigheann siad an deis chun buaileadh le hionadaithe ó na coláistí éagsúla.

Comhairle na nDaltaí: Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís go hOide Laura. Phléigh siad tionscadail atá le teacht.

Díospóireacht Gaeilge – Craobh Réigiúnach/ Leath Chraobh na hÉireann: Níor éirigh le Rónán, Alex agus Jeremy sa chraobh réigiúnach le déanaí ach bhíomar an-bhródúil astu. Sárthaispeántas a bhí ann! Bhí sé soiléir gur chuir siad go leor oibre agus iarrachtaí isteach ag ullmhú le hOide Eibhlín. Cinnte, beidh lá eile ag na bPaorach.

Coiste Glas: Tháinig an Coiste Glas le chéile arís le hOide Aaron. Tá siad ag cur plean i bhfeidhm chun ár dtimpeallacht scoile a fheabhsú.

An Spórt:

Peil: Tá na buachaillí ag traenáil peile le hOide Risteard faoi láthair. Téann grúpaí éagsúla amach leis gach seachtain. Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 16 i gcoinne Choláiste Ráithín, bhí cluiche iontach acu agus bhuaigh siad. Maith sibh! Bhí Oide Risteard an-sásta leis an taispeántas. Tá an fhoireann ag cur go leor oibre isteach agus léirigh sé sin go soiléir le linn an chluiche. Cluiche - Buachaillí Bl.2 & Bl. 1: Bhí cluiche ag na buachaillí Bl.1 agus Bl.2 i gcoinne Selskar College. Bhí an cluiche ar siúl i Loch Garman. Bhí cluiche den scoth acu. Bhí Oide Tiarnán an-sásta leo ar fad. Maith sibh! Coinnigh suas an obair iontach.

Thosaigh na cailíní soisearacha ag traenáil peile le hOidí Aoife agus Laura. Tá siad go léir ag obair go dian agus beidh an chéad chluiche acu Dé Mháirt seo chugainn. Go n-éirí leo.

Cluiche leathcheannais Laighean: Bhí cluiche leathcheannais Laighin ag na buachaillí faoi 19 i gcoinne Choláiste Chillian. Ar an drochuair níor éirigh leo ach beidh lá eile acu.

Cailíní faoi 19: Bhí na cailíní faoi 19 amach ag traenáil le hOide Aoife i ndiaidh na Nollag. Bhí cluiche acu i gcoinne Dominican. Bhí cluiche iontach acu! Bhuaigh siad le scór 3-0. Maith sibh!

Cailíní faoi 19: . Bhí cluiche acu i gcoinne Woodbrook. Bhuaigh siad le scór 7-2. Maith sibh! Bhí Oide Aoife an-bhródúil as na cailíní. Sa seachtain chéanna bhuaigh siad le scór 7-3 i gcoinne Choláiste Shruthlán na Coille . Maith sibh!

Buachaillí faoi 17:Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 17 in aghaidh Charn an Bhua. Faraor, níor éirigh leo. Mí-ádh buachaillí.

Buachaillí faoi 15: Bhí cluiche ag na buachaiilí faoi 15 i gcoinne Bhaile Haicéid. Bhí cluiche den scoth acu. D’éirigh leo le scór 7-1. Bhí Oide Martin an-sásta leo ar fad. Maith sibh! Bhí cluiche eile ag na buachaiilí faoi 15 i gcoinne Choláiste Abbain agus d'éirigh leo an lámh in uachtar a fháil anseo chomh maith. Bhí an scór deiridh 6-2. Bhí Oide Martin an-sásta leo. Bullaí fir!

Cailíní faoi 15: Bhí cluiche ag na cailíní i mBré agus is cluiche an chóngarach a bhí ann, fuair Sadhbh (bliain1) dhá chúl agus Izzie cúl amháin. Bhí Oide Rebecca an-sásta leis an taispeántas

Cluiche - Buachaillí Bl.1: Bhí cluiche ag na buachaillí (Bl.1) in Uibh Fhailí. Bhí turas fada acu ar an lá. Faraor, níor éirigh leo. Mí-ádh, a bhuachaillí, d’imir siad go maith agus bhí Oide Dónal sásta leis an taispeántas. Bhí cluiche eile i Loch Garman. Ar an drochuair níor éirigh leo. Mí-ádh, a bhuachaillí, d’imir sibh go maith. Bhí siad ag cailliúnt ag leath ama 0-4. Le misneach agus teacht aniar tháinig siad ar ais agus scóráil siad 4 chúil as a chéile. Áfach, fuair an freasúra cúl eile ag deireadh an chluiche. D’oibrigh na buachaillí go dian agus léirigh siad croí agus crógacht. Is léir go bhfuil siad ag teacht le chéile mar fhoireann.

Lean na foirne go léir ar aghaidh ag traenáil. Bíonn an-spraoi acu agus is léir go bhfuil na foirne ag teacht le chéile.

Traenáil Iománaíochta: Lean na daltaí ar aghaidh ag traenáil an tseachtain seo le Príomhoide Tony.

Camógaíocht:Lean na cailíní ar aghaidh ag traenáil le hOidí Doireann agus Avril. Bhí cluiche ag an na cailíní faoi 16 i gcoinne Choláiste Phobail Abhann Dála. Faraor, níor éirigh leo. Mí-ádh, a chailíní, d’imir sibh go maith.

Rugbaí: Bhí bliots rugbaí ag na cailíní sinsearacha - teagmháil iomlán do chailíní sinsearacha. Bhí lá maith acu agus is léir go bhfuil siad ag obair go dian.Tá sé iontach go bhfuil siad ar ais ag imirt le hOide Dearan.

Tras Tíre Oirthear Laighean:
Bhí lá den scoth ag lúthchleasaithe GCM i bPáirc an Fhionnuisce ag an gcomórtas Oirthear Laighean. Ghlac idir scoláirí shóisearacha agus shinsearacha páirt sna rásaí tras tíre, d'éirigh thar barr leo ar fad! Comhghairdeas le Matthew agus Alaoise ó bhliain a haon, a rachaidh ar aghaidh chuig an gcraobh Laighean ar an 16ú lá de mhí Feabhra.

An Idirbhliain:

Tús gnóthach don athbhliain nua ag an idirbhliain!

Comórtas FIFA:D’eagraigh grúpa beag comórtas FIFA chun airgead a bhailiú ar son daoine gan dídean.

Ceardlann Bodhrán: Bhíceardlann bodhrán ag nadaltaí go léir le hOide Gearóid. Léirighnadaltaí go raibhsiad an- chuthaitheach. Ba mhór an spórt é!

Ceardlann Concern: Bhí ceardlann ag an Idirbhliain leis an eagraíocht neamhrialtasach Concern ar an topaic ‘coimhlint’ mar chuid den mhodúil Tíreolaíochta.

Ceardlann BOI: Bhí ceardlann ag an Idirbhliain le duine ó Bhanc na hÉireann mar chuid den rang gnó ar thuiscint airgeadais. Beidh an cheardlann sin ag leanúint ar aghaidh gach seachtain ar feadh sé seachtaine.

School of Improv: Bhí ceardlann acu le School of Improv le déanaí. Bhí an-spraoi acu ag déanamh geansceitsí.

Gym: Thosaigh an Idirbhliain in ionad aclaíochta Stephen Hurley. Beidh siad ag freastal ar an ionad aclaíochta gach seachtain sa rang corpoideachas ar feadh sé seachtaine.

Na Meáin Sóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
30-Bealt-2022 08:40
03/06/2022 15:45:00
Measúnaithe an tSamhraidh Bliain 1/2/5
Measúnaithe an tSamhraidh Bliain 1/2/5

03-Meith-2022 12:00
26/08/2022 15:45:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

08-Meith-2022 08:50
22/06/2022 15:45:00
Ardteist/Teastas Sóisearach
Ardteist/Teastas Sóisearach

Nuacht is Déanaí
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2022 Gaelcholáiste na Mara