Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Deireadh Fómhair 2021
An rud is annamh, is iontach!
Seachtain Meabharshláinte
D’eagraigh Oide Rebekah Seachtain Mheabharshláinte. Seachtain iontach a bhí ann agus bh.i sé an-fiúntach. Bhí imeachtaí éagsúla ar siúl i rith na seachtaine. Eagraíodh cainteoir ó 'Talk to Tom' don séú bliain. Caint thar a bheith tairbheach a bhí ann agus is cinnte go bhfuair ár ndaltaí go leor uaidh. Bhí comórtas grianghrafadóireachta againn. Bhí orthu grianghraf a glacadh leis an téama ‘SOLAS’ agus tá Oide Rebecca Ní Chea. chun an buaiteoir a roghnú. Bhí ceardlann ealaíne agus ceardlann cheardaíochta le hOidí Roisín agus Rebecca Ní. Chon. Bhí sé go hiontach ár ndaltaí a fheiceáil ag glacadh páirte.
An Spórt:
Peil:
Tá na daltaí bl.1 ag leanúint ar aghaidh ag traenáil (CLG) leis an GDO áitiúil. Tá siad go léir go baint sult as.Tá na buachaillí ag traenáil peile le hOide Risteard faoi láthair. Téann grúpaí éagsúla amach leis gach seachtain. Tá na cailíní sinsearacha ag traenáil peile le hOide Laura mar tá siad ag fáil réidh don bhliotschomórtas i mí na Samhna. Freisin, tá na buachaillí (Bl.2) ag traenáil peile le hOide Tiarnán faoi láthair. D’eagraigh an IB agus Oide Risteard blitzchomórtas don chéad bhliain. Bhí maidin den scoth acu!
Comhghairdeas le Sadhbh agus Aoibhinn ón gcéad bhliain a bhuaigh Craobh an Chontae lena gclub áitiúil le déanaí. 5-4 aimsithe idir an bheirt acu le linn an chluiche. Gaisce den scoth. Maith sibh! Beimid ag súil go mór le tuilleadh gaiscí uaibh ag imirt ar son na scoile sna blianta atá le teacht.
Traenáil Iománaíochta:
Lean na daltaí ar aghaidh ag traenáil an tseachtain seo le Príomhoide Tony.
Camógaíocht:
Lean na cailíní ar aghaidh ag traenáil le hOidí Doireann agus Avril.
Cispheil:
Tá roinnt daltaí ar ais ag traenáil cispheile.
Comórtas Lúthchleasaíochta:
Ar an Déardaoin seo caite bhí comórtas lúthchleasaíochta ag na daltaí. Bhí rás sealaíochta tras tíre acu. Bhí triúr ar gach foireann agus bhí orthu rith 1,500m (3 x 500m). Chuaigh Oide Dónal agus Maria leo agus bhí lá an-rathúil acu sna Clocha Liatha.
Rugbaí:
Bhí bliots rugbaí ag cailíní bliain a 1 agus cailíní sinsearacha - rugbaí tadhaill don chéad bhliain agus teagmháil iomlán do chailíní sinsearacha. Tá sé iontach go bhfuil siad ar ais ag imirt le hOide Dearan. Lean na buachaillí (Bl.1, Bl.2 & Bl. 3) ar aghaidh ag traenáíl.
Haca:
Thosaigh an fhoireann haca ag traenáil le déanaí le hOidí Aoife agus Rebecca. Bhí Emily Ní Mhairtín ó Bhl.5 tofa mar chaptaen na foirne. Tá cailíní ó bhl. 4, 5 agus 6 mar chuid den fhoireann
Sacar:
Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 19 i gcoinne Inis Córthaidh agus bhuaigh siad. Bhí an scór 7-2. Cluiche iontach a bhí ann. Bhí cluiche cairdiúil ag na cailíní faoi 19 i gcoinne naomh Muire. Thosaigh na buachaillí faoi 15 ag traenáil le hOide Martin. Tá na cailíní ar ais ag traenáil le hOide Aoife. Beidh an comórtas ag tosú go luath.
Ginearálta:
Díospóireachtaí Gaeilge:
Bhí díospóireacht ag an bhfoireann shóisearach- Jeremy Andrusiuk, Rónán ó hIcí agus Alex Muntean agus ag an bhfoireann shinsearach –Conall ó Maonlaoí, Andrea ní Fhearghaíl agus Chris Ó Briain i gCeatharlach i gcoinne gaelcholáistí eile. D'éirigh leis an dá fhoireann dul tríd go dtí an chéad bhabhta eile. Maith sibh!
Ceardlann Staidéir:
Bhí ceardlann staidéir agus folláine ag an séú bliain le deanaí, bhí sé an- úsáideach agus cabhrach. Gan dabht beidh siad in ann na scileanna a chur i bhfeidhm.
Coiste Glas:
Bhuail an Coiste Glas le chéile arís i mbliana. Beidh Oide Aaron ag obair lenar ndaltaí ar son na timpeallachta, tá siad chun plean a chur i bhfeidhm chun ár dtimpeallacht scoile a fheabhsú.
Bob nó Bia:
D’eagraigh Oidí Emma agus Roisín ‘Bob nó Bia’ ar son Ospidéal na Leanaí ar an lá deireanach roimh ár sos lár téarma. €333 báilithe ar son Ospidéal na Leanaí! 👏🎃
Comhairle na nDaltaí:
Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile aris. Phléigh siad tionscadail atá le teacht.
Príomhcheannairí na scoile:
Comhghairdeas le Grace Ní Fhorlainge agus Ryan Ó Broin, is iad na Príomhcheannairí na Scoile 2021/2022. Guímid gach rath orthu!
MRB:
Tá na daltaí sa tríú bliain an-ghnóthach faoi láthair ag críochnú na MRBanna.
Snámh:
Bhauigh Hazel Bentley an comórtas snámha ‘Dún Laoghire Harbour Race’ le déanaí. Ba í an bhean ba ghasta a bhí ann.Éacht mhór déanta aici. Anois, tá sí ar an ngearrliosta do shnámhmhóir mná Sóisearach na bliana ILDSA 2021. Maith thú Hazel!
Scríbhneoireacht Chruthaitheach (Fighting Words):
Rinne na daltaí ó Rang Árann (Bl.1) ceardlann maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach. Bhain siad go léir an-sult as agus gan dabht beidh siad in ann na scileanna a chur i bhfeidhm.
Eacnamaíocht Bhaile:
Tá an-áthas ar ár ndaltaí eacnamaíocht bhaile a bheith ar ais ag bácáil le hOide Doireann. Is iad Sarah, Liam, Joe, Dylan, Kate agus Joe na cócairí na seachtaine.
An Idirbhliain:
Codladh Lasmuigh:
Ar an 15 Deireadh Fómhair ghlac an Idirbhliain GCM agus roinnt múinteoirí páirteach i gcodladh lasmuigh chun airgid a bhailiú ar son daoine dan dídean in Éirinn. Bhailigh siad €3656 ar son Focus Ireland. 👏
Bliotschomórtas:
D’éagraigh an grúpa go léir agus Oide Risteard bliotschomórtas don chéad bhliain. Bhí maidin den scoth acu!
Aware:
Bhí an rang deireanach acu ar an Luan. Ceardlann iontach a bhí ann! Bhain siad go léir an-sult as agus gan dabht beidh siad in ann na scileanna a chur i bhfeidhm sa saol. Bhí béim curtha ar scileanna saol, conas déileáil leis na rudaí deacra a tharlaíonn sa saol.
Tionscnamh Eorpach:
Bhí críoch curtha leis an tionscadal Eorpach an Déardaoin seo caite.
Ceardlann Snoídoireacht Puimcín:
D’eagraigh Oide Emma ceardlann snoídoireacht pumcín. Bhí an-spraoi ag na daltaí.
Ceardlann Gallunaí:
D’eagraigh Oide Aoife ceardlann gallunaí don IB. Bhí an-spraoi ag na daltaí agus bhain siad go léir sult as.
Turas:
Chuaigh siad chuig ‘Go Quest’ i mBaile Átha Claith le hOidí Aaron agus Laura. Bhí lá den scoth acu!
Cúrsa Cóitseála:
Tá siad an-ghnóthach le cúrsaí faoi láthair agus tá siad go léir ag baint taitnimh as an gcúrsa seo mar beidh siad in ann páistí a thraenáil nuair a chríochnaíonn siad. Is rud an fiúntach é dóibh.
Díolachán Cístí:
D’eagraigh grúpa ón IB díolachán císte chun airgid a bhailiú ar son ‘Focus Ireland’. Bhailigh siad €216 agus ar an 15 Deireadh Fómhair beidh siad ag coladh lasmuigh chun níos mó airgid a bhailiú. Cabhraigh linn chun cabhrú leo trí thabhartas a thabhairt go ‘Focus Ireland’. Tá an nasc ar Twitter agus ar Instagram.
Na Meáin Shóisialta:
Lean muid ar:
Twitter (@nuachtGCM)
Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Smaoineamh Deireanach:
Bíodh sos deas agaibh!