Gaelcholáiste na Mara
Enrol for Gaelcholáiste na Mara

Malartú Fraincise 2017

I mbliana thaisteal grúpa ó Bl3 go dtí an Fhrainc mar chuid de malartú Fraincise.
19-Meitheamh-17
Malartú Fraincise 2017

Ó mhí na Samhna bhí Oide Deirdre ag eagrú turas go dtí an Fhrainc leis an triú bliain. Cuairt chuig Páras agus malartú leis an scoil i Châteaudun a bhí ann. Ar an Déardaoin 16ú Márta chuaigh 18 daltaí, Oide Deirdre agus Oide Shane chuig Páras go luath ar maidin.

Chuamar díreach go dtí Montmartre, an ceantar gleoite i dtuaisceart Páras. Thugamar cuairt ar “LaBasilqueduSacréCoeur”. Ansin bhí na daltaí in ann taitneamh a bhaint as an ceantar álainn seo agus cúpla “souvenirs” a cheannach. Ansin chuamar síos go dtí Hôtel de Ville agus shiúlamar thar an na droichead ar an abhann "LaSeine" go dtí "Ile de laCité" chun cuairt a thabhairt ar "LaCathédrale de Notre Dame". Bhí na daltaí an tugtha leis an ardeaglais álainn seo agus tar éis an cuairt taobh istigh shiúlamar taobh amuigh chun féachaint ar an ailtireacht iontach taobh amuigh den foirgnimh seo. Lá álainn a bhí ann : bhí an ghrian ag taitneamh agus an teocht 23 céim. Aimsir álainn i gcathair álainn !

IMG_0093 (2).JPG

Ansin thugamar cuairt sa bus ar cúpla príomh suíomhanna turasóireachta eile cosúil de "Le Louvre, le PetitPalais , Le GrandPalais, LesChampsElyséeset L’Arc de Triomphe". Mhínigh Oide Deirdre an stair ag baint le na suíomhanna ar an mbealach. Roimh fágáil slán ar Pháras, chuamar go dtí "Trocadéro chun féachaint ar “LaTourEiffel”. Bhí roinnt grianghraif tógtha ag suíomh seo cinnte!

Ansin, chuamar ar an mbus go dtí Châteaudun chun bualadh suas le na páirtnéirí ón Scoil “CollègeetLycéeÉmileZola”. Chuaigh na daltaí abhaile lena clainne Fraincise. Bhí siad ag fanacht leo ar feadh ceithre oíche chun cleachtadh a gcuid Fraincis, agus chun blaiseadh an cultúr agus ag cócaireacht Fraincise cinnte!

Ar an Aoine, d’fhreastal na daltaí ar scoil lena páirtnéirí agus fuair siad béile trí chúrsa sa cheaintín! San iarnóin, chuamar chun cuairt a thabhairt ar an mbaile. D’eagraigh Oide Deirde cuairt go dtí an Halla an Bhaile, “LaMairie” agus go dtí an “Château”, caisleán ón mheanaois. Fuair na daltaí turas timpeall an áit álainn seo agus thuig siad an chuid Fraincis a bhí á rá ag an treoraí. Bhí na múinteoirí Fraincise an bhródúil astu! Ansin fuaireamar turas timpeall an bhaile agus chonaiceamar séipéil, sráideanna ón mheánaois agus balla cosanta an bhaile. An tábhachtach: chuamar go dtí an “pâtisserie agus bhí na daltaí in ann cleachtadh a gcuid Fraincis ag ordú na cístí milis!

Chaith na daltaí deireadh seachtaine iontach lena gclainn. Chuaigh roinnt dóibh ar thuras iontach chuig Orléans, chuig Chartres chun féachaint ar an ar eaglais cáiliúil ón mheánaois agus chuig Páras arís, áit a rinne cúpla dalta turas ar an “Seine” agus cuairteanna chuig an “Louvre” agus na “Catacombes”. Bhuail dalta amháin leis an “Président de laFrance, FrançoisHollande!”.

Ar an Luain, d’fhágmar slán ag na clann agus ansin ar an mbóthar linn suas go dtí Disneyland Paris. Chuamar istigh san dhá pháirc ansin agus lá spraoiúil a bhí ann. Bhí na daltaí fíor–shásta leis an oideachas, stair agus cultúr a fuair siad ar an turas seo comh maith leis an spraoi agus an cairdeas bainte amach as seo.

Tháinig na daltaí Frainceach chuig Éirinn i Mí Aibreáin agus chaith siad am i nGaelcholáiste na Mara agus thug siad cuairteanna timpeall an ceantair agus go dtí mBaile Átha Cliath. Chaith siad am álainn lena clainne Éireannacha a bhí ag tabhairt aire dóibh. Malartú den scoth a bhí ann. Tá roinnt daltaí ó GCM chun dul ar ais go dtí an Fhrainc an samhradh seo!

Vive l’échange linguistique et culturel et d’amitié entre Arklow et Châteaudun !

IMG_1113.jpg

Imeachtaí is déanaí
24-D.Fómh-2018 09:00
24/10/2018 15:00:00
Futsal Bl1 Cailíní
Futsal Bl1 Cailíní

25-D.Fómh-2018 18:00
25/10/2018 20:30:00
Oíche oscailte
Oíche oscailte

29-D.Fómh-2018 09:00
02/11/2018 15:00:00
Sos lár téarma
Sos lár téarma

Nuacht is Déanaí
12-D.Fómh-2018
Le seachtain sláinte intinne ar siúl bhí seachtain gnóthach again i GCM.
01-D.Fómh-2018
Beidh grúpa ó Ghaelcholáiste na Mara ag taisteal go dtí Kolkata san India leis an Hope Foundation ag deireadh na míosa seo.
26-M.Fómh-2018
Ádh mór Tara agus Josh.
14-M.Fómh-2018
Torthaí an Teastas Shóisearach agus turas chuig Baile Chonglais i measc na buachphointí i seachtain ghnóthach.
Déan teagmháil linn
 
 
 
Teagmháil / Contact
Páirc na bPiarsach,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin
Éire

0402 91764

Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Suíomh na Scoile / Location
© 2018 Gaelcholáiste na Mara