Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Tionscnamh Trasteorann

Ghlac daltaí ón Idirbhliain & Bl5 páirt i dTionscnamh Trasteorann leis an Aire Joe McHugh. TY and 5th Year students participated in a Crossborder Initiative in the Department of Education.
24-Deireadh Fómhair-19
Tionscnamh Trasteorann

Ghlac daltaí ón Idirbhliain agus Bliain 5 páirt i dtionscnamh trasteorann le trí scoil eile ar an 23ú Deireadh Fómhair 2019. Bhuail daltaí Ghaelcholáiste na Mara le daltaí ó St. Marys College, Gaillimh, St. Dominic's Grammar School, Béal Feirste, agus Portadown College, Co. Ard Mhacha ag an Roinn Oideachais ar Sráid Mhaoilbhríde. Bhí an ócáid eagraithe ag an Glencree Centre for Peace and Reconciliation, atá lonnaithe i gCill Mhantáin, agus Politics in Action atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann.

Phlé na daltaí na tuairimí a bhí acu maidir leis an ngéarchéim aeráide agus phlé siad a dtuairimí leis an Aire Oideachais Joe McHugh T.D. a bhí i láthair. Labhair daltaí Ghaelcholáiste na Mara, Connor Mac Cárthaigh agus Amy Ní Bhriain le paisean faoin ábhar seo, ag léiriú frustrachas ar easpa gníomhú aeráide ar thaobh an rialtas de, agus beart agus gníomh gur féidir leis an rialtas a dhíriú ar chun iarmhairtí cliseadh aeráide a laghdú.

Chuir na daltaí ó scoileanna éagsúla aithne ar a chéile agus iad ag plé an t-ábhar tábhachtach seo.

San iarnóin thug na daltaí cuairt ar Reilig Ghlas Naíon chun tuiscint a fháil ar stair na hÉireann tríd na daoine iomráiteacha atá curtha ann.

Tá na daltaí ag tnúth go mór leis an dara thuras sa tionscnamh trasteorann seo. Beidh na daltaí óna scoileanna ar fad a bhí páirteach ag bualadh arís i mBéal Feirste ar an 8ú Samhain, chun cuairt a thabhairt ar Stormont agus an Músaem Oráiste. Beidh siad ag bualadh le polaiteoirí ón DUP agus Sinn Féin agus ag plé gníomhú aeráide leo.

Imeachtaí is déanaí
30-Bealt-2025 12:00
25/08/2025 15:45:00
Saoire an tSamhraidh
Saoire an tSamhraidh

26-Lún-2025 08:40
26/08/2025 12:55:00
Ionduchtú Bliain 1
Ionduchtú Bliain 1

26-Lún-2025 13:00
26/08/2025 14:30:00
Ionduchtú Bliain 6
Ionduchtú Bliain 6

Nuacht is Déanaí
10-Meith-2025
Eolas anseo mar gheall ar deireadh na bliana seo agus tús na bliana seo chugainn.
28-Bealt-2025
Sonraí anseo mar gheall ar sceideal na mbusanna le haghaidh na scrúduithe stáit.
23-Bealt-2025
Star Wars, Sing Street, Derry Girls
20-Bealt-2025
Eolas anseo faoi na scrúduithe atá ag teacht le haghaidh Bliain 1, Bliain 2 agus Bliain 5.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2025 Gaelcholáiste na Mara