'Siúlóid na hIdirbhliana'
Iriseoir Scoile: Sarah Nic Giolla Phádraig
Ar an 21ú lá de mhí Mheán Fómhair , shiúl mé féin agus na daltaí eile thuas Conair Chruachán Uí Chinnsealach in éineacht le hOide Aaron agus Oide Laura.
D’fhagamar an scoil thart ar 10:30 ar maidin agus fuaireamar bus go bun an chnoic. Nuair a thosaíomar amach, bhí gach rud síos le fána agus bhí spraoi ann idir gach duine. Ansin, d’eirigh sé níos deacra. Ó shin bhí an siúlóid in aghaidh an chnoic. Tháinig athrú ar fána na siúlóide ach níor athraigh sin an teas. Lá iontach a bhí i gceist agus bhí sé thart ar 17 céim! I ndiadh uair a chloig shroicheamar an barr agus bhí radharc áille le feiceáil agus tháinig athrú mór ar an teocht agus an ghaoth. Tar éis cúpla nóiméad de sos agus pictiúrí thosaíomar ag siúl síos an cnoc. Níor thóg sin ach 40 nóiméad orainn agus bhíomar ar ais ar an mbus.
Lá den scoth a bhí ann agus bhí gach duine bródúil astu féin agus as an tsiúlóid a chríochnú!
'Athrú Coras Ní Athrú Aeráide'
Iriseoir Scoile: Hannah de Siúnta
Iriseoir Scoile: Eilis Ní Mhuirí
Iriseoir Scoile: Molly Nic Giolla Riabhaigh
Fáilte ar ais! Ar an 24ú Meán Fómhair thóg roinnt cailíní ón idirbhliain an traein chuig Baile Átha Cliath chun freastal ar stailc aeráide. Chaitheamar ár gcuid ama ar an traein ag déanamh póstaeir don stailc. Cheapamar go ndearnamar sár jab agus bhí teachtaireachtaí láidir orthu. Bhí an stailc ar siúl lasmuigh de Phríomhoifig an Rialtais.
Bhí an stailc eagraithe ag an eagraíocht ‘Fridays Ar Future’, thosaigh Greta Thunberg an feachtas seo. Bhí an stailc seo ar son gníomhú ar son na haeráide. Bhí trí phríomh aidhmeanna ag an stailc; todhchaí gan breoslaí iontaise agus acmhainní neamh in-athnuaite, cathair mBÁC a dhéanamh níos praiticiúla, lán le boscaí bruscar agus córas iompar poiblíocht níos fearr agus sochaí chothrom. D'fhreastail muid ar an stailc chun feasacht a ardú faoin ábhar seo. Is ábhar an-tábhachtach é mar ag deireadh an lae is ár dtodhchaí atá i mbaol.
Thosaigh an stailc ag a haon a chlog, ar dtús d’fhéach sé saghas marbh mar ní raibh mórán daoine ann ach tar éis cúpla nóiméad tháinig siad i slua mór. Atmaisféar dochreidte a bhí ann, bhí slua lán le daoine le póstaeir ildaite, ach bhí ár gceann an ceann is fearr. D’éirigh an slua an glórmhar. Mar thoradh ar sin tháinig go leor ceamaraí agus tuairisceoirí chun pictiúir a ghlacadh agus agallamh a dhéanamh. Le linn an stailc bhí go leor cainteoirí ón eagraíocht ag scaipeadh a dtuairimí agus ag déanamh óráidí iontacha.
Nuair a bhíomar ag siúl ar ais go dtí an stáisiún traenach stop fear ó RTE Raidió na Gaeltachta muidne agus d'fhiafraigh sé dínn an raibh aon Ghaeilge againn chun agallamh a dhéanamh faoin stailc. Bhí sé íorónta gur iarr sé orainn - mic léinn ó Ghaelcholáiste na Mara! Rinne Naomi agus Eilis agallamh dó, agus bhí siad ar an radió an tráthnóna sin! B’eispéireas iontach é!
Ar an iomlán, lá iontach a bhí ann (mall mar gheall ar Molly🙈 ) ach iontach ag an am céanna . Molann díobh ar fad chun dul amach agus sheas suas do bhur gcreidimh!
'Céard é Gaisce?'
Iriseoir Scoile: Andrea Ní F.
Dia Daoibh a chairde,
Tá an chuid is mó den idirbhliain tar éis clárú don Ghaisce, san alt seo beidh mé ag scríobh faoi: Céard é Gaisce? Cad a dhéanann tú? An bhfuil aon bhuntáistí bainteach leis?
Céard é Gaisce?
Séard is gaisce ann ná Gradam an Uachtaráin. Tá an duais scaoilte ina trí chuid, cré-umha, airgead agus ór. Is clár féin forbartha é Gaisce do dhaoine faoi 26, cabhraíonn sé le muinín agus folláine tríd a bheith pháirtíocht i ndúshláin phearsanta, fhisiciúla, phobail agus foirne.
Cad a dhéanann tú?
Tosnaíonn daoine ar an duais cré-umha, tá ort trí sheachtain déag a caitheamh ar trí roinn éagsúla, scil nua a fhoghlaim, roinn fisiciúla, agus roinn ag cabhrú amach i do phobal. Caithfidh tú ar a laghad uair amháin a chaitheamh ar gach roinn gach seachtain ar feadh trí sheachtain déag agus ansin caithfidh tú ceann amháin a dhéanamh i gcomhair trí sheachtain déag eile. Nuair atá seo críochnaithe agat caitheamh tú turas a eagrú.
Turas thar oíche a bhíonn i gceist (de ghnáth ag campáil) ar a laghad dhá lá agus oíche amháin a bhíonn i gceist ina chaithfidh tú siúil 25km ar a laghad, rothaíocht 100km ar a laghad nó curachóireacht 20km ar a laghad.
Ina dhiaidh seo faigheann tú bonn agus tá tú in ann bogadh ar aghaidh go dtí an duais Airgead, ina dhiaidh sin an ceann ór. Tá na duaiseanna airgead agus ór níos faide agus níos deacra ná an ceann cré-umha ach má bhaineann tú an ceann ór amach tugann an Uachtarán an bonn oir duit.
An bhfuil aon bhuntáiste bainteach le Gaisce a dhéanamh?
Cabhraíonn gaisce le fás pearsanta - tugann rannpháirtíocht sa duais Gaisce deis do dhaoine óga rudaí nua a fhoghlaim agus níos mó taithí a fháil, agus smaointeoireacht dhearfach a fheabhsú i measc daoine óga trí níos mó muiníne agus féinmheasa a thabhairt dóibh tríd an dúshlán a bhaint amach.
Tá go leor buntáistí bainteach le gaisce a dhéanamh agus is féidir é a chuir ar do ‘CV’
Le gach rud san áireamh, is gradam iontach é gaisce do duine ar bith. Tá an Gaisce deacair gan dabht ach tá go leor daoine ansin chun cabhrú leat hun é a bhaint amach agus is fiú an dúshlán le na buntáistí! 'Imíonn an tuirse ach fanann an tairbhe'.