Nuachtlitir Míosúil - Nollag 2020 - Gaelcholáiste na Mara
‘Téann an saolthart mar a bheadheiteoga air,
agus cuireann gachaon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.’
An Idirbhliain:
Bhí tús éagsúla ag an Idirbhliain mar chaith siad seachtain amach ag táithí oibre. Is cinnte gur thaitin sé leo. Sin na rudaí a bhí ar siúl acu:
- Táithí Oibre: Chuaigh roinnt daltaí amach ar thaithí oibre sa chéad seachtain i mí na Nollag. Nil aon amhras gur thaitin sé leo agus tá siad ag tnúth leis an tseachtain eile níos deanaí sa scoilbhliain.
- Chríochnaigh an grúpa ón rang YSI agus Oide Laura an bailiúcháin bia ar son ‘Meals on Wheels’. Rinne siad an-obair agus thug siad 55 pacáistí do dhaoine sa phobal atá ar lagchuidiú.
- Sheol na daltaí litreacha chuig ár gcairde i ‘Asgard Lodge Nursing Home’ an mhí seo caite agus fuair siad teachtaireacht galánta astu. ‘Níl aon strainséirí sa saol, ach cairde nár bhuailmuid le go fóill!’
- Thosaigh an club iriseoireachta agus beidh daltaí ón Idirbhilian ag scríobh airteagail agus ag glacadh griangraif i gcomhair an suiomh scoile. Beidh siad ag bualadh le hOide Laura uair amháin in aghaidh na míosa chun gach rud a phlé.
- Tá siad ag déanamh cóitséal CLG le hOide Risteard. Is rud leanúnach é mar tá sé ceangailte leis an gcúrsa ceannairí don todhchaí. Tháinig iar-scoiláirí, Pádraig Ó Cathain agus Andy Ó Meacair, isteach chun bualadh leo thar an treimhse freisin. Labhair siad faoi a saol scoile agus CLG ina saoil féin. Bhí sé iontach go raibh siad in ann bualadh linn agus taispéaineann sé seo go bhfuil nasc againn lenár n-iar-dhaltaí.
- Rinne siad fleasc Nollag roimh an mbriseadh le hOide Emma. Bhí siad an-deas agus cruthaitheach.
- Bhí turas iontach acu ar an Déardaoin deireanach. Chuaigh siad ag sciáil le hOide Aaron. An- craic a bhí ann!!
- Chuaigh siad chuig an npictiúrlann leis an gcuigiú bliain ar an Luan deireanach. D’eagraigh Oidí Aaron agus Rebekah an turas. Bhain siad go léir taitneamh as.
- Bhailigh grúpa €105 ar son ‘Loaves and Fishes – Bringing Christmas 2020 Home’.
- Rinne grúpa ón IB maisiúcháin Nollag. D’eagraigh siad lá don scoil chun cuimhniú a dhéanamh ar dhaoine speisialta nó daoine a chailleamar. Thug siad bauble beag do gach duine sa scoil agus scríobh gach duine ainm duine speisialta ar an mbauble. Chroc gach duine a cheann suas ar an gcrann.
Ócáidí:
- D’eagraigh Oide Rebekah ‘Féilire Adbhinte’ do na múinteoirí agus do na scoláirí. An-spraoi a bhí ann agus mhúscail sé spiorad na Nollag ionann uilig!
- An Margadh Nollag – ar an Deardaoin deireanach bhí Margadh Nollag againn taobh amuigh. Bhí na táirgí go léir cruthaithe ag daltaí na scoile. Rinne na daltaí ón IB an-obair le cabhair ó Oide Tiarnán.
Ginearálta:
Le linn mí na Nollag roinnt rudaí eile ar súil. Sin na rudaí a bhí ar súil againn:
- Rinne daltaí ón gcéad bhliain, an dara bhliain agus an cúigiú bliain scrúduithe na Nollag thar an céad seachtain. Rinne siad an- obair thar an seachtain agus beidh an sos tuilte acu ag am Nollag.
- Bhí triailscrúdu Ealáine ag blain a sé le linn na míosa. Bhí sé iontach go bhfuair siad an-seans chun an scrúdu a chleachtadh.
- Peil Ghaelach - Bhí grupaí difriúla ag traenáil na seachtainí deireanacha agus tá siúl againn go mbeidh siad in ann leanúint tríd an ngeimhreadh. Rinne na meantóirí spoirt agus Oide Risteard an-obair leo. Go laethúil, cloisimid go bhfuil siad go léir ag baint sult as!
- Scríobh ár ndaltaí cártaí Nollag agus sheol siad iad go dtí na tithe altranais áitiúla. Spreag Oide Rebekah na daltaí go léir chun cárta a scríobh agus é a sholadh.
Na Meáin Shóisialta:
- Lean muidne ar Twitter (@nuachtGCM) agus ar Instagram (Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is deanaí a fháil.
Rialacha Covid:
Tá freagracht pearsanta ag cách chun na rialacha Covid a leanúint. Déan cinnte go bhfuil tú ag leanúint na treoracha. Seo iad:
- An chóras aontreo á leanúint mar is ghnáth
- Masc á caitheamh i gceart
- Scaradh soisialta
- Do lamh a nígh
DátaíT ábhachtach:
- Dé Céadaoin 23ú Nollaig - Dé Céadaoin 6ú Eanáir - Saoire na Nollag
- Dé Céadaoin 6ú Eanáir – Scoil oscailte arís.
Smaointe Deireanach:
Bíodh Nollaig shuaimneach agaibh go léir agus guímid gach rath agus séan oraibh san athbhliain ó fhoireann GCM!!