Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Aibreán 2022

29-Aibreán-22
Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Aibreán 2022

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Aibreán 2022

‘Maireann croí éadroim i bhfad.’

Lá Buí & Gorm:

D'eagraigh Comhairle na nDaltaí agus Oide Laura Lá Buí agus Gorm chun airgead a bhailiú ar son na hÚcráine. Tar éis go leor pleanála chuir siad ócáid tiomsaithe airgid iontach le chéile. Spreagadh daltaí chun éadaí gorm nó buí a chaitheamh, bhí díolachán cístí againn agus bhain gach duine taitneamh as na hearraí bácáilte. Chun an lá a chríochnú bhí crannchur ag an gComhairle. Bhailíomar níos mó ná €1000. Go raibh maith agaibh go léir as an dtacaíocht!

Ginearálta:

Turas Ealaíne: Bhí turas iontach daltaí na cúigiú bliana le déanaí. Chuaigh siad go dtí Teach Bhaile an Chaisleáin agus an Gailearaí Náisiúnta le hOide Roisín. Lá saibhir cultúrtha a bhí ann agus bhain siad an-taitneamh as.

Coicís Staidéir: Bhí coicís staidéir againn i nGCM ón Luan seo 25ú Aibreán ar aghaidh chun tacú le gach scoláire agus iad ag obair i dtreo deireadh na bliana.

Scrúduithe Praiticiúla Eacnamaíocht Bhaile: Chríochnaigh an tríú bliain a gcuid scrúduithe praiticiúla an tseachtain seo caite. D’oibrigh siad go maith agus chruthaigh siad béilí blasta don scrúdaitheoir.

Turas Tíreolaíochta: Chuaigh daltaí tíreolaíochta na cúigiú bliana go Gleann Dá Loch chun tús a chur lena dtionscadal don ardteistiméireacht. Bhí lá iontach acu agus d’oibrigh siad go maith ar a gcuid tascanna

An tSraith Shóisearach:Tá na daltaí sa dara bliain an-ghóthach faoi láthair mar tá siad ag obair ar a gcuid MRBanna. Beidh siad ag obair ar thascanna éagsúla go dtí deireadh na bliana le tacaíocht a múinteoirí.

Canadh sa Seomra Ceoil: Bíonn canadh sa seomra ceoil gach seachtain le hOidí Helen agus Bernie. Bíonn an-spraoi ag na daltaí.

Snámh: Chríochnaigh daltaí na chéad bhliana a modúl snámha sa chorpoideachas.

An Spórt:

CLG:

Leath Craobh - Cailíní Soisearacha: D’imir cailíní sóisir a gcluiche leathcheannais an tseachtain seo caite. Ar an drochuair níor bhuaigh siad. Bhí a gcuid iomaitheoirí ró-láidir ar an lá. D'oibrigh siad go maith ar feadh na bliana agus anois tá a séasúr críochnaithe. Maith sibh uile a bhí páirteach

Buachaillí Bl.1: D'imir buachaillí na chéad bhliana cluiche i gcoinne Abbey CC – Cill Chainnigh. Tar éis ciceanna pionóis d’éirigh leo an cluiche a bhuacaint. Bhí Oide Martin an-sásta lena sárthaispeántas.

Bliots Peile na nGaelcholáistí: Ghlac ár gcailíní sinsearacha páirt i mbliots do Ghaelcholáistí an tseachtain seo caite. Thaistil siad go Ceatharlach le hOide Laura agus bhí lá iontach acu. Chuaigh siad ar aghaidh go dtí an chraobh ach ar an drochuair níor éirigh leo. Tá na cailíní sinsearacha críochnaithe anois ag imirt peile leis an scoil don bhliain, bhí bliain an-rathúil acu agus tá Oide Laura thar a bheith bródúil astu.

Cluiche Sóisearacha - Cailíní: Bhí cluiche peile ag na cailíní sóisearacha i gcoinne Naomh Mhuire. Cluiche thar a bheith deacair a bhí ann agus níor éirigh leo. Rinne siad a lán traenála le hOide Laura i mbliana agus tá siad tríd go dtí an leath craobh. Guímid gach rath orthu.

Sacar:

Buachaillí Bl.1: Thaistil buachaillí na chéad bhliana go dtí na Clocha Liatha an tseachtain seo caite chun cluiche a imirt i gcoinne Templecarrig. Ar an drochuair níor éirigh leo. Leanfaidh Oide Donal ag obair leis an bhfoireann mar ullmhúchán do chluichí amach anseo.

Cluiche Rugbaí Soisearacha: Bhí cluiche ag na buachaillí soisearacha an tseachtain seo caite i gcoinne Choláiste Creagh. Faraor, níor éirigh leo. Leanfaidh Oide Dearan ag obair leis an foireann.

Rugbaí: Bhí traenáil rugbaí ag cailíní na chéad agus na dara bliana an tseachtain seo chaite. Tá siad ag obair go maith ar a scileanna rugbaí agus ag cleachtadh do chluichí atá le teacht.

Lúthchleasaíocht: Bhí lá iontach ag Alaoise & Emma (Bl.1) an tseachtain seo caite. Ghlac siad páirt sa chomórtas lúthchleasaíochta, ‘Wicklow Track & Field Champsionship’. Tháinig Alaoise sa 3ú háit agus tháinig Emma sa 6ú háit. Ba mhór an t-éacht é gan aon amhras!

Cispheil: Téann na daltaí ag traenáil cispheile gach Céadaoin. Tá siad go léir ag baint sult as.

An Idirbhliain:

Ceardlann MABS: Bhí ceardlann iontach ag daltaí na hIdirbhliana Dé Luain seo caite eagraithe ag Oide Tiarnan. Ba é an príomhfhócas ná i ndáil le hairgead taisce agus buiséadú. Mhothaigh na scoláirí go raibh sé thar a bheith tairbheach agus go gcabhróidh sé leo amach anseo.

Taithí Oibre: Chaith siad seachtain amach ar thaithí oibre. Is iontach an rud é go bhfaigheann ár gcuid daltaí blaiseadh don saol tar éis na scoile toisc go dtugann sé deis dóibh tosú ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar na bealaí gairme a d'fhéadfadh a bheith ann.

Na Meáin Sóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
03-Meith-2022 12:00
26/08/2022 15:45:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

29-Lún-2022 08:50
29/08/2022 15:45:00
Ionduchtú Bliain 1
Ionduchtú Bliain 1

30-Lún-2022 08:50
30/08/2022 15:45:00
Ionduchtú Bliain 2
Ionduchtú Bliain 2

Nuacht is Déanaí
13-Meith-2022
Tuairiscí agus féilire 22/23- Information here regarding the Summer reports and the calendar for the next school year 22/23.
03-Meith-2022
Busanna - Ardteist agus Teastas Sóisearach 2022
30-Bealt-2022
Eolas anseo faoi na scrúduithe atá ar siúl an tseachtain seo.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2022 Gaelcholáiste na Mara