Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara - Méan Fómhair 2021

‘Tús maith leath na hoibre!’ An nuacht is deanaí ó GCM
25-Meán Fómhair-21
Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara - Méan Fómhair 2021

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara - Méan Fómhair 2021

‘Tús maith leath na hoibre!’

Bhí mí an-ghnóthach againn i nGaelcholáiste na Mara le linn ranganna agus rudaí sa bhreis. Seo na rudaí agus gníomhaíochtaí a bhí ar siúl:

Ginearálta:

Chuireamar fáilte roimh bhliain a haon. Tá trí rang nua againn, Árann, Oírr agus Seirce. Guímid gach rath orthu!

Táimid go léir ar ais i ranganna agus ag obair go dian tar éis an tSamhraidh.

Thosaigh na buachaillí ó bhliain a haon ag traenáil (CLG) leis an GDO áitiúil.

Fuair na daltaí a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana a dtorthaí. Guímid gach rath orthu leis an gcéad chéim eile.

Comhgháirdeachas le Hazel Bentley Bl.5 a tháinig sa chéad áit i gcomórtas idirnáisiúnta FINA 10km snámh uisce oscailte san Ostair. Rinne sí éacht ag cíochnú in am iontach de 2 uair 29 nóiméad. Tá bród mór orainn!

Tá na daltaí sa tríú bliain an ghóthach faoi láthair mar tá siad ag críochnú na MRBanna. Chríochnaigh siad roinnt i mbliana dó, mar sin níl ach cúpla le críochnú.

Bhuail Chomhairle na nDaltaí le chéile aris. Tá daltaí ó bheagnach gach rang ar an gComhairle, beidh siad ag obair go dian ar son na scoláirí.

D'imir Kian Ó Duígeannáin (Bl.3) ar son na tíre leis an bhfoireann faoi 15. D'imir sé dhá chluiche i gcoinne Montainéagró. Maith thú Kian! Tá bród mór orainn!

Scríbhneoireacht Chruthaitheach(Fighting Words): Rinne na daltaí ó Rang Seirce (Bl.1) ceardlann maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach. Bhain siad go léir an- sult as agus gan dabht beidh siad in ann na scileanna a chur i bhfeidhm.

Thosaigh na daltaí ar ais ag traenáil iománaíochta le Príomhoide Tony. Tá sé iontach iad a fheiceáil ag traenáil le chéile!

An Idirbhliain:

Mar is gnáth bhí an Idirbhliain an ghnóthach i ranganna, taobh amuigh do ranganna agus ag glacadh páirte i gceardlanna éagsúla. Seo na rudaí a bhí ar siúl acu:

Tháinig aoicainteoir ó ‘Wicklow Volunteer Centre’ isteach agus labhair sí leis an idirbhliain maidir leis an obair dheonach.

Chuaigh na daltaí chuig Bealach Chonglais agus bhí an-chraic acu! Ghlac siad páirt i dtreodóireacht, boghdóireacht, ailleadóireacht, gníomhaíochtaí mearthaith foirne agus rudaí eile fresin.

Tháinig aoi chainteoir isteach agus labhair sé faoin tionscnamh Eorpach. Beidh na daltaí á tosú go luath agus beidh an bhéim ar ‘Mise agus an Eoraip’. Beidh na daltaí ag déanamh taighde faoin nasc lena ndaltaí agus an Eoraip. Beidh siad ag cur irisleabhair le chéile ag an deireadh.

Thosaigh an Club Iriseoireachta ar ais i mbliana. Tá daltaí ón IB chun an ról seo a dhéanamh agus beidh siad ag scríobh alt éagsúla do shuíomh gréasáin na scoile.

Cuireadh tús leis an rang drámaíochta, le roinnt mhaith ón IB a glacadh páirte.

Tá siad ag cur tús leis an dtionscadal atá ceangailte leis an mionchomhlacht. Tá mí acu chun smaoineamh agus pleanáil ar cad a dhéanfaidh siad Beidh orthu cur i láthair a dhéanamh i gceann míosa. Beidh sé cosúil le ‘Dragons Den’.

Thosaigh siad cúrsa cóitséala le Paul Sheridan (FAI). Cúrsa ocht seachtaine a bheidh i gceist. Tá siad ag foghlaim conas daltaí a chóitséal.

Scríbhneoireacht Chruthaitheach (Fighting Words): Rinne na daltaí ceardlann maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach. Bhain siad go léir an sult as agus gan dabhtbeidh siad in ann na scileanna a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.

Rothaíocht: Rinne siad babhta deas rothaíochta go dtí an trá agus bhailigh siad an bruscar a bhí ansin. Bhí sé iontach go raibh ár ndaltaí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar son na timpeallachta.

Siúlóid: D’eagraigh Oide Aaron siúlóid daoibh. Chuaigh siad chuig Conar Chruachán Uí Chinnseallach.

Gaisce: Tá siad ag obair go dian chun na hiarratais a chur isteach don Ghaisce. Is iontach na rud é a fheiceál go bhfuil siad ag iarraidh a bheith páirteach i go leor réimsí éagsúla ionas gur féidir leo scileanna nua a fhorbairt.

Aware: Thosaigh siad ceardlann le Aware. Bhí béim curtha ar scileanna saol, conas déileáil leis na rudaí deacra a tharlaíonn sa saol. Leanfaidh an ceardlann ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain.

Na Meáin Sóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil. 

Imeachtaí is déanaí
25-D.Fómh-2021 08:50
29/10/2021 15:45:00
Sos lár téarma
Sos lár téarma

16-Samh-2021 16:15
16/11/2021 19:15:00
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 3
Cruinniú scoláirí/tuistí/múinteoirí Bliain 3

06-Noll-2021 08:50
06/12/2021 15:45:00
Lá saoire
Lá saoire

Nuacht is Déanaí
18-D.Fómh-2021
‘Is maith an scáthán súil charad.’
07-D.Fómh-2021
Alt 1: Siúlóid na hIdirbhliana
30-M.Fómh-2021
Próiseas Iontrála 22/23-Information here about our admissions process for the the school year 22/23.
16-M.Fómh-2021
Alt 1: Na Rialacha Neamhscríofa don Chéad Bhliain Alt 2: Cad atá ag dul ar aghaidh san Idirbhliain faoi láthair ?
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2021 Gaelcholáiste na Mara