Beidh ceathrar ó Bl5 agus Oide Aaron ag taisteal go dtí Calcúta san India i rith na Cásca agus iad tar éis €10,000 a bhailiú don Hope Foundation.
Le bliain anuas tá Shauna, Abbie, Cameron agus Kym ó Bl5 ag bailiú airgid ar son an Hope Foundation, carthanas a chabhraíonn le páistí i gCalcúta san India. Bíonn an Hope Foundation ag obair le páistí gan dídean sna bailte botháin chun foscadh, cosaint, bia, sláinte agus oideachas a chur ar fáil dóibh.
I rith na bliana bhí roinnt ócáidí eagraithe ag na daltaí chun airgead a bhailiú, ina measc bhí tráth na gceist i dtithe tábhairne i gCill Mhantáin, san Inbhear Mór agus Guaire, bailiúcháin airgid in ionaid siopadóireacha, ar shráideanna agus ag geata an tséipéil, dhíol siad na céadta barraí seacláide, agus d’eagraigh siad ócáidí ina bpobail féin. Fuair siad tacaíocht láidir ó ghnólachtaí san Inbhear Mór, Cill Mhantáin agus Guaire i bhfoirm síntúis agus duaiseanna i gcomhar raifil.
Maraon leis an €10,000 a bhailigh siad mar tabhartas don charthanas, bailigh siad costaisí taistil de €1,000 an duine chun páirt a ghlacadh san Hope Foundation Immersion Programme. Glacann na céadta daoine óga páirt sa tumchláir seo gach bliain. Mar chuid den tumchláir caitheann na daltaí seachtain i gCalcúta ag tabhairt cuairt ar na páistí sna dílleachtlanna agus na hospidéil atá á reachtáil ag an Hope Foundation. Beidh na daltaí ag foghlaim faoi na dushláin atá roimh daoine bochta i gCalcúta trí chuairt a thabhairt ar shlumaí agus carn fuílligh (dump) na cathrach, áit a bhfuil daoine ina chónaí. Beidh na daltaí ag fáil blaiseadh den chultúr freisin trí chuairt a thabhairt ar áiteanna cáiliúla i gCalcúta, an bia blasta, agus ócáidí cultúrtha atá eagraithe dóibh.
Comhghairdeachas do Cameron, Kym, Abbie agus Shauna a ghlac leis an dúshlán seo bliain ó shin agus a d’oibrigh go díograsach ag bailiú airgid i rith na bliana. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt dá thuismitheoirí freisin don ról a bhí acu ag tabhairt cabhair agus tacaíocht dóibh.
Míle buíochas do ghach duine a thug tacaíocht dúinn le bliain anuas!
