Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí na Nollag 2022 - Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
14-Nollaig-22
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí na Nollag  2022 - Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí na Nollag 2022

‘Téann an saol thart mar a bheadh eiteoga air,

agus cuireann gach aon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.’

Ginearálta:

Comórtas Oilimpiad Mata na hÉireann - Babhta 1 ar siúl sa scoil:

Chuir na múinteoirí mata an Comórtas Oilimpiad Mata na hÉireann ar siúl sa scoil le déanaí. Fuair triúr dalta ar scoil na marcanna is airde sa chéad babhta - Shanna-Rose Ní Chárthaigh, John Ní Eachtighearna, agus Sammy Ó Dúill (3 cheist as 6 i gceart). Ba é an méanmharc in Éireann ná 1.13 ceist i gceart as 6, agus as níos mó ná 2,000 dalta, ní bhfuair ach 16 dalta an 6 cheist iomláin i gceart. Bhí dúshlán mór i gceist leis an gcomórtas seo, mar sin. Ba cheart do na ndaltaí go léir a ghlac páirt a bheith an-bhróduil astu féin! Fuair Sammy, John, agus Shanna-Rose cuireadh speisialta freastal ar ranganna breise mata in UCD, ach má tá suim ag aon dalta eile sa scoil freastal ar na ranganna sin chomh maith, beidh fáilte mór rompu. Tá na ranganna saor in aisce, agus níos mó eolais mar gheall orthu ar fáil ag www.irmo.ie, nó cuir ceist ar Oide Helen.

Turais na Nollaig: Bhí cúpla lá iontach ag ár ndaltaí chun deireadh a chur leis an téarma scoile. D’eagraigh roinnt múinteoirí turais ar son ár ndaltaí. Chuaigh lucht na séú bliana síos go Loch Garman, chuaigh siad ag scátáil oighir agus bhí an-spraoi acu. Chomh maith le sin, chuaigh an grúpa ón gcúigiú bliain go Dún Droma chun dul ag scátáil. Cinnte bhí an-chraic acu! Chuaigh na daltaí sóisearacha go dtí an phictiúrlann ar an dara lá deiridh. Bhain siad taitneamh as agus as an sos ón obair scoile.

Deireadh an Téarma: Bhí lá deiridh iontach againn don téarma scoile. Chaith na scoláirí ar fad an mhaidin lena múinteoirí ranga agus ghlac an scoil ar fad páirt i dtráth na gceist. Bealach iontach a bhí ann chun an téarma a chríochnú le beagán iomaíochta cairdiúil.

Díospóireacht:

Comhghairdeas leis anbhfoireann díospóireachta sóisearach (Donncha, Cillian agus Liam - Bl.3) a bhuaigh a ndíospóireacht tráthnónaMáirt. Freisin, comhghairdeas leis an bhfoireann díospóireachta sinsearach (Andrea Bl.5, Alex agus Rónán IB) a bhuaigh a ndíospóireacht. Bhí soiléir gur chuir siad go leor oibre agus iarrachtaí isteach ag ullmhú le hOide Eibhlín, Oide Tiarnán agus na muinteoirí eile a thacaigh leo. Bhí buanna iontacha acu i gColáiste Íosagáin . Bhí iomaíocht ghéar ann, maith sibh! Téann an dá ghrúpa ar aghaidh go dtí an chraobh réigiúnach anois. Sár-obair do chách a bhí páirteach agus ádh mór oraibh.

Comhairle na nDaltaí:

Bhuail Comhairle na nDaltaí le chéile arís chun machnaimh a dhéanamh ar a gcuid oibre go dtí seo le tacaíocht ó Oide Laura.

Cainteoir:

Thug ionadaí ón gcoláiste ollscoile, Baile Átha Cliath cuairt an tseachtain seo caite. Ba chuairt thairbheach í seo mar thug sé deis do scoláirí na séú bliana smaoineamh ar a dtodhchaí.

Cruinniú Tuistí/ Scoláirí/ Múinteoirí (Bl.6: Bó Finne agus Tiarachta):

D’fhreastail scoláirí na séú bliana agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí ar chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí an tseachtain seo caite. Tráthnóna tairbheach a bhí ann agus chuidigh sé le dul chun cinn ár ndaltaí.

Scrúduithe na Nollag:

Rinne daltaí ón Bl.1, Bl.2 & Bl.5 scrúduithe na Nollag an tseachtain seo caite.. D’oibrigh siad go léir go maith. Maith sibh!

Na meantóirí:

D’eagraigh meantóirí na séú bliana cruinniú neamhfhoirmiúil le scoláirí na dara bliana. Bhí seacláid te agus comhrá iontach acu. Is iontach an rud é go mbíonn ár scoláirí sinsearacha ag idirghníomhú lenár ndaltaí sóisearacha. Cinnte go gcruthaíonn sé atmaisféar álainn sa scoil.

Scléip:

Bhí 14 dalta ó Ghaelcholáiste na Mara, ón gcéad bhliain suas go dtí an séú bhliain, ag cleachtadh go dian ag ullmhú le hOide Helen don chomórtas Scléip a bhí ag tarlúint in Amharclann Clasach, i gCluain Tarbh, ar an gCéadaoin seo caite an 30ú Samhain. Is eard atá i Scléip ná comórtas tallaine spreagúil agus spraoíúil atá oscailte do na hiar-bhunscoileann lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha. Tugtar deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, agus rince a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Ba é seo an chéad bhliain a bhí Scléip ag tarlúint arís tar éis COVID agus táimid an-bhródúil as na daltaí a ghlac páirt. Ba é an réamhbhabhta Laighin a tharla an tseachtain seo caite, agus bhí na daltaí ag glacadh páirte i gcúig rannóg difriúla ann.

Margadh Nollag:

Bhí Margadh na Nollag againn le déanaí.Bhí na táirgí go léir cruthaithe ag daltaí na scoile. Rinne na daltaí ón IB an-obair le cabhair ó Oide Tiarnán. Freisin, d’eagraigh Oide Rebekah cúpla stalla. Bhí mar aidhm éadaí athláimhe agus leabhair a dhíol chun airgid a bhailiú do chlár folláine na scoile. Bhí tráthnóna álainn ag gach duine.

An Idirbhliain:

Dream Space:

D’fhreastail daltaí na hidirbhliana ar cheardlann le ‘Dream Space Microsoft’ i mBaile Átha Cliath le déanaí. Dhírigh sé ar scileanna sóisialta-mhothúchánacha a chruthú mar scileanna sóisialta-mhothúchánach amhail comhbhá, cruthaitheacht, cinnteoireacht eiticiúil agus comhoibriú. Bhí lá iontach acu agus is cinnte gur fhoghlaim siad go leor.

Turas Nollag:

Chuaigh ár ndaltaí ar thuras Nollag le déanaí. D’eagraigh Oide Aaron turas go dtí ‘GO Quest’. Is eachtra dhúshlánach taobh istigh é do dhaltaí. Bhí an-spraoi acu, ba mhór acu gur eagraigh Oide Aaron an la dóibh.

Ceardlann Nollag:

Bhí ceardlanna nollag ag an Idirbhliain an Déardaoin seo caite. D’eagraigh hOidí Róisín agus Emma an lá agus bhain siad go léir sult as.

Taithí Oibre:

Chaith siad seachtain amach ar thaithí oibre. Is iontach an rud é go bhfaigheann ár gcuid daltaí blaiseadh don saol tar éis na scoile. Tugann sé deis dóibh tosú ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar na bealaí gairme a d'fhéadfadh a bheith ann.

An Spórt:

Peil - Bl.1 agus Bl.2:

Bhí cluiche iontach acu an tseachtain seo caite i gcoinne Choláiste Phobail Inis Córthaidh, cluiche an-chóngarach a bhí ann agus d’éirigh go maith leo agus bhí an bua acu, le scór 8-7 go 8-6. Bhaineadar go léir an-taitneamh as an gcluiche agus léiríodh ard-scilleanna agus an-chumas lena linn. Bhí Oide Martin an-sásta leo.

D’éirigh le buachaillí Bl.1 an bua a fháil an tseachtain seo caite tar éis cluiche an-chóngarach i gcoinne Pobalscoil Baile na gCros san Iarmhí. 2-2 an scór a bhí ann ag an bhfeadóg dheiridh, ansin 6-5 a bhí ann sna ciceanna pionóis. Maith sibh ar fad!!! Bhí Oide Dónal an-bhródúil astu!

Peil:

Bhí cluiche iontach ag na buachaillí faoi 16 an tseachtain seo caite i gcoinne Choláiste Phobail Inis Córthaidh, d’éirigh go maith leo agus bhí an bua acu. Bhaineadar go léir an-taitneamh as an gcluiche agus léiríodh ard-scileanna agus an-chumas lena linn. Bhí Oide Tiarnán an-sásta leo.

Bhí cluiche ag na buachaillí sinsearacha an tseachtain seo caite i gcoinne an Ghráinseach, d’éirigh go maith leo agus bhí an bua acu. Bhí Oide Tiarnán an-sásta leo.

Bhí cluiche ag na buachaillí ón gcéad bhliain agus ón dara bliain. Bhí an cluiche i gcoinne Choláiste Sheilscire, bhí lá iontach acu agus bhuaigh siad. Maith sibh, a bhuachaillí! Bhí Oide Martin breá sásta leo.

Iománaíocht:

Bhí bua slachtmhar ag buachaillí faoi 16 GCM i gcoinne Tyndall College - Ceatharlach. Léirigh an fhoireann spiorad, crógacht agus scil chun an toradh a bhaint amach. Bhí an Príomhoide an-sásta leo go léir!

Sacar – faoi 17:

Bhí cluiche ag na buachaillí faoi 17 an tseachtain seo caite i gcoinne Choláiste Ráithín, ar an drochuair níor éirigh leo. Mí-ádh, a bhuachaillí. D’oibrigh siad go maith agus scóráil siad dhá chúl. Bhí Oide Gearóid an-tógtha lena n-iarrachtaí agus anois, beidh sé ag díriú na foire don chéad chluiche eile.

Dátaí Tábhachtach:

22ú Nollaig Déardaoin - 4ú hEanáir Dé Céadaoin - Saoire na Nollag

Déardaoin 5ú hEanáir – Scoil oscailte arís.

Focal scoir:

Ba mhaith linn Nollaig shona sláintiúil a ghuí ar gach éinne. Bíodh Nollaig suaimneach agaibh go léir agus guímid gach rath agus séan oraibh san athbhliain ó fhoireann GCM!! 🎄🎅

Na Meáin Shóisialta:

Lean muid ar:

  • Twitter (@nuachtGCM)
  • Facebook (Gaelcholáiste na Mara)
  • Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
03-Aib-2023 08:40
14/04/2023 15:45:00
Saoire na Cásca
Saoire na Cásca

01-Bealt-2023 08:40
01/05/2023 15:45:00
Lá saoire bainc
Lá saoire bainc

02-Bealt-2023 08:40
02/05/2023 15:45:00
Lá saoire
Lá saoire

Nuacht is Déanaí
25-Feabh-2023
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
31-Ean-2023
Amchlár/Rialacha ar fáil anseo-Timetables/Rules available here.
31-Ean-2023
A chara, Eolas anseo faoin bplean atá againn le haghaidh Craobh na hÉireann sa sacar faoi 19 atá ar siúl Aoine an 10ú Feabhra.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2023 Gaelcholáiste na Mara