Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Aibreáin 2024- Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
29-Aibreán-24
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Aibreáin 2024- Gaelcholáiste na Mara

Nuachtlitir: Aibreán 2024 Gaelcholáiste na Mara

‘Maireann croí éadroim i bhfad.’

Ginearálta:

Ardfheis na n-Óg: D’eitil Rónán, Andrea, Dara agus Alex síos chuig aerfort Ciarraí agus amach leo go Baile an Fheirtearaigh chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí leis na daltaí eile ó na Gaelcholáistí agus na scoileanna óna Gaeltachtaí. Chuaigh Oide Aoife in éineacht leo, bhí cúpla lá iontach acu. Bhuaigh Rónán, Dara, Alex agus Andrea an gradam don léiriú is cruthaithí ann a bhí déanta acu le hOide Eibhlín leo. Gradam eile ag GCM!

School Summit: Bhí lucht na cúigiú bliana i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. D’fhreastail siad ar an gcomhdháil. Bhain siad sult as,

Club Amhránaíochta:Leanann Club Amhránaíochta ar aghaidh le hOide Helen agus tá na daltaí ag baint sult as. Bíonn siad ag tnúth leis gach Máirt.

Bl.5 Ealaín: Rinne Bl. 5 taighde amharcach san Iarsmalann Mhúirí. Déanfaidh siad saothar ealaíne bunaithe ar a sceitsí sa rang.

Malartú Fraincise: Chuaigh roinnt mac léinn ón gcúigiú bliain agus mic léinn na hidirbhliana ar aghaidh go dtí an Fhrainc le hOidí Shane agus Camille. Bhí am iontach acu ag iniúchadh na Fraince agus ag fanacht lena dteaghlaigh ósta. Tháinig mic léinn Francacha go hÉirinn le haghaidh seachtain, bhí turas iontach acu.

Money Smarts: Ghlac roinnt daltaí páirt i gcomórtas ‘Money Smarts’ an mhí seo, faraor níor éirigh leo.

Scrúduithe Praiticiúla Eacnamaíocht Bhaile: Chríochnaigh an tríú bliain a gcuid scrúduithe praiticiúla an tseachtain seo caite. D’oibrigh siad go maith agus chruthaigh siad béilí blasta don scrúdaitheoir.

Turas Tíreolaíochta: Chuaigh daltaí tíreolaíochta na cúigiú bliana go Gleann Dá Loch chun tús a chur lena dtionscadal don ardteistiméireacht. Bhí lá iontach acu agus d’oibrigh siad go maith ar a gcuid tascanna

An tSraith Shóisearach:Tá na daltaí sa dara bliain an-ghóthach faoi láthair mar tá siad ag obair ar a gcuid MRBanna. Beidh siad ag obair ar thascanna éagsúla go dtí deireadh na bliana le tacaíocht a múinteoirí.

Turas Ealaíne - Bl.5 agus Bl.6: Bhí turas iontach ag na ranganna ealaíne sinsir agus Oide Roisín. Chuiagh siad go dtí an Gailearaí Náisiúnta agus an Gailearaí Hugh Lane le siúlóid tríd aitireacht Seoirseach Baile Átha Cliath. Bhain siad sult as. Turas iontach tairbheach a bhí ann.

An Idirbhliain:

Obair Dheonach: Lean an grúpa YSI ar aghaidh lena n-obair dheonach le déanaí.

Gym: Leanann lucht na hidirbhliana ar aghaidh leis an modúl san ionad aclaíochta gach seachtain. Tá sé mar chuid de rang corpoideachais le hOide Dearan.

Sábháilteacht dóiteáin:D’fhreastail mic léinn na hidirbhliana ar cheardlann sábháilteachta dóiteáin an mhí seo. D’fhoghlaim siad go leor agus bhí sé thar a bheith tairbheach.

Cúrsa Cumarsáide Ghael Linn: D’fhreastail roinnt daltaí ar chúrsa eagraithe ag Gael Linn. Bhí sé i mBaile Átha Cliath. Cúrsa den scoth a bhí ann agus bhain siad sult as gan amhras.

An Spórt:

Sacar

Cluiche Ceannais Cailíní: Tháinig na mná fé 19 sa dara háit i gcomórtas an réigiúin inné. Do dheineadar an-chuid oibre le linn na bliana agus tá siad an-bhuíoch as an mbainistíocht agus traenáil a bhfuaireadar ó Jack Ó Diomsaigh (bl.4) agus an spreagadh a bhfuaireadar ó Chiara Ní Chonghaile (bl.6) mar chaptaen.

Buachaillí faoi 15: Bhí cluiche ag na buachaillí le déanaí. Cluiche deacair a bhí ann agus níor éirigh leo faraor. Mí-ádh, beidh lá eile ag an bpaorach!

Lúthchleasaíocht: Bhí lá den scoth ag lúthchleasaithe GCM ar an raon sna Clocha Liatha. D’éirigh go han-mhaith leo! Comhghairdeas libh go léir.
An Tuarisc:

  • Rás 100m: Alexander Mac Cathmhaoil (2ú bliain) - dara háit
  • Rás 300m: Aoife Ní Shúilleabháin (Bl.2) - dara háit, Donncha Ó Raghallaigh - tríú háit.
  • Rás 800: Aoife Ní Shúilleabháin -céad áit, Aoibheann Ní Bhriain (Bl.2) - dara háit, Cian Chatterjee (IB) tríú háit, Layla Dixon – dara háit (f.14)
  • Míle: Alaoise Nic Oireachtaraigh (Bl.3) - céad háit,
    Cillian Ó Súilleabháin (IB), Layla Dixon céad háit (f.14)
  • 4x100m rás sealaíochta: Aoibheann Ní Bhriain, Katie Nuzum, Kate Nic Oireachtaraigh agus Layla Dixon - tríú háit.
    Comhgháirdeas libh go léir a bhí páirteach.

Lúthchleasaíocht: Bhí na lúthchleasaithe GCM an-ghóthach an téarma seo agus bhí siad san iomaíocht i gcomórtas eile. D’éirigh go han-mhaith leo! Comhghairdeas libh go léir.
An Tuarisc:

  • Rás 800: Aoife Ní Shúilleabháin - céad áit. Cian Chatterjee - tríú háit.
  • Rás 400: Donncha Ó Raghallaigh – dara háit.

Beidh an tríúr san iomaíocht anois i gcomórtas Laighean.

CGL

Cluiche Peile - Cailíní Sóisearacha: Bhí cluiche ag na cailíní i gcoinne Naomh Mhuire. Cluiche den scoth a bhí ann agus d’éirigh leo an bua a fháil. Bua cuimsitheach sa deireadh. D’imir siad go hiontach ar an lá. Maith sibh, a chailíní!!

Cluiche Camógaíochta: Bhí cluiche camógaíochta ag na cailíní le déanaí, bhí sé i gcoinne Naomh Mhuire. Cluiche an-deacair a bhí ann, ar an drochuair níor éirigh leo ach beidh lá eile acu. Mí-ádh, a chailíní.

Na Meáin Shóisialta:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Imeachtaí is déanaí
10-D.Fómh-2024 15:50
10/10/2024 18:20:00
Cruinniú Tuistí Bliain 3 Tuscaire&leath Arcáin
Cruinniú Tuistí Bliain 3 Tuscaire&leath Arcáin

24-D.Fómh-2024 08:50
24/10/2024 15:45:00
Oíche Oscailte 2024
Oíche Oscailte 2024

28-D.Fómh-2024 08:50
01/11/2024 15:45:00
Sos lár téarma
Sos lár téarma

Nuacht is Déanaí
01-D.Fómh-2024
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
17-Meith-2024
Eolas anseo faoi dheireadh na bliana seo agus tús na bliana seo chugainn. Information here relating to the end of this year and the start of next year.
04-Meith-2024
Sonraí faoin mbus le haghaidh na scrúduithe stát.
31-Bealt-2024
An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Gaelcholáiste na Mara